“Nuair a ḃeiḋ an leitir taḃarṫa do Niaṁ agat féadfair an cárbat agus an giolla do ḃreiṫ leat siar aḃaile ag triall ar do ṁáṫair. Cuirfiḋ Béibionn fios ort airís i ndiaiġ an ċaṫa. Ní fios cé ḃeiḋ beó an uair sin, áṁṫaċ.”
Do gaḃaḋ capal agus cárbat, agus do cuireaḋ an cailín sa ċárbat agus do cuireaḋ an tsrian i láiṁ an ġiolla.
“Dein an diṫineas is mó a ḋ' ḟéadfair,” arsa'n t-Airċinneaċ leis an ngiolla, “aċ gan súile na ndaoine ṫarang ort aċ ċóṁ beag a's is féidir é.”
Do ġluais an cárbat. Níor ḟéad an giolla oiread diṫinis a ḋéanaṁ agus a measaḋ a ḋéanfaḋ sé, mar ḃí na bóiṫre go léir lán de ḋaoine. Aċ ṫánadar fé ḋeire ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir agus, mar a dúḃraḋ ċeana, do tugaḋ an leitir do Niaṁ agus ċuir Niaṁ ċun Murċaḋ í. Ċóṁ luaṫ agus do léiġ Murċaḋ an leitir d'imṫiġ sé ċun na h-áite 'n-a raiḃ Brian agus d' aṫaruiġ sé na fir a ḃí i n-aice le pearsain an Árdríġ.
Nuala ab ainim do'n ċailín a ṫug an leitir sin do Niaṁ. Ċóṁ luaṫ agus ḃí an leitir taḃarṫa uaiṫi aici d'imṫiġ sí amaċ ċun na h-áite 'n-ar ḟág sí an giolla agus an cárbat. Ḃailiġdar leó amaċ a' brúṫ na slóġ, agus ṫugadar aġaiḋ siar go Cúige Conaċt, ċun na h-áite 'n-a raiḃ máṫair an ċailín 'n-a cóṁnuiġe.
Isé cúis go ndúḃraḋ le Nuala a ceann do ċoimeád folaiġṫe 'ná so. Do ṫuig Béibionn go raiḃ Maolmórḋa tar éis breibe ġeallaṁaint d' ḟear éigin aċ dul i n-aice an Árdríġ sa ġluaiseaċt agus sleaġ do ṡáḋ ann, nó é ċur ċun báis ar ċuma éigin mar sin. Ḃí eagal uirṫi, dá mb' ar an gcuma san a ḃéaḋ an sgéal, do mb' ḟéidir go n-aiṫneóċ an fealltóir Nuala agus ansan go ḃfaġaḋ Sitric amaċ an sgéal go léir, agus go marḃóċ' sé í féin. Níor ḟág sí ar a ċumas Nuala do ṁarḃuġaḋ, pé rud a ṫuitfeaḋ amaċ, mar dúḃairt sí léi dul siar aḃaile. Ċoimeád Nuala a