Jump to content

Niamh/51

From Wikisource
181522Niamh — Osgailt súl do ShitricPeadar Ua Laoghaire
[ 297 ]

CAIBIDIOL X.

OSGAILT SÚL DO ṠITRIC.

Níor ċodail Sitric aon néal an oíḋċe sin. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig solus an lae ḃí sé ṫuas ar ḃara an ríġṫeiġlaiġ agus é ag feuċaint soir-óṫuaiḋ ar an líne fada loingeas a ḃí sínte ar an uisge ó Ḃinn Éadair go h-Áṫ Cliaṫ, agus ar an líne cábán a ḃí sínte fan ċiúṁais na tráġa, amuiċ ar an dtalaṁ tirm, agus é ċóṁ fada le líne na loingeas. Ḃí an maċaire, lasmuiċ des na cábánaiḃ, clúdaiġṫe le slóiġtiḃ dúḃa daoine agus iad ag cur neiṫe i dtreó dóiḃ féin i gcóir ḃéile na maidine. Ḃí Sitric ag feuċaint ar na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóiġte daoine, agus ḃí a aigne ana ṫré n-a ċéile.

“Is eagal liom”, ar seisean i n' aigne féin, “náċ é mo leas a ḋeineas nuair a ṫugas ansan siḃ. Dá mbéaḋ siḃ go léir sa ḃaile airís, gaċ duine agaiḃ 'n-a ḋúṫaiġ féin, ḃéaḋ siḃ ann tamal sar a' dtaḃarfainn-se as siḃ. Tá sé déanaċ agam anois ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ air sin.”

Níor ṁoṫuiġ sé an Ḃanríġin, Béibionn, ag teaċt i n' aice. Ċuir sí a láṁ ar a ċuislinn agus ḃí méar na láiṁe eile ar a béal féin aici, mar ċóṁarṫa dó gan foṫram a ḋéanaṁ. D'ḟeuċ sé uirṫi.

“Ná laḃair, a ríġ!” ar sise leis i gcogar. “Tá níḋ agam le h-innsint duit. Tar ċun mo ṡeómra.”

An ḟaid a ḃí an méid sin cainte aici d'á ráḋ ḃí a méar sínte aici i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ na loingeas agus na slóiġte, mar 'ḋ eaḋ gur orṫa a ḃí sí ag feuċaint agus ag tráċt. Níor ṁór di an gliocas. Ní raiḃ aċ an cogar críoċnuiġṫe aici nuair a ḃí Gormḟlaiṫ laistiar di. Do lean [ 298 ]sí ag caint go réiḋ, mar 'ḋ eaḋ nár ṁoṫuiġ sí Gormḟlaiṫ ag teaċt:—

“Náċ seóig a' ḃfuil ann díoḃ!” ar sise. “Feuċ,” ar sise, “is dóċa gur b'í an long ṁór san i lár baill long an Iarla.”

“Ní h-í, a rígan”, arsa Sitric. “Siní long Ḃruadair. An ḃfeicean tú an long ṁór eile úd ṫoir ar fad? An long go ḃfuil an buṫaire mór deataiġ ag eiriġe aisti?”

“Ċím í,” arsa Béibionn.

“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.

“Is moċ ar maidin atáṫaoí araon 'ġá n-iniúċaḋ, a ċlann ó,” arsa Gormḟlaiṫ laistiar de'n ḃeirt.

Do baineaḋ geit dáiríriḃ a' Sitric mar níor ṁoṫuiġ sé ag teaċt í. Do leig Béibionn uirṫi gur baineaḋ geit aisti féin, leis, agus ḋein sí an leigint uirṫi ċóṁ maiṫ san gur ṡaṁluiġ an Árdrígan gur baineaḋ.

Ṫug an triúr tamal sa n-áit ag breiṫniuġaḋ na loingeas agus na slóġ. Ansan dúḃairt Béibionn go raiḃ an ṁaidion glas, agus d'imṫiġ sí. Níor ḃ' ḟada go ndúḃairt Gormḟlaiṫ gur ḃ' ḟíor do Ḃéibionn é, go raiḃ an ṁaidion glas, agus d'imṫiġ sí. Ċóṁ luaṫ agus a ṫuig Sitric ná raiḃ aoinne 'ġá ṫaḃairt fé ndeara ṫáinig sé go seómra Béibionn.

“Cad é seo ort, a Ḃéibionn?” ar seisean.

“Tá sé buailte isteaċ am' aigne, a ríġ,” ar sise “go ḃfuil éagcóir 'á déanaṁ ort, éagcóir ṫrom.”

“Cad a ḃuail an níḋ sin isteaċ ad' aigne?” ar seisean.

“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí ċóṁ cruinn agus d'ḟéadfair ar na focalaiḃ, cad í an ċaint a dúḃraḋ idir an gceaṫrar agaiḃ indé, idir ṫusa agus Bruadar agus Aṁlaoiḃ agus do ṁáṫair.”

D'inis sé ḋi an ċaint ċóṁ maiṫ agus d'ḟéad sé é. D'éist sí leis go dtí go raiḃ an ċaint ráiḋte aige. [ 299 ]“Seaḋ!” ar sise, “ṫugais leat an ċaint cruinn go leór.”

Ní ḟeidir sé an doṁan cad a ḃí ag teaċt.

“Ḃíos ag éisteaċt liḃ aréir,” ar sise, “a gan ḟios daoiḃ. Adṁuiġim é agus ní'l aon náire 'n-a ṫaoḃ orm. D' airiġeas do ṁáṫair 'ġá ráḋ liḃ dul a ċodla. Ċuaḋaḃair a ċodla. Ní ḟeadar ar ċuais-se a ċoḋla aċ tá ḟios agam ná déiġ Aṁlaoiḃ a ċodla. D'ḟill sé ṫar n-ais agus ṫug sé féin agus do ṁáṫair tamal maiṫ de'n oíḋċe ag caint. Do taraingeaḋ anuas an uile ḟocal de'n ċaint a ḃí eadraiḃ ar bórd na loinge. Ḋeineadar ana ṡult de'n ċuma 'n-ar ḋein sí amaċ ná raḃais-se aċ fiċe bliain d' aois agus gur ḃ'é Aṁlaoiḃ an mac léi a rugaḋ tar éis ḃáis a aṫar, 'sé sin tar éis ḃáis Aṁlaoiḃ, agus gur mar ġeall air sin a tugaḋ Aṁlaoiḃ óg air. Ba ḋóiċ leat go gcuirfidís araon an t-anam amaċ ag gáirí, fé n-a n-anál, an ḟaid a ḃí an méid sin ar siúḃal acu. Aċ níor ḃ' aon rud an méid sin suilt seaċas an sult a ḃí acu nuair a ṫaraingeadar ċúċa conus mar a ċuir do ṁáṫair cosg leis an gcaint ar eagla go leigfeaḋ Bruadar amaċ sgéal áiriġṫe éigin, níḋ éigin a ṫeastuiġ ó'n dtriúr a ċoimeád uait-se.

“Sidiad anois agat, a ríġ, na ceisteana atá os cóṁair m' aigne agus atá ag déanaṁ buarṫa ḋom. Cad é an níḋ é seo atá acu d'á ċoimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár ḃ'ḟoláir an ċaint do ċosg ar eagla go leigfeaḋ Bruadar amaċ, ad' láṫair, aon ḃalaiṫ ḋé? Cad é an bríġ a ḃí ag Aṁlaoiḃ leis an sult a ḋein sé, ad' láṫair féin, amuiċ ar an loing, de'n rud gur ḋóiċ le h-aoinne go n-eistfeaḋ sé a ḃéal 'n-a ṫaoḃ? — ‘Cad 'n-a ṫaoḃ, a ḃiṫeaṁnaiġ,’ arsa Bruadar, ‘nár innsis dom ná feacaís t' aṫair riaṁ?’ — ‘Le h-eagla,’ arsa Aṁlaoiḃ, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ‘náċ ṡiní mo ṁáṫair 'ġá innsint duit ná feaca m' aṫair riaṁ.’ — Tá sé [ 300 ]daingean am' aigne, a ríġ, go ḃfuil níos mó idir an dtriúr 'ná mar a ṫuigean aoinne aċ iad féin. Tá uisge-fé-ṫalaṁ d'á ḋéanaṁ ad' ċoinniḃ, a ríġ, agus neósfad duit cad é an t-uisge-fé-ṫalaṁ é. Má ṫuitean m' aṫair-se táṫar ċun Árdríġ ḋéanaṁ de Ḃruadar.’

“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do ṁeaḃair.”

“Feuċ isteaċ sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breiṫniġ é, agus meaġaiġ é, agus cuirfead geall go ndéarfair go ḃfuil an ceart agam. Cad tá acu d'á ċoimeád uait? Siní an ċeist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor ċoimeádais-se aon níḋ uaṫa-san riaṁ. Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus náċ maiṫ leó aon ġaoṫ ḋé do leigint ċúġat-sa?”

Do léim Sitric 'n-a ṡeasaṁ. Siúḃluiġ sé an seómra síos agus suas ar feaḋ tamail, díreaċ mar a ḋéanfaḋ a ṁáṫair. Nuair a ḃí greas rástála déanta aige do stad sé ar aġaiḋ na Banríġne amaċ:—

“Dar so 's súd, a Ḃéibionn,” ar seisean, “aċ tá an ceart agat! Ċím anois é go soiléir. Cad a ḋall mé? Náċ é é 'n-a steiliḃeaṫaiġ! Agus ó, náċ aiṫreaṁail an mac é! Ó, cad a ḋall mé! Cad a ḋall mé! Déanfaiḋ sí Árdríġ ḋé! Ansan déanfar Árdríġ d'Aṁlaoiḃ 'n-a ḋiaiġ. Táim-se sa tslíġ. Cad a ċóṁairleófá ḋom a ḋéanaṁ, a Ḃéibionn?”

“Ná leig ort go ḃfuil aon ḃlúire droċ aṁrais agat orṫa,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluaġ ṁaiṫ láidir agat-sa féin i gcóir an ċaṫa so. Leig iad súd i dtreó Ḋál gCais sa ċaṫ. Socaró'id Clann Ċais a lán des na ceisteanaiḃ seo.”

“Is maiṫ í do ċóṁairle, a Ḃéibionn,” ar seisean. “Is truaġ ċráiḋte náċ í do ċóṁairle a ġlacas ó ṫusaċ i n-inead cóṁairle Ġormḟlaiṫ. Ó, naċ baileaċ a ċoimeád sí uainn an méid úd!” [ 301 ]“Nuair a ḃí Aṁlaoiḃ i gCeann Cora agus i n-Inis Caṫaiġ iseaḋ ṫug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.

“Is uaṫḃásaċ an ḃean í!” arsa Sitric, “agus tá Aṁlaoiḃ maiṫ a dóṫin di. Tá sé aiṫreaṁail, máiṫreaṁail.”

“Tá,” arsa Béibionn, “aċ ní h-é an taoḃ fóġanta de'n dúċas a ṫug sé leis ó aṫair ná ó ṁáṫair.”

“Ní puínn fóġantaċta a ḋ'ḟéadfaḋ sé a ṫaḃairt ó aon taoḃ acu,” arsa Sitric.

Ḃí an t-am ann ċun dul fé ḋéin béile na maidine. Ċuadar isteaċ i seómra an ḃíḋ. Ḃí Gormḟlaiṫ istiġ rómpa.

“Móra ḋaoiḃ, a ċlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnaḋ liom a lán cainte ḃeiṫ agaiḃ le déanaṁ indiu. Ní dóċa go mbeiḋ puínn eile caoi ar ċaint agaiḃ go dtí go mbeiḋ buaḋ an ṁór-ċaṫa so ar taoḃ éigin. Ansan beiḋ gaċ aon níḋ ar ḃúr dtoil agaiḃ má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ gceart.”

“Agus má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ eile, a ṁáṫair, cad a ḋéanfaimíd?” arsa Sitric.

“Má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ eile,” arsa Gormḟlaiṫ, “ní ḃeiḋ aon ġáḋ le caint againn. Deineaḋ gaċ fear a ġníoṁ féin sa ċaṫ agus ní baoġal ná go mbeiḋ an buaḋ ar ár dtaoḃ féin.”

“Cad tá ag coimeád Aṁlaoiḃ?” arsa Béibionn.

“Ní ḟeaca indiu é,” arsa Gormḟlaiṫ. “Is dóċa go mb’ ḟéidir go ḃfuil tuirse air tar éis an lae 'ndé.”

Ċríoċnuiġdar an béile. Níor ṫáinig Aṁlaoiḃ.

“Is fearr glaoḋaċ air,” arsa Sitric. “Raġad agus glaoḋfad air.”

D'imṫiġ sé. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sé.

“Ní'l sé 'n-a ṡeómra,” ar seisean.

“Is mór an iongnaḋ,” arsa Gormḟlaiṫ, “é ḋ'eiriġe ċóṁ moċ. Má's ag feuċaint ar ár mór-ṡluaġ a ḃí sé náċ mór an iongnaḋ ná feacamair é.” [ 302 ]“Níor luiġ sé ar a leabaiḋ i n-aon ċor aréir, a ṁáṫair,” arsa Sitric.

Ṫáinig iongnaḋ uirṫi, díreaċ mar a ṫiocfaḋ dá mb' a gan ḟios a ṫiocfaḋ an sgéal uirṫi. Níor ḃ' eaḋ. Ḃí ḟios aici go maiṫ nár ċodail sé sa ríġṫeiġlaċ an oíḋċe roim ré. Ḋein sí an iongnaḋ ċóṁ maiṫ san gur ṁeas an ḃeirt eile go raiḃ an iongnaḋ uirṫi dáiríriḃ.

Ḃí Aṁlaoiḃ imṫiġṫe amaċ go loing Ḃruadair agus teaċtaireaċt aige do Ḃruadar ó Ġormḟlaiṫ.

Do ġluais Gormḟlaiṫ ar fuid an ríġṫeiġlaiġ ag ceistiúċán ar na seirḃísiġ feuċaint cé ba ḋéanaiġe a ċonaic an tiġearna óg, Aṁlaoiḃ, agus canad a ċonacṫas é. Ní ḃfuair sí aon tuairisg air, níḋ nár ḃ'iongnaḋ. Ní ḟeacaiḋ aoinne acu é ó ċonacadar go léir é féin agus an ríġ agus an Ardrígan ag teaċt isteaċ ar an mbád um tráṫnóna indé roimis sin.

Ḋein Gormḟlaiṫ dearṁad. Ḋein sí an iomad ceis- tiúċáin. Nuair a ċonaic Béibionn an ceistiúċán ṫuig sí ná raiḃ ann aċ púicín. Ṫug sí cogar do'n ríġ.

“Ní'l sa ċeistiúċán san aċ púicín, a ríġ,” ar sise. “Tá ḟios ag Gormḟlaiṫ cá ḃfuil Aṁlaoiḃ imṫiġṫe. Pé ball 'n-a ḃfuil sé imṫiġṫe, a rí,” ar sise, “ní ar ṁaiṫe le ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ atá a ṫriall.”

“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuċaint go cruinn ċun an méid sin sgéil,” ar seisean.

Ansan do laḃair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormḟlaiṫ.

“Feuċaíg, a ríogna,” ar seisean. “Indiu an Ṁáirt. Ní dóiċ liom gur ró ḟada uainn an caṫ. Tá slóiġte an Árdríġ naċ mór cruinniġṫe i gCill Ṁaiġneann. Ní mór dóm-sa imṫeaċt agus neart slóġ Loċlanaċ na h-Éirean do ċur sa n-inead atá ceapaiṫe ḋóiḃ ar talaṁ an ċaṫa. Beiḋ siad féin agus slóiġte ríġ Laiġean i n-aice ċéile. Is dóiċ [ 303 ]liom go ḃfuil na Laiġniġ ollaṁ ċeana féin. Fágfar anso oiread nirt agus ċosanóċaiḋ an ríġṫeiġlaċ so pé cuma 'n-a ngeoḃaiḋ an caṫ. Fanaiġ-se araon anso istiġ go dtí go mbeiḋ an buaḋ ar ṫaoḃ éigin. Má ḃíon an buaḋ ag Brian ní baoġal go ndéanfaiḋ sé aon anċor a ṫaḃairt d' aoinne agaiḃ-se. Má ḃíon an buaḋ againn féin beiḋ gaċ aon rud go maiṫ.”

D'imṫiġ sé agus d'ḟág sé ansan an ḃeirt.

B' ṡiniad an ḃeirt ná raiḃ aon ġráḋ ró ṁór acu d'á ċéile. Aċ an t-é a ċífeaḋ iad i ḃfoċair a ċéile ní h-é sin ba ḋóiċ leis.