Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/304

From Wikisource
This page has not been proofread.
300
NIAṀ

daingean am' aigne, a ríġ, go ḃfuil níos mó idir an dtriúr 'ná mar a ṫuigean aoinne aċ iad féin. Tá uisge-fé-ṫalaṁ d'á ḋéanaṁ ad' ċoinniḃ, a ríġ, agus neósfad duit cad é an t-uisge-fé-ṫalaṁ é. Má ṫuitean m' aṫair-se táṫar ċun Árdríġ ḋéanaṁ de Ḃruadar.’

“Eist! eist! a rígan,” arsa Sitric. “Taoín tú as do ṁeaḃair.”

“Feuċ isteaċ sa sgéal,” arsa Béibionn, “agus breiṫniġ é, agus meaġaiġ é, agus cuirfead geall go ndéarfair go ḃfuil an ceart agam. Cad tá acu d'á ċoimeád uait? Siní an ċeist. Cad tá acu le coimeád uait? Níor ċoimeádais-se aon níḋ uaṫa-san riaṁ. Cad é an sgéal é seo atá idir iad féin agus Bruadar agus náċ maiṫ leó aon ġaoṫ ḋé do leigint ċúġat-sa?”

Do léim Sitric 'n-a ṡeasaṁ. Siúḃluiġ sé an seómra síos agus suas ar feaḋ tamail, díreaċ mar a ḋéanfaḋ a ṁáṫair. Nuair a ḃí greas rástála déanta aige do stad sé ar aġaiḋ na Banríġne amaċ:—

“Dar so 's súd, a Ḃéibionn,” ar seisean, “aċ tá an ceart agat! Ċím anois é go soiléir. Cad a ḋall mé? Náċ é é 'n-a steiliḃeaṫaiġ! Agus ó, náċ aiṫreaṁail an mac é! Ó, cad a ḋall mé! Cad a ḋall mé! Déanfaiḋ sí Árdríġ ḋé! Ansan déanfar Árdríġ d'Aṁlaoiḃ 'n-a ḋiaiġ. Táim-se sa tslíġ. Cad a ċóṁairleófá ḋom a ḋéanaṁ, a Ḃéibionn?”

“Ná leig ort go ḃfuil aon ḃlúire droċ aṁrais agat orṫa,” ar sise. “Sgaoil leó. Tá sluaġ ṁaiṫ láidir agat-sa féin i gcóir an ċaṫa so. Leig iad súd i dtreó Ḋál gCais sa ċaṫ. Socaró'id Clann Ċais a lán des na ceisteanaiḃ seo.”

“Is maiṫ í do ċóṁairle, a Ḃéibionn,” ar seisean. “Is truaġ ċráiḋte náċ í do ċóṁairle a ġlacas ó ṫusaċ i n-inead cóṁairle Ġormḟlaiṫ. Ó, naċ baileaċ a ċoimeád sí uainn an méid úd!”