Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/275

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
271
NIAṀ

ar an gcuma n-a raiḃ gaċ aon rud ag dul ċun cinn i n-Éirinn. Ḃíoḋ Dóṁnall coitċianta 'ġá ċeistiú' i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus i dtaoḃ Ḋál gCais go léir.

Ṫugaḋ Caoilte cuid d'á aimsir, leis, i ḃfoċair Ṁuireaḋ- aiġ, Mórṁaor Leaṁna, agus ċaiṫeaḋ sé na tuairisgí céadna ṫaḃairt dó san ar an gcuma 'n-ar ṡeasaiṁ cóṁaċt Ḃriain, agus ar gaċ dóċas a ḃí go ḃféadfaḋ sé seasaṁ i n-aġaiḋ na mór-ċóṁaċt a ḃí ag cruinniú' as gaċ áird 'n-a ċoinniḃ.

Ḃí ana ḃáiġ ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaeḋlaiḃ. Níor ḃ'iongnaḋ báiġ a ḃeiṫ ag Dóṁnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do ṡiólraiḋ an ḃeirt. Ó Ġaeḋlaiḃ a ṡiolraiḋ Muireaḋaċ leis. D'á éaġmuis sin, níor ḃ' aon iongnaḋ dúil ṁór a ḃeiṫ ag an mbeirt go mbuaḋfaḋ Brian sa ṁór-ċaṫ a ḃí ag teaċt, mar dá mb' ag na geintiḃ a ḃéaḋ an buaḋ do ċuirfidís deire leis an gCreideaṁ a ṁúin Colum Cille do Ġaeḋlaiḃ agus do Ċruiṫneaċaiḃ Alban, agus níor ṁiste deiṁin a ḋéanaṁ dé go ndéanfaidís Gaeḋil Alban do ḋísgiuġaḋ.

Ḃíoḋ Caoilte 'ġá innsint do'n ḃeirt cad é an saġas fir Brian, agus cad é an saġas fir Murċaḋ, agus cad é an saġas fir Dúlainn, agus Maolruanaiḋ na Paidre, agus Taḋg Mór ua Cealla.

“Agus,” arsa Dóṁnall, “cad é an saġas an cailín seo, inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, go ḃfuilimíd boḋar ag gaċ aoinne ag molaḋ a h-áilneaċta?”

Nuair a cuireaḋ an ċeist sin ċuige do las Caoilte go bun na gcluas. Ansan do ḃánuiġ sé ċóṁ bán le cailc.

D' ḟeuċ Dóṁnall air agus ṫuig sé an sgéal go léir láiṫreaċ, dar leis féin.

“Is dóċa,” ar seisean, “gur fíor an ċaint a deirtear, go ḃfuil sí níos áilne 'ná Gormḟlaiṫ féin.”

“Is fíor, a ríġ,” arsa Caoilte. “Tá sí níos áilne ná