Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/271

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
267
NIAṀ

aici ṫáinig sí ag triall ar an mBanríġin mar a dúḃraḋ léi.

“Seo anois,” arsa'n Ḃanríġin léi, “cuir ċúġat an dá leitir seo. Taḃair an dá leitir do'n Airċinneaċ, do Ġiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaiḋ sé leat.”

D'imṫiġ an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal agus an cárbat aici, mar ba ġnáṫ. Ċonaic Sitric agus Aṁlaoiḃ agus Gormḟlaiṫ ag imṫeaċt í. Ċonacadar an bosca fíona. Níor ċuiṁniġdar ar aon níḋ eile ḃeiṫ aici, agus níor ċuireadar blúire suime inti.

Ṫáinig sí go Sórd Ċolum Cille. Ṫug sí an dá leitir do'n Airċinneaċ. D' osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eaḋ í. Do léiġ sé í. Ṫug an cailín fé ndeara gur iompuiġ a liṫ ann.

“An ḃfuil ḟios agat cad 'tá sa leitir seo atá léiġte agam?” ar seisean leis an gcailín.

“Tá tuairim agam dó, a Aṫair,” ar sise.

“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a ḋéanfaiḋ an gnó 'ná mar a ḋéanfair-se é.”

“Agus cá ḃfuil inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla le fáġail?” arsa'n cailín.

“Tá sí le fáġail,” arsa'n t-Airċinneaċ, “i mbuiḋean a h-aṫar, sa ṁór-ṡluaġ atá ag teaċt aniar ó Ċeann Cora. Cuirfead cárbat agus giolla leat. Ṫaḃarfainn an leitir do'n ġiolla le breiṫ siar aċ deir an Ḃanríġin gan an leitir a ṫaḃairt d'aoinne aċ duit-se. Agus deir sí go gcaiṫfir do ċeann a ċoimeád folaiġṫe go maiṫ, le h-eagla go n-aiṫneófaí ṫu. Caiṫfiḋ Niaṁ an leitir a ḋ'ḟáġail a gan ḟios d' aoinne, agus caiṫfiḋ sí an leitir a ḋ'ḟáġail gan a ḟios a ḃeiṫ aici cé uaiḋ go ḃfaiġiḋ sí í.”

“Tá go maiṫ,” arsa'n cailín. “Dúḃairt Béibionn liom go neósfá-sa ḋom cad a ḃéaḋ le déanaṁ agam.”