Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/294

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
290
NIAṀ

isteaċ sa ċuan so ar maidin amáireaċ. Ċuaḋmair amaċ ċun cainte leis an Iarla, leis an ḃfear mór mileata meirgeaċ. Ní foláir dul amaċ ċun cainte le Bruadar nuair a ṫiocfaiḋ sé. Dá n-airiġeaḋ sé gur ċuaḋais-se amaċ ċun cainte leis an ḃfear meirgeaċ agus gan tu ḋul amaċ ċun cainte leis féin b'ḟéidir go dtiocfaḋ éad air.”

“Tá go maiṫ,” ar sise. “Raiġmíd amaċ ċun cainte leis.” Agus ċuir sí sgeartaḋ gáire eile aisti.

“Seaċain, a ṁáṫair,” arsa Sitric, “agus ná tuigeaḋ sé uait go ḃfuilir geallta do'n Iarla.”

“Ní baoġal duit,” ar sise. “Is aṁlaiḋ a ḃeiḋ sé a d' iaraiḋ a ṫuisgint go ḃfuilim deiṁniġṫe ḋó féin.”



CAIBIDIOL IX.

CAD A ṪIOCFAIḊ AS.

Nuair a ṫáinig an ṁaidion d' ḟeuċadar amaċ ar an gcuan. Ḃí caḃlaċ loingeas a ḃí ḋá uair ċóṁ mór le caḃlaċ an Iarla tar éis teaċt isteaċ sa ċuan agus tar éis inead do ġlacaḋ laistiġ de ċaḃlaċ an Iarla, fan na tráġa, ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de'n ċuan. Ḃí a lán des na fir, a' caḃlaċ an Iarla, tar éis imṫeaċt as na loingeas agus dul i dtír, lastuaiḋ de'n ċuan, agus cábáin a ċur suas dóiḃ féin, agus teinte do lasaḋ ċun bíḋ a ḋ' ollaṁuġaḋ agus leapaċa ḋéanaṁ dóiḃ féin agus tuirse na faraige ċur díoḃ. Ḃí na daoine a ḃí sa ċaḃlaċ ṁór a ṫáinig i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe ag tusnuġaḋ ar an rud céadna ḋéanaṁ. Ḃí na báid, agus iad lán de ḋaoine agus d' aḋḃar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag imṫeaċt amaċ tré ċúḃar na tráġa, ċun an tailiṁ tirim.