Niamh/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Geallta do Bheirt
[ 283 ]

CAIBIDIOL VIII.

GEALLTA DO ḂEIRT.

An uair úd do riṫ an cailín isteaċ mar a raiḃ Sitric agus Maolmórḋa agus Aṁlaoiḃ agus Gormḟlaiṫ ag caint, agus adúḃairt sí go raiḃ an cuan lán de loingeas, do riṫ, mar a dúḃraḋ, an ceaṫrar amaċ go ḃfeicfidís na loingeas. [ 284 ]Ċonacadar iad aċ ní raiḃ oiread acu ann agus ṁeasadar ba ċeart a ḃeiṫ ann. Ní raiḃ ann aċ loingeas Ṡíguird ó Ínsiḃ Orc. D'aiṫin Sitric iad.

“Is ceart dúinn dul amaċ ċun cainte leis an Iarla,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Is fíor san, a ṁáṫair”, arsa Sitric, “aċ ní mór ḋom níḋ áiriġṫe a ḋ' innsint duit-se ar dtúis.”

“Cad é an níḋ é?” ar sise.

“Níḋ a ḃainfiḋ gáire asat,” ar seisean, agus do stad sé.

“Sgaoil ċúġainn e!” ar sise. “Má ḃainean sé gáire asainn ní miste ḋuit é sgaoileaḋ ċúġainn. Cad é an greim atá agat air?”

“Ġeallas níḋ do'n Iarla so. Ní ṫiocfaḋ sé liom go dtí gur ṫugas an ġeallaṁaint dó.” Do stad sé airís. (Ḃí Maolmórḋa láiṫreaċ).

“Oċón!” ar sise, “is agat atá an greim air. Cad a ġeallais dó?”

D'iompuiġ sé uirṫi agus d' ḟeuċ sé uirṫi.

“Ġeallas tusa ḋó!” ar seisean.

“Is maiṫ a ḋeinis é, “ ar sise, “rud a ġeallaṁaint dó ná raiḃ ar do ċumas a ṫaḃairt dó. Ní dóiċ liom, áṁṫaċ, gur maiṫ a ḋein seisean é agus an ġeallaṁaint sin do ġlacaḋ uait.”

“Do ġlac sé an ġeallaṁaint agus do ṫáinig sé. Mura mbéaḋ gur ṫugas an ġeallaṁaint dó ní ṫiocfaḋ sé. Dar leis, agus dar leó go léir, ní'l bean eile sa doṁan ċóṁ breaġ leat-sa.”

“Agus conus a ḃeiḋ an sgéal agat ar ball má ḋiúltuiġim-se do'n ġeallaṁaint do ċóṁlíonaḋ?”

“Ḃí san sa ṁargaḋ. Ġeallas go ḃfaġaḋ sé ṫu le m' lán toil-se. Ḃí ḟios aige go maiṫ ná féadfaḋ sé ṫu ḋ'ḟáġail i gcoinniḃ do ṫoile féin. Mar a deirir, is ceart dul amaċ agus laḃairt leis, agus fáilte ċur roimis agus [ 285 ]roime n-a ṁuintir, roimis na daoine a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis. Ná leig ort leis, a ṁáṫair, go ḃfuil ḟios agat gur ġeallas dó go ḃfaġaḋ sé ṫu, aċ bí ċóṁ séiṁ ċóṁ cneasda leis agus a ḋ' ḟéadfair a ḃeiṫ. Fear láidir tréan cuṫaiġ iseaḋ é, agus má ġeiḃean sé ṫusa séiṁ gealġáiriteaċ leis is troime-de a ḃeiḋ a ḃuille ar ḟearaiḃ Éirean nuair a ṫiocfaiḋ an caṫ.”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus feiceaḋ sé sinn.”

Do ġluais an ceaṫrar síos ċun an ċalaiṫ. Ag gaḃáil síos an uair sin dóiḃ iseaḋ ċonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor ċuireadar aon tsuim inti. Ċuirfidís suim inti dá mbéaḋ ḟios acu go raiḃ an dá leitir úd istiġ 'n-a brollaċ aici. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu, agus ċomáineadar leó gan aon tsuim a ċur inti.

Ċuadar isteaċ sa ḃád, bád an ríġ. Ḃí fir an ríġ ann i gcóṁnuíġe agus iad ollaṁ ar an mbád do ġleusaḋ, fé ṡeóltaiḃ dá mbéaḋ gaoṫ ann, nó fé ḃataíḃ raṁa dá mba ná béaḋ gaoṫ ann. Bád breaġ mór órnáideaċ ab eaḋ é, agus ḃí gaċ aon ċóir d'á uaisleaċt agus d'á ḋaoire ar bórd air, mar ba ċeart a ḃeiṫ ar báḋ an ríġ. Pé áit 'na ḃfeictí ar an gcuan é do h-aiṫniġtí é mar ġeall ar ġlaine agus ar uaisleaċt a ḋaṫana.

Ḃí gaoṫ ann an lá san agus do cuireaḋ suas na seólta. Do ġluais an bád an cuan amaċ, i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ na loingeas iasaċta. D'aiṫin Sitric long an Iarla. Do tugaḋ aġaiḋ ar an loing sin. Do tagaḋ 'n-a h-aice. Ċóṁ luaṫ agus ḃíodar i n-aice na loinge d'aiṫin an t-Iarla Sitric. Do cuireaḋ an dréimire síos láiṫreaċ idir an long agus an bád agus ċuaiḋ an ceaṫrar ar bórd na loinge. Ċuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an ríġ, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ agus roim Ġormḟlaiṫ. Ní raiḃ aiṫne roimis sin [ 286 ]aige ar Ṁaolmórḋa aċ do cuireaḋ aiṫne acu ar a ċéile. Ḃí sean aiṫne aige ar Aṁlaoiḃ. Ṫéiḋeaḋ Aṁlaoiḃ óṫuaiḋ go minic go h-Ínsiḃ Orc ag breiṫ teaċtaireaċtaí ag triall ar an Iarla ó Ṡitric, agus ag taḃairt eóluis dó ar an gcuma 'n-a mbíoḋ gaċ níḋ ag dul ċun cinn i n-Éirinn. Ḃí Aṁlaoiḃ tar éis a ḋ'innsint do'n Iarla, ar na cuardaiḃ sin, conus mar a ḃí Brian ana aosta agus conus mar a ḃí gnó ar siúḃal a ċuirfeaḋ Brian as an slíġ, díreaċ um an dtaca 'n-a mbéaḋ cóṁaċt Loċlan ollaṁ ar ṫeaċt go h-Éirinn ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ. Ní baoġal, áṁṫaċ, gur ṫug Aṁlaoiḃ aon eólus do'n Iarla ar cia a ḃí ċun an ġnóṫa ḋéanaṁ do Ḃrian nuair a ṫiocfaḋ an t-am. D'á ḃríġ sin ba ḃeag ná gur ḃ' í céad ċeist a ċuir an t-Iarla ċúċa 'ná conus a ḃí Brian.

“Tá sé ċóṁ maiṫ, a ríġ,” arsa Maolmórḋa, “agus is féidir d'ḟear a ḃeiṫ sa n-aois atá aige, aċ ní ḟeadramair cad é an neómat a ġeóḃmís tásg a ḃáis.”

“An aṁlaiḋ atá aon ḃreóiteaċt air, a ríġ?” arsa'n t-Iarla.

“Ní h-aṁlaiḋ, a ríġ,” arsa Maolmórḋa. “Is aṁlaiḋ atá duine curṫa agam-sa ag taḃairt aireaċais dó, duine d'á ṁuintir féin, duine de'n ḃuiḋin a ḃíon 'n-a seasaṁ i n' aice coitċianta, duine d'á ḃuiḋin ċosanta. Curfar sleaġ 'n-a ċroíḋe nuair is lúġa a ḃeiḋ coinne aige leis. Ansan ní ḃeiḋ 'n-a ṁór-ṡluaġ aċ mór-ṡluaġ gan ċeann. Ṫuitfiḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Beiḋ Éire againn féin, agus beiḋ Sitric i n' Árdríġ ar Éirinn.”

D'ḟeuċ an t-Iarla ar Ṡitric, ċóṁ maiṫ le n-a ráḋ, “An é sin a ġeallais-se ḋóṁ-sa?” Do laḃair sé:—

“Do réir mar a ṫuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imṫiġeaḋ aon níḋ ar Ḃrian anois ḃéaḋ Éire ag an Árdrígain, agus ag an ḃfear a ṗósfaḋ í.”

Do ṗreab aigne Ġormḟlaiṫ nuair airiġ sí an focal san. [ 287 ]“Ó,” ar sise, 'n-a h-aigne, “Ní mise a ḃéaḋ uait aċ an Árdríġeaċt! “Mo ġráḋ ṫu agus rud agat.”

Ní raiḃ focal a' h-aoinne ar feaḋ tamail. Do laḃair Aṁlaoiḃ agus é ag gáirí.

“Gan daḃt!” ar seisean. “Dá n-imṫiġeaḋ aon rud ar Árdríġ Éirean is ag an Árdrígain a ḃéaḋ an Árdríġeaċt, agus ag an t-é go dtaḃarfaḋ sí ḋó an Árdríġeaċt. Marḃuiġmís Brian ar dtúis agus ansan beiḋ ḟios againn cad a ḋéanfaiḋ an Árdrígan.”

“Is fíor,” arsa'n t-Iarla. “Marḃuiġmís Brian ar dtúis. Ní'l bríġ ná éifeaċt le caint go dtí go mbeiḋ san déanta ar dtúis. An fear san a ċuiris-se ag taḃairt aire do Ḃrian,” ar seisean le Maolmórḋa, “má ḋeinean sé a ġnó go maiṫ, agus go luaṫ, beiḋ caoi ag an Árdrígan ar a taoḃ féin de'n ġnó ḋéanaṁ. Ansan iseaḋ ḃeiḋ éifeaċt le caint. Go dtí san ná deintear a ṫuille cainte.”

“Dar so 's súd!” arsa Gormḟlaiṫ 'n-a h-aigne féin, “aċ má ḃíon Árdríġeaċt agam-sa le taḃairt d' aoinne ní baoġal gur duit-se ṫaḃarfad í, a ḃeiṫiġ allta! Ó! is mór idir ṫu agus Brian, d'á olcas é! Agus is mór idir ṫu agus Bruadar!”

“Bara na teangan go mbaintear amaċ as do ḃéal, a ḃrealláin!” arsa Sitric, i n' aigne féin, le Maolmórḋa.

“Ba ṁaiṫ linn na fir a ṫugais leat a ḋ'ḟeisgint, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ leis an Iarla.

Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus ṫaisbeáin sé a ṡluaġ ḋóiḃ. Ní ró ṡuaiṁneasaċ an aigne a ḃí ag aoinne de'n ċeaṫrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaiṁneas ar fad a ċuir an raḋarc a taisbeánaḋ dóiḃ orṫa. Ċonacadar fir ṁóra láidire agus airm ṁaiṫe ġéara 'n-a láṁaiḃ acu, agus a ḋeaḃraṁ orṫa go raḃdar ábalta ar úsáid a ḋéanaṁ go neaṁ-eaglaċ agus go cróḋa des na h-airm. Ċuir san sásaṁ aigne ar an gceaṫrar. Aċ do [ 288 ]ċonacadar, i n-eáġmuis na ḃfear, sloigisg ban agus leanḃ agus gan ionta, náċ mór, aċ daoine fiaine. Is ceart a ḋ' adṁáil go dtáinig uaḃar agus boċtaineaċt ar an uile ḋuine de'n ċeaṫrar nuair a ṫuigeadar n-a n-aigne cad é an cor a ḃéaḋ ar Éirinn agus ar Ġaeḋlaiḃ Éirean nuair a leigfí an tsloigisg sin isteaċ orṫa agus an buaḋ acu. Aċ má ḃí uaḃar agus boċtaineaċt orṫa do ḃruġdar fúṫa é. Ċoimeádadar istiġ é. Níor ḋeineadar oiread agus a ḋ'adṁáil d'á ċéile 'n-a gcaint gur ṁoṫuiġdar istiġ é. Sin mar a ḃíon i gcóṁnuiġe ag an t-é a ḋeinean an droċ ġníoṁ. Ċun sásaṁ aigne ṫaḃairt dó féin iseaḋ ḋéinean sé an droċ ġníoṁ, agus ar ball isé rud a ṫagan as dó 'ná mí-ṡásaṁ aigne, agus seirḃṫean aigne, agus buaireaṁ aigne, agus cancar agus tré ċéile aigne. Ansan bíon an tré ċéile aigne laistiġ aige agus an gealġáire lasmuiċ aige, agus is mór an truaġ é.

Ṫáinig an ceaṫrar aḃaile go ríġṫeiġlaċ Ṡitric agus ḋeineadar an ceann ab ḟearr de'n ġnó, ċóṁ maiṫ agus d'ḟéadadar é, 'n-a gcaint. Ṁoladar an t-Iarla mar ġeall ar a ṁéid agus ar a neart. Dar leó, ní raiḃ aon ḟear ar ṫeiġlaċ Ḃriain a ḋ' ḟéadfaḋ seasaṁ 'n-a láṫair agus é ṫroid. Ṁoladar na fir a ḃí aige, agus na h-airim a ḃí acu. Ní dúḃradar puínn i dtaoḃ na mban agus na leanḃ. Níor ṁaiṫ le Gormḟlaiṫ cuiṁneaṁ orṫa i n-aon ċor, ḃíodar ċóṁ grána ċóṁ salaċ ċóṁ fiain.

D'imṫiġ Maolmórḋa. Ḃí a ṡlóiġte féin ag teaċt isteaċ ó árdaiḃ Cúige Laiġean. Níor ṁór dó dul agus feuċaint ċúċa.

Nuair a ḃí sé imṫiġṫe do laḃair Sitric.

“Greadaḋ ċuige,” ar seisean, “ba ḋóbair dó an donus a ḋéanaṁ orainn! Mura mbéaḋ Aṁlaoiḃ ḃí an donus déanta aige. Náċ uaṫḃásaċ an sgéal ná féadfaḋ sé a ḃéal a ḋ' osgailt gan toirmeasg éigin a ḋéanaṁ! Mura [ 289 ]mbéaḋ a ṫapaṁlaċt a laḃair Aṁlaoiḃ do ḋéanfaḋ sé an donas.”

“Tá 'ḟios ag an dtalaṁ,” arsa Aṁlaoiḃ, “gur ṁeasas go mbéaḋ an sgéal go léir sgaoilte amaċ aige sar a mbéaḋ uain agam ar laḃairt!”

“Ní ḟeicim cad é an díoḃáil a ḃéaḋ déanta dá dtigeaḋ leis an sgéal go léir do sgaoileaḋ amaċ,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Ní ḃeiḋfeá mar sin, a ṁáṫair,” arsa Sitric, “dá mbéaḋ fios an sgéil go léir agat. Dá mbéaḋ an ċuid eile de'n sgéal agat ċífeá go h-áluinn cad é an díoḃáil a ḋéanfaḋ sé agus cad é an díoḃáil ba ḋóbair dó a ḋéanaṁ.”

“Aililiú!” ar sise. “Inis-se ḋom an ċuid eile de'n sgéal, a Aṁlaoiḃ, nuair ná neósfaḋ sé seo ḋom é.”

“Ní'l puínn deifriġeaċta,” arsa Aṁlaoiḃ, “idir an dtaoḃ atá agat agus an taoḃ eile. Ġeall Sitric go dtaḃarfaḋ sé ṫusa do'n Iarla. Ansan, nuair a ḃí sé ag caint le Bruadar, ġeall sé ḋó go dtaḃarfaḋ sé ṫusa ḋó! Taoín tú geallta ḋóiḃ araon, a ṁáṫair. Má ġeiḃid siad araon amaċ é beiḋ spórt againn!”

Ċaiṫ sí í féin i gcaṫaoir agus ba ḋóiċ leat go dtuitfeaḋ an t-anam aisti le neart gáirí. Do ġáir sí, agus do ġáir sí airís.

“Ó!” ar sise fé ḋeire, “feuċ air sin! An 'mó duine eile gur ġeallais mé ḋóiḃ?” (Ḃí 'ḟios aici go raiḃ sí geallta do Ḃruadar).

“Níor ġeallas tu aċ do'n ḃeirt sin, a ṁáṫair,” arsa Sitric.

“Aċ!” ar sise, “is olc a ḋeinis é! Ḃíos ag braṫ air go mb’ḟéidir gur ġeallais mé do ḃeirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe. Ar ġeallais-se d' aoinne mé?” ar sise le h-Aṁlaoiḃ.

“Níor ġeallas, a ṁáṫair,” ar seisean, “aċ is dóċa go mbeiḋ Bruadar, agus loingeas ríġ Loċlan aige, ag teaċt [ 290 ]isteaċ sa ċuan so ar maidin amáireaċ. Ċuaḋmair amaċ ċun cainte leis an Iarla, leis an ḃfear mór mileata meirgeaċ. Ní foláir dul amaċ ċun cainte le Bruadar nuair a ṫiocfaiḋ sé. Dá n-airiġeaḋ sé gur ċuaḋais-se amaċ ċun cainte leis an ḃfear meirgeaċ agus gan tu ḋul amaċ ċun cainte leis féin b'ḟéidir go dtiocfaḋ éad air.”

“Tá go maiṫ,” ar sise. “Raiġmíd amaċ ċun cainte leis.” Agus ċuir sí sgeartaḋ gáire eile aisti.

“Seaċain, a ṁáṫair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeaḋ sé uait go ḃfuilir geallta do'n Iarla.”

“Ní baoġal duit,” ar sise. “Is aṁlaiḋ a ḃeiḋ sé a d' iaraiḋ a ṫuisgint go ḃfuilim deiṁniġṫe ḋó féin.”