Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/290

From Wikisource
This page has not been proofread.
286
NIAṀ

aige ar Ṁaolmórḋa aċ do cuireaḋ aiṫne acu ar a ċéile. Ḃí sean aiṫne aige ar Aṁlaoiḃ. Ṫéiḋeaḋ Aṁlaoiḃ óṫuaiḋ go minic go h-Ínsiḃ Orc ag breiṫ teaċtaireaċtaí ag triall ar an Iarla ó Ṡitric, agus ag taḃairt eóluis dó ar an gcuma 'n-a mbíoḋ gaċ níḋ ag dul ċun cinn i n-Éirinn. Ḃí Aṁlaoiḃ tar éis a ḋ'innsint do'n Iarla, ar na cuardaiḃ sin, conus mar a ḃí Brian ana aosta agus conus mar a ḃí gnó ar siúḃal a ċuirfeaḋ Brian as an slíġ, díreaċ um an dtaca 'n-a mbéaḋ cóṁaċt Loċlan ollaṁ ar ṫeaċt go h-Éirinn ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ. Ní baoġal, áṁṫaċ, gur ṫug Aṁlaoiḃ aon eólus do'n Iarla ar cia a ḃí ċun an ġnóṫa ḋéanaṁ do Ḃrian nuair a ṫiocfaḋ an t-am. D'á ḃríġ sin ba ḃeag ná gur ḃ' í céad ċeist a ċuir an t-Iarla ċúċa 'ná conus a ḃí Brian.

“Tá sé ċóṁ maiṫ, a ríġ,” arsa Maolmórḋa, “agus is féidir d'ḟear a ḃeiṫ sa n-aois atá aige, aċ ní ḟeadramair cad é an neómat a ġeóḃmís tásg a ḃáis.”

“An aṁlaiḋ atá aon ḃreóiteaċt air, a ríġ?” arsa'n t-Iarla.

“Ní h-aṁlaiḋ, a ríġ,” arsa Maolmórḋa. “Is aṁlaiḋ atá duine curṫa agam-sa ag taḃairt aireaċais dó, duine d'á ṁuintir féin, duine de'n ḃuiḋin a ḃíon 'n-a seasaṁ i n' aice coitċianta, duine d'á ḃuiḋin ċosanta. Curfar sleaġ 'n-a ċroíḋe nuair is lúġa a ḃeiḋ coinne aige leis. Ansan ní ḃeiḋ 'n-a ṁór-ṡluaġ aċ mór-ṡluaġ gan ċeann. Ṫuitfiḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Beiḋ Éire againn féin, agus beiḋ Sitric i n' Árdríġ ar Éirinn.”

D'ḟeuċ an t-Iarla ar Ṡitric, ċóṁ maiṫ le n-a ráḋ, “An é sin a ġeallais-se ḋóṁ-sa?” Do laḃair sé:—

“Do réir mar a ṫuigim-se an sgéal,” ar seisean, “dá n-imṫiġeaḋ aon níḋ ar Ḃrian anois ḃéaḋ Éire ag an Árdrígain, agus ag an ḃfear a ṗósfaḋ í.”

Do ṗreab aigne Ġormḟlaiṫ nuair airiġ sí an focal san.