roime n-a ṁuintir, roimis na daoine a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis. Ná leig ort leis, a ṁáṫair, go ḃfuil ḟios agat gur ġeallas dó go ḃfaġaḋ sé ṫu, aċ bí ċóṁ séiṁ ċóṁ cneasda leis agus a ḋ' ḟéadfair a ḃeiṫ. Fear láidir tréan cuṫaiġ iseaḋ é, agus má ġeiḃean sé ṫusa séiṁ gealġáiriteaċ leis is troime-de a ḃeiḋ a ḃuille ar ḟearaiḃ Éirean nuair a ṫiocfaiḋ an caṫ.”
“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” ar sise. “Teánam agus feicimís é, agus feiceaḋ sé sinn.”
Do ġluais an ceaṫrar síos ċun an ċalaiṫ. Ag gaḃáil síos an uair sin dóiḃ iseaḋ ċonacadar an cailín agus an bosca fíona aici agus í ag dul siar go Sórd. Níor ċuireadar aon tsuim inti. Ċuirfidís suim inti dá mbéaḋ ḟios acu go raiḃ an dá leitir úd istiġ 'n-a brollaċ aici. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu, agus ċomáineadar leó gan aon tsuim a ċur inti.
Ċuadar isteaċ sa ḃád, bád an ríġ. Ḃí fir an ríġ ann i gcóṁnuíġe agus iad ollaṁ ar an mbád do ġleusaḋ, fé ṡeóltaiḃ dá mbéaḋ gaoṫ ann, nó fé ḃataíḃ raṁa dá mba ná béaḋ gaoṫ ann. Bád breaġ mór órnáideaċ ab eaḋ é, agus ḃí gaċ aon ċóir d'á uaisleaċt agus d'á ḋaoire ar bórd air, mar ba ċeart a ḃeiṫ ar báḋ an ríġ. Pé áit 'na ḃfeictí ar an gcuan é do h-aiṫniġtí é mar ġeall ar ġlaine agus ar uaisleaċt a ḋaṫana.
Ḃí gaoṫ ann an lá san agus do cuireaḋ suas na seólta. Do ġluais an bád an cuan amaċ, i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ na loingeas iasaċta. D'aiṫin Sitric long an Iarla. Do tugaḋ aġaiḋ ar an loing sin. Do tagaḋ 'n-a h-aice. Ċóṁ luaṫ agus ḃíodar i n-aice na loinge d'aiṫin an t-Iarla Sitric. Do cuireaḋ an dréimire síos láiṫreaċ idir an long agus an bád agus ċuaiḋ an ceaṫrar ar bórd na loinge. Ċuir an t-Iarla na mílte fáilte roimis an ríġ, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ agus roim Ġormḟlaiṫ. Ní raiḃ aiṫne roimis sin