Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/308

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
304
NIAṀ

Ḃí cábán Taiḋg Ṁóir uí Ċealla sa n-áit 'n-a mbíoḋ sé i gcóṁnuíġe, i n-aice le cábán an Árdríġ, agus ḃí cábán Ṁaoilruanaiḋ na Paidre i n-aice le cábán Ṫaiḋg Ṁóir. D'ḟág san caoi ag Conn agus ag Ṫaḋg Óg ua Cealla ar ḃeiṫ go minic i ḃfoċair a ċéile, agus ḃíoḋ Caoilte agus Lonán i ḃfoċair na beirte sin ċóṁ minic agus d'ḟéadaidís é. Minic go maiṫ ab eaḋ san, mar ní raiḃ cábán a n-aṫar ró ḟad ó'n áit. D'ḟág san, leis, caoi ag Niaṁ ar ḃeiṫ go minic n-a ḃfoċair go léir, agus ar a lán eóluis a ḋ'ḟáġail ó Ċaoilte ar an gcuma 'n-a raiḃ an tsluaġ go léir suiḋte, agus ar cad é an saġas an naṁaid agus cad a ḃí acu d'á ḋéanaṁ. B'é gnó an ġiolla turais gaċ eólus de'n tsórd san so ṡoláṫar agus do ḃeiṫ aige, agus ní baoġal ná go raiḃ Caoilte tugṫa go maiṫ ċun an ġnóṫa san do ḋéanaṁ, agus ċun gaċ aon ḃlúire eóluis, fé mar a ṫagaḋ sé suas leis, do ṫaḃairt ag triall ar Niaṁ. Do ṫugaḋ sé ag triall ar Niaṁ é ċóṁ luaṫ agus ṫugaḋ sé ag triall ar Ḃrian é.

Ḃí cuid ṁaiṫ des na Loċlanaiġ a ḃí 'n-a gcóṁnuiġe i n-Éirinn an uair sin, ar ṁór-ṡluaġ Ḃriain, i gCill Ṁaiġneann, ag caḃruġaḋ leis sa ċaṫ san, agus ḃí ceart Éireanaċ, do réir dliġṫe na h-Éirean, curṫa i ḃfeiḋm aige ḋóiḃ féin agus d'á slioċt, mar ġeall ar an gcaḃruġaḋ san.

Ḃí Ospac ann agus an méid nirt slóġ a ṫáinig adtuaiḋ leis ó-s na h-oileánaiḃ nuair a ḋ'euluiġ sé ó Ḃruadar. Do ġlac sé féin agus a ḋaoine an Creideaṁ, agus do ḃaist Colla iad i n-Inis Caṫaiġ, agus ċuireadar fé ċomairce Ṡeanáin iad féin. Ansan do ṫánadar, i n-aonḟeaċt le mór-ṡluaġ Ḃriain, ċun an ṁór-ċaṫa. Do ṫuigeadar go raiḃ an caṫ le troid ar son an Ċreidiṁ, agus ḃí ḟios acu go raiḃ neaṁ le fáġail ag an té do ṫuitfeaḋ i gcaṫ a troidfí ar son a Ċreidiṁ.

Ḃí M'lṡeaċlainn Mór ann, ríġ na Míḋe, agus deiċ gcéad fear aige.