“Ó,” ar sise, 'n-a h-aigne, “Ní mise a ḃéaḋ uait aċ an Árdríġeaċt! “Mo ġráḋ ṫu agus rud agat.”
Ní raiḃ focal a' h-aoinne ar feaḋ tamail. Do laḃair Aṁlaoiḃ agus é ag gáirí.
“Gan daḃt!” ar seisean. “Dá n-imṫiġeaḋ aon rud ar Árdríġ Éirean is ag an Árdrígain a ḃéaḋ an Árdríġeaċt, agus ag an t-é go dtaḃarfaḋ sí ḋó an Árdríġeaċt. Marḃuiġmís Brian ar dtúis agus ansan beiḋ ḟios againn cad a ḋéanfaiḋ an Árdrígan.”
“Is fíor,” arsa'n t-Iarla. “Marḃuiġmís Brian ar dtúis. Ní'l bríġ ná éifeaċt le caint go dtí go mbeiḋ san déanta ar dtúis. An fear san a ċuiris-se ag taḃairt aire do Ḃrian,” ar seisean le Maolmórḋa, “má ḋeinean sé a ġnó go maiṫ, agus go luaṫ, beiḋ caoi ag an Árdrígan ar a taoḃ féin de'n ġnó ḋéanaṁ. Ansan iseaḋ ḃeiḋ éifeaċt le caint. Go dtí san ná deintear a ṫuille cainte.”
“Dar so 's súd!” arsa Gormḟlaiṫ 'n-a h-aigne féin, “aċ má ḃíon Árdríġeaċt agam-sa le taḃairt d' aoinne ní baoġal gur duit-se ṫaḃarfad í, a ḃeiṫiġ allta! Ó! is mór idir ṫu agus Brian, d'á olcas é! Agus is mór idir ṫu agus Bruadar!”
“Bara na teangan go mbaintear amaċ as do ḃéal, a ḃrealláin!” arsa Sitric, i n' aigne féin, le Maolmórḋa.
“Ba ṁaiṫ linn na fir a ṫugais leat a ḋ'ḟeisgint, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ leis an Iarla.
Do rug an t-Iarla leis iad ó loing go loing agus ṫaisbeáin sé a ṡluaġ ḋóiḃ. Ní ró ṡuaiṁneasaċ an aigne a ḃí ag aoinne de'n ċeaṫrar tar éis an méid úd cainte, agus ní suaiṁneas ar fad a ċuir an raḋarc a taisbeánaḋ dóiḃ orṫa. Ċonacadar fir ṁóra láidire agus airm ṁaiṫe ġéara 'n-a láṁaiḃ acu, agus a ḋeaḃraṁ orṫa go raḃdar ábalta ar úsáid a ḋéanaṁ go neaṁ-eaglaċ agus go cróḋa des na h-airm. Ċuir san sásaṁ aigne ar an gceaṫrar. Aċ do