ceann folaiġṫe agus níor aiṫin aoinne í. Níor aiṫin Niaṁ féin í, bíoḋ go raiḃ aiṫne ṁaiṫ ṫiar sa ḃaile aici uirṫi féin agus ar a ṁáṫair.
Um ṫráṫnóna an lae a ḋ'imṫiġ Nuala ó ríġṫeiġlaċ Ṡitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do ṫárla gur airiġ duine eile de ṁnáiḃ coíṁdeaċta Ḃéibionn caint idir an dá ríġ, idir Ṡitric agus Maol- mórḋa.
“Ná bíoḋ ceist ort a ríġ,” arsa Maolmórḋa. “Déan- faiḋ Míċeál Ruaḋ an ḃeart. Tá sé i ngnáṫ-ṫeiġlaċ an Árdríġ anois le ċeiṫre bliana, agus tá árd iontaoiḃ ag Brian as. Tá iontaoiḃ acu go léir as. Is dóiċ le Murċaḋ ná fuil fear eile sa ríġṫeiġlaċ ċóṁ dílis leis. Gormḟlaiṫ a ṫug aiṫne ḋom air. Is cuma leis cé 'cu curfar ċun báis é nó ná curfar nuair a ḃeiḋ an gníoṁ déanta, mar tá geallta againn dó go mbeiḋ fearan saor go deó agá ṁnaoi agus agá ṡlioċt má ċuirean sé Brian as an slíġ uainn. Dá mbéaḋ Brian as an slíġ ḃéaḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn.”
D'imṫiġ an ḃean ċoíṁdeaċta agus d'inis sí do Ḃéibionn an ċaint a ḋ'airiġ sí. D'imṫiġ Béibionn agus ċomáin sí ar siúḃal giolla turais i lár na h-oíḋċe agus leitir eile aige le taḃairt do Niaṁ. D' aimsiġ sé capal maiṫ. Ḃí aiṫne ar na bóiṫriḃ agus ar na cóṁngair aige. Do ṡrois sé an áit 'n-a raiḃ buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Ṫug sé an leitir do Ċaoilte, mar adúḃraḋ, agus ṫug Caoilte do Niaṁ í, agus cuir Niaṁ ag triall ar Ṁurċaḋ í. Do léiġ Murċaḋ í. D'ḟeuċ sé 'n-a ṫímpal. D'ḟeuċ sé ar an ngárda a ċuir sé, indé roimis sin, ó ḃeiṫ i n-aice Ḃriain. Ḃí aiṫne ṁaiṫ aige ar Ṁíċeál Ruaḋ. Ní raiḃ Míċeál Ruaḋ le feisgint i n-aon ḃall. Nuair a deineaḋ an t-aṫaruġaḋ indé roimis sin do ṫuig Míċeál i n' aigne go raiḃ sgéiḋte ag duine éigin air. D'euluiġ sé sa n-oíḋċe as an áit.