CAIBIDIOL X.
OSGAILT SÚL DO ṠITRIC.
Níor ċodail Sitric aon néal an oíḋċe sin. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig solus an lae ḃí sé ṫuas ar ḃara an ríġṫeiġlaiġ agus é ag feuċaint soir-óṫuaiḋ ar an líne fada loingeas a ḃí sínte ar an uisge ó Ḃinn Éadair go h-Áṫ Cliaṫ, agus ar an líne cábán a ḃí sínte fan ċiúṁais na tráġa, amuiċ ar an dtalaṁ tirm, agus é ċóṁ fada le líne na loingeas. Ḃí an maċaire, lasmuiċ des na cábánaiḃ, clúdaiġṫe le slóiġtiḃ dúḃa daoine agus iad ag cur neiṫe i dtreó dóiḃ féin i gcóir ḃéile na maidine. Ḃí Sitric ag feuċaint ar na loingeas agus ar na cábáin agus ar na slóiġte daoine, agus ḃí a aigne ana ṫré n-a ċéile.
“Is eagal liom”, ar seisean i n' aigne féin, “náċ é mo leas a ḋeineas nuair a ṫugas ansan siḃ. Dá mbéaḋ siḃ go léir sa ḃaile airís, gaċ duine agaiḃ 'n-a ḋúṫaiġ féin, ḃéaḋ siḃ ann tamal sar a' dtaḃarfainn-se as siḃ. Tá sé déanaċ agam anois ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ air sin.”
Níor ṁoṫuiġ sé an Ḃanríġin, Béibionn, ag teaċt i n' aice. Ċuir sí a láṁ ar a ċuislinn agus ḃí méar na láiṁe eile ar a béal féin aici, mar ċóṁarṫa dó gan foṫram a ḋéanaṁ. D'ḟeuċ sé uirṫi.
“Ná laḃair, a ríġ!” ar sise leis i gcogar. “Tá níḋ agam le h-innsint duit. Tar ċun mo ṡeómra.”
An ḟaid a ḃí an méid sin cainte aici d'á ráḋ ḃí a méar sínte aici i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ na loingeas agus na slóiġte, mar 'ḋ eaḋ gur orṫa a ḃí sí ag feuċaint agus ag tráċt. Níor ṁór di an gliocas. Ní raiḃ aċ an cogar críoċnuiġṫe aici nuair a ḃí Gormḟlaiṫ laistiar di. Do lean