Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/274

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
270
NIAṀ

Ċóṁ luaṫ agus fuair Murċaḋ imṫiġṫe é do sgaoil sé an focal ameasg na ḃfear, breiṫ air agus é ṫaḃairt ṫar n-ais. Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ ṫar n-ais é. Ḃí an iomad aiṫne air. Do tugaḋ i láṫair Ṁurċaḋ é.

“Pé duine ṫaḃarfaḋ cúl le caṫ,” arsa Murċaḋ leis, “níor ṁeasas gur tusa ḋéanfaḋ é! Seasaiṁ ansan at' inead, agus ná fág an áit airís.”

Ċeap Míċeál nuair a tugaḋ ṫar n-ais é go gcroċfaí é. Ḃí ḟios aige go raiḃ an ċroċ tuillte aige. Nuair nár deineaḋ aċ a ráḋ leis dul agus seasaṁ i n' inead féin ḃí iongnaḋ air. Níor ṫug sé fé ndeara an ḃagairt a ḋein Murċaḋ ar na fearaiḃ eile.

Dá gcroċtí é b'ḟéidir go raġaḋ an sgéal ó ḃéal go béal agus go sroisfeaḋ sé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, agus nár ḃ'ḟearr-de Béibionn san. Dá ḃféadaḋ sé imṫeaċt slán go h-Áṫ Cliaṫ nuair a ḋ'euluiġ sé ṫiocfaḋ an díoḃáil ċéadna as, b'ḟéidir.

Ṡeasaiṁ sé i n' inead féin ameasg na ḃfear an lá san———aċ ní feacaṫas 'n-a ḋiaiġ san é beó 'ná marḃ.



CAIBIDIOL VI.

ÉIGEAN AR RÍĠEAĊT NA ḃFLAṪAS.

Nuair a ḃíoḋ Caoilte i n-Albain ag breiṫniuġaḋ an nirt a ḃí ag Loċlanaiġ i n-Ínsiḃ Orc agus ins na h-oileánaiḃ eile ann, is i dteiġlaċ Ḋóṁnaill ṁic Éiṁin, i Máġ Geirrġinn, a ċaiṫeaḋ sé an ċuid ba ṁó de'n aimsir. Ṫugaḋ sé, sa ċaint a ḃíoḋ eatarṫa, tuairisg cruinn do Ḋóṁnall