Jump to content

Niamh/50

From Wikisource
181521Niamh — Cad a thiocfaidh as?Peadar Ua Laoghaire
[ 290 ]

CAIBIDIOL IX.

CAD A ṪIOCFAIḊ AS.

Nuair a ṫáinig an ṁaidion d' ḟeuċadar amaċ ar an gcuan. Ḃí caḃlaċ loingeas a ḃí ḋá uair ċóṁ mór le caḃlaċ an Iarla tar éis teaċt isteaċ sa ċuan agus tar éis inead do ġlacaḋ laistiġ de ċaḃlaċ an Iarla, fan na tráġa, ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de'n ċuan. Ḃí a lán des na fir, a' caḃlaċ an Iarla, tar éis imṫeaċt as na loingeas agus dul i dtír, lastuaiḋ de'n ċuan, agus cábáin a ċur suas dóiḃ féin, agus teinte do lasaḋ ċun bíḋ a ḋ' ollaṁuġaḋ agus leapaċa ḋéanaṁ dóiḃ féin agus tuirse na faraige ċur díoḃ. Ḃí na daoine a ḃí sa ċaḃlaċ ṁór a ṫáinig i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe ag tusnuġaḋ ar an rud céadna ḋéanaṁ. Ḃí na báid, agus iad lán de ḋaoine agus d' aḋḃar na gcábán, ag fágáilt na loingeas agus ag imṫeaċt amaċ tré ċúḃar na tráġa, ċun an tailiṁ tirim. [ 291 ]Níor ḃeag d'uaṫḃás a raiḃ de loingeas sa dá ċaḃlaċ. Nuair a ḃí na h-ancaireaċa curṫa amaċ acu agus iad n-a stad, agus iad i n-aon líne aṁáin, fan na tráġa, do ṡrois an líne ó Ḃeinn Éadair agus go h-Áṫ Cliaṫ náċ mór.

Do ġluais bád Ṡitric amaċ airís ó'n gcalaiṫ i n-aice an ríġṫeiġlaiġ, agus do ġluais sé i dtreó na loinge ar a raiḃ Bruadar. Ċuaiḋ Gormḟlaiṫ agus Sitric agus Aṁlaoiḃ ar bórd na loinge sin. Ċuir Bruadar na mílte fáilte rómpa.

“Ó,” ar seisean le Gormḟlaiṫ, “náċ óg a ḋ'ḟeuċan tú, a Árdrígan!”

“Ní h-aon iongnaḋ é sin, a ríġ,” ar sise. “Ní h-aon iongnaḋ mé ḃeiṫ ag feuċaint óg an ḟaid atáim óg. Ní raḃas aċ seaċt mbliana déag nuair a rugaḋ é seo,” ar sise, (b'é sin Sitric) “agus ní'l sé seo puínn ṫar fiċe bliain fós. Ní ceart seana ḃean a ṫaḃairt orm go dtí go mbeiḋ mé a daċad an ċuid is lúġa ḋé.”

“Ní taḃarfar seana ḃean ort ċoíḋċe, a Árdrígan,” ar seisean. “Taoín tú ag feuċaint ċóṁ h-óg an neómat so agus ḃís an lá a ṗósais Aṁlaoiḃ. Ṁeasas ná raiḃ agat aċ aon ṁac aṁáin le h-Aṁlaoiḃ agus go ḃfuair Aṁlaoiḃ bás sar ar rugaḋ an mac san.”

“Is iongantaċ an fear ċun plámáis tú, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḋeinis tuaṫal ar dtúis nuair a ḋeinis an iongnaḋ d' í ḃeiṫ ag feuċaint ċóṁ h-óg, aċ do leiġsis an tuaṫal nuair a dúḃrais go mbéaḋ sí ag feuċaint óg go deó.”

“Tá dearṁad ort sa ṁéid úd, a ríġ,” arsa Gormḟlaiṫ. “Sidé an mac a rugaḋ tar éis ḃáis Aṁlaoiḃ.”

“Ó, tuigim,” arsa Bruadar. “Sidé an t-Aṁlaoiḃ Óg. Cad 'n-a ṫaoḃ nár innsis riaṁ dom cé r' ḃ'é t 'aṫair, a ḃiṫeaṁnaiġ?” ar seisean le h-Aṁlaoiḃ.

“Le h-eagla go ndéanfainn bréag, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. [ 292 ]“Náċ ṡiní an Árdrígan tar éis a ráḋ leat ná feaca-sa m' aṫair riaṁ. Conus ḟéadfainn a ḋ'innsint duit cé r' ḃ' é agus ná feaca riaṁ é?”

“Is fíor,” arsa Bruadar. “Aċ is cuma ḋuit cé 'cu. Tá géarċúis do ṁáṫar agat, agus tá a croicean agus a bláṫ ort.”

Níor ṫug Gormḟlaiṫ uain dó ar a ṫuille plámáis a ḋéanaṁ. Níor ḃeag léi a raiḃ ráiḋte aige. Ḃí sé ag taigde ar neiṫiḃ nár oir di é féin ná aoinne eile ḃeiṫ ag taiġde orṫa.

“Ṫánamair ċun go ḃfeicfimís do neart slóġ, a ríġ,” ar sise.

“Tá go maiṫ, tá go maiṫ, a Árdrígan,” ar seisean.

Do rugaḋ ó loing go loing iad, agus do taisbeánaḋ gaċ aon rud dóiḃ. Conacadar na slóiġte fear armṫa, agus ba ḃreaġ an raḋarc iad. Fir ṁóra láidire ċumasaċa, agus na h-airm ar áilleaċt acu. Do taisbeánaḋ dóiḃ an deiċ gcéad fear n-a raiḃ na h-éidí mitil orṫa. Dúḃairt Bruadar leis na fearaiḃ na h-éidí do ċur umpa go ḃfeicfeaḋ an Árdrígan iad. Do ċuireadar.

“Ó!” arsa Gormḟlaiṫ. “Geóḃaid siad san tré ṡlóiġtiḃ Ḃriain mar a ġeoḃaḋ buanaiḋṫe tré ṗáirc cruiṫneaċtan a ḃéaḋ aibiġ!”

Do rugaḋ iad ċun na loinge ar a raiḃ beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe, Carrol Cnút agus Anrud.

Ní ḟeacaiḋ an ḃeirt sin Gormḟlaiṫ riaṁ go dtí san, aċ d' airiġdar teaċt ṫáirse. D' airiġdar daoine a ċonaic í ag tráċt ar a h-áilneaċt. Ḃí ḟios acu gur ḃean áluinn ṫar bár í. Aċ nuair a ċonacadar í ba ḋóbair dóiḃ a mbéasa agus a stuaim do ċailleaṁaint, ċuir a h-áilneaċt a leiṫéid sin d'iongnaḋ orṫa. Ní ḟéadaidís gan ḃeiṫ ag feuċaint uirṫi, agus ansan nuair ḟeuċaidís uirṫi ní ḟéadaidís a súile ḃogaḋ ḋi. [ 293 ]Ḃí an tsluaġ ar an gcuma gcéadna. An ḟaid a ḃíoḋ sí ag gaḃáil ṫórsa ní ḟéadaidís aon rud a ḋéanaṁ aċ ḃeiṫ ag feuċaint uirṫi. Dá mb' iad na mná féin iad ḃí an sgéal ar an gcuma gcéadna acu. Nuair a ġaḃaḋ sí ṫórsa do riṫidís tímpal ċun teaċt roímpi agus raḋarc eile ḋ' fáġail uirṫi.

Ṫugadar a lán de'n lá ag gaḃáil tímpal ó loing go loing. Nuair a ḃí an ḟeuċaint déanta acu ṫánadar aḃaile go ríġṫeiġlaċ Ṡitric.

“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ, nuair a ḃíodar 'n-a suiḋe ar a suaiṁneas i n-aice na teine, “tá m' aigne sásta. Ní'l aon ḃreiṫ ag Brian ar ḃuaċtaint sa ċaṫ so atá le troid anois aige. Ḃí an t-eagla i gcóṁnuíġe orm roim Ṁurċaḋ agus roim Ḋál gCais, aċ an deiċ gcéad úd ins na h-éidíḃ práis, cuirfid siad san deire, glan, le Dál gCais. Nuair a ḃeiḋ deire le Dál gCais beiḋ deire le cóṁaċt Ḃriain. Má ḋeinean Míċeál Ruaḋ an ḃeart atá geallta aige a ḋéanaṁ is aṁlaiḋ is fearr é, aċ pé 'cu ḋéanfaiḋ nó ná déanfaiḋ ní'l baoġal orainn anois.”

“Is maiṫ liom mar a ṫaiṫnean an ṁór-ṡluaġ leat, a ṁáṫair,” arsa Sitric. “Do fuaraḋ a lán d'á duaġ. Níor ḃ' aon ġnó ró ṡuaraċ an dá ċaḃlaċ loingeas san, agus na mílte fear san, do ṫaḃairt ansan amuiċ ar uisge an ċuain sin ċúġat! Tá obair ṁór déanta ag ríġ Loċlan agus ag ríġ na h-Ioruaiḋe agus ag an Iarla, d'á ṁéid de ḃeiṫiġeaċ é. Tá obair ṁór déanta acu go léir. Ní deintear obair ṁór de'n tsórd san gan súil le díol as.”

“Cad í an ġruaim seo anois ort?” arsa Gormḟlaiṫ.

“Tá eagal air,” arsa Aṁlaoiḃ, “má ḃuaḋaid na ríġṫe seo ar Ḃrian go gcoimeádfaid siad toraḋ an ḃuaḋa ḋóiḃ féin.”

“Ḃuailis do ṁéar air, a Aṁlaoiḃ,” arsa Sitric. “Ní ṡeasuiġean sé le cóir ná le ceart ná le résún go [ 294 ]dtiocfaḋ na fir seo anso agus go dtroidfidís caṫ fuilteaċ dúinne i gcoinniḃ Ḃriain, agus ansan, nuair a ḃéaḋ Brian marḃ, agus Murċaḋ, agus M'lṡeaċlainn Mór, agus Dál gCais go léir, go n-árdóċaidís a seólta agus go n- imṫeóċaidís soir aḃaile, agus óṫuaiḋ aḃaile, airís agus go ḃfágfaidís Éire againne.”

“Cad é sin agat d'á ráḋ mar sin!” arsa Gormḟlaiṫ. “Ná fuil slíġ ḋóiḃ go léir, agus dúinne 'n-a dteannta, n-Éirinn!”

“Siné díreaċ atá orm, a ṁáṫair,” arsa Sitric. “Tá eagal orm ná fuil, ‘sliġ ḋóiḃ go léir agus dúinne 'n-a dteannta, i n-Éirinn.’ An focal úd adúḃairt an t-Iarla, an ‘beiṫiġeaċ,’ a ndúḃraís féin, an focal úd adúḃairt sé le ríġ Laiġean tá sé daingean am' ċroíḋe ó ṡin mar a ḃéaḋ dealg. ‘Beiḋ an Árdríġeaċt ag Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, 'agus ag an ḃfear a ṗósfaiḋ í.’ Is dóċa go ḃfuil an rud céadna istiġ i n' aigne féin ag Bruadar. Agus tá ḟios ag an saoġal náċ ċun na h-Árdríġeaċt do ċur i n-áiriġṫe ḋóṁ-sa, ná d' aoinne de'n ḃeirt sin, a ṫáinig beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe anso go h-Éirinn agus loingeas a n-aṫar acu, agus slóiġte a n-aṫar, agus a dtír féin curṫa fé ċostas ṁór ṫrom acu. Tá eagal orm go ḃfuil aiṁleas, agus náċ aiṁleas beag é, déanta againn, agus náċ fios conus a ṫiocfaimíd uaiḋ. B' ḟearr liom ḃeiṫ fé Árd- ríġeaċt Ḃriain, a ṁáṫair, 'ná fé Árdríġeaċt aoinne de'n ċeatrar.”

“Ní mac duit-se an fear san i n-aon ċor, a ṁáṫair!” arsa Aṁlaoiḃ. “Mac d' Aṁlaoiḃ iseaḋ é. Deir a lán daoine liom náċ mac d' Aṁlaoiḃ mise. Measaim go ḃfuil an ceart acu. Mac duit-se iseaḋ mé. Cad is gáḋ ḋuit-se, a Ṡitric, ḃeiṫ fé smaċt aoinne de'n ċeaṫrar! Cuir i gcás go ndéanfaid na buanaiḋṫe an obair ar an gcruiṫneaċt aibiġ, agus go mbeiḋ Brian agus Dál gCais ‘ar slíġ na [ 295 ]fírinne,’ mar adéarfaḋ Colla, cad a ṫuitfiḋ amaċ? Iompó'iḋ Bruadar agus an ‘Beiṫiġeaċ’ ar a ċéile agus troidfid siad caṫ fuilteaċ feuċaint cé aige go mbeiḋ Gormḟlaiṫ agus an Árdríġeaċt. Iompó'id beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe orṫa araon, nó ar an t-é a ḃeiḋ beó ḋíoḃ, 'ġá ċur i n-iúil náċ ag aoinne acu is ceart an Árdríġeaċt so do ḃeiṫ aċ ag duine acu féin, mar gur b'iad is sia ó ḃaile do ṫáinig 'ġá h-iaraiḋ. Measaim, nuair a ḃeiḋ a gcuid coíṁsgair déanta ag an gceaṫrar ná beiḋ puínn éilteóirí ag teaċt idir ṫusa agus an Árdríġeaċt, a ṁic t'aṫar! — Inis an ḟírinne, a ṁáṫair; náċ é an coíṁsgar san idir an gceaṫrar an rud a ċuir tusa ag cur an anama amaċ ag gáirí aréir nuair a h-innseaḋ duit go raḃais geallta do ḃeirt acu?”

“Fágaim le h-uaḋaċt, a Aṁlaoiḃ,” arsa Gormḟlaiṫ, “gur ḃuailis do ṁéar go cruinn ar an rud a ċuir ag gáirí mé. Ní raḃas, áṁṫaċ, ag cuiṁneaṁ aċ ar an mbeirt, ar Ḃruadar agus ar an Iarla. Do ċonac go soiléir conus a féadfaí an ḃeirt sin do ċur ag dísgiú' a ċéile agus gur mé féin a ḋ' ḟéadfaḋ an ḃeart san a ḋéanaṁ. Aċ ċím anois go ḃféadfar an ceaṫrar do ċur ag dísgiú' a ċéile go feilimionta. Féadfar é ḋéanaṁ agus déanfar é. Ná bíoḋ ceist ná eagal ort, a Ṡitric. Dísgeó'id siad cóṁaċt Ḃriain duit ar dtúis. Ansan dísgeó'id siad a ċéile ḋuit. Ansan beiḋ Árdríġeaċt na h-Éirean agat 'n-a ndiaiġ go léir!”

“Ní'l aon teóra liḃ!” arsa Sitric. “Aċ déinig feuċaint ḃeag a ṫaḃairt ar an dtaoḃ so de'n sgéal. Cuir i gcás go ḃfuil a ngnó déanta ag an meiṫiol buanaiḋṫe seo atá cruinniġṫe againn, agus go ḃfuil an gort cruiṫneaċtan ar lár. Ċím an ceaṫrar i gcóṁairle.

“Is liom-sa an Árdríġeaċt agus an Árdrígan,” adeir an t-Iarla. [ 296 ]“Cad a ḃéarfaḋ gur leat-sa iad?” adeir Bruadar.

“Mar do ġeall Sitric féin dom iad, agus mura mbéaḋ gur ġeall ní ṫiocfainn anso,” adeir an t-Iarla.

“Ní ḋuit-se a ġeall Sitric iad,” adeir Bruadar. “Is dóṁ-sa a ġeall sé iad.”

“B'ḟéidir,” adeir duine de ṁacaiḃ ríġ na h-Ioruaiḋe, “gur ġeall sé do ḃeirt agaiḃ iad,” agus cuirean sé gáire as. Ġeiḃtear amaċ gur ṫugas an ġeallaṁaint do'n ḃeirt. Eiriġid siad ar buile.

“‘Téanaíg,’ adeirid siad. ‘Cuirimís ár neart le ċéile agus tugaimís do Ṡitric an rud atá tuillte aige!’ — B'ḟéidir go neósfaḋ Aṁlaoiḃ agus a ṁáṫair do ṁac Aṁlaoiḃ cé air go ndéanfar dísgiú' ansan.”

“Stad go fóil, a ṁic Aṁlaoiḃ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Cá ḃ'ḟios duit an 'mó duine de'n ċeaṫrar a ṫiocfaiḋ saor ó'n gcaṫ?”

“Ní ḟeadar; ná an 'mó duine againn féin a ṫiocfaiḋ saor ó'n gcaṫ,” arsa Sitric.

“Agus ar nóin, an t-é ná tiocfaiḋ saor ó'n gcaṫ,” arsa Aṁlaoiḃ, “cad é sin dó san cad a ḋéanfaiḋ an Árd- ríġeaċt?”

“Ná an Árdrígan, an eaḋ?” arsa Sitric.

“Is dóiċ liom, a ḃuaċailí,” arsa Gormḟlaiṫ, “náċ fearr rud a ḋéanfaiḋ beirt agaiḃ anois 'ná dul a ċodla.”

Ċuadar a ċodla.