liom go ḃfuil na Laiġniġ ollaṁ ċeana féin. Fágfar anso oiread nirt agus ċosanóċaiḋ an ríġṫeiġlaċ so pé cuma 'n-a ngeoḃaiḋ an caṫ. Fanaiġ-se araon anso istiġ go dtí go mbeiḋ an buaḋ ar ṫaoḃ éigin. Má ḃíon an buaḋ ag Brian ní baoġal go ndéanfaiḋ sé aon anċor a ṫaḃairt d' aoinne agaiḃ-se. Má ḃíon an buaḋ againn féin beiḋ gaċ aon rud go maiṫ.”
D'imṫiġ sé agus d'ḟág sé ansan an ḃeirt.
B' ṡiniad an ḃeirt ná raiḃ aon ġráḋ ró ṁór acu d'á ċéile. Aċ an t-é a ċífeaḋ iad i ḃfoċair a ċéile ní h-é sin ba ḋóiċ leis.
CAIBIDIOL XI.
FUADAR AGUS FLOSG AGUS GIODAM.
Um an dtaca 'n-a raiḃ slóiġte na Loċlanaċ agus a luċt conganta socair 'n-a gcábánaiḃ ar an maċaire, fan na tráġa, ar an dtaoḃ ṫuaiḋ de ċuan Áṫa Cliaṫ, ḃí slóiġte Ḃriain ag teaċt go tiuġ isteaċ ar ṁaċaire Cille Maiġneann, mar ar ġnáṫ le Brian longṗort a ḋéanaṁ i gcóṁnuíġe nuair a ṫagaḋ sé féin agus a ṡlóiġte andeas ó'n Múṁain, ag cur smaċta ar Loċlanaċaiḃ Áṫa Cliaṫ, nó ag cur eagla a ċóṁaċta ar na Gaeḋlaiḃ a ġaḃaḋ a bpáirt. Ċuaiḋ gaċ ríġ des na ríġṫiḃ a ṫáinig andeas an uair sin ċun na h-áite 'n-ar ġnáṫ leis dul, é féin mar ba ġnáṫ leó a ḋéanaṁ. Ḃí gaċ ríġ agus a ḃuiḋean féin ag cur a gcábán suas fé mar a ṡroisidís an áit, agus ní raiḃ aon ḃuiḋean ag teaċt sa tslíġ ar ḃuiḋin eile, ná ní raiḃ aiġneas ná diospóireaċt ná aḃcóidiġeaċt ar siúḃal.