Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/276

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
272
NIAṀ

mar a ḃí Gormḟlaiṫ riaṁ. Ní h-é an saġas céadna áilneaċta atá ionta. Tá sé ċóṁ maiṫ agam an sgéal go léir a ḋ'innsint duit, a ríġ,” ar seisean le Dóṁnall.

Ansan ṫáinig sé i dtusaċ an sgéil agus d'inis sé do Ḋóṁnall, ó ṫusaċ go deire, gaċ aon rud a ḃí aige le h-innsint i dtaoḃ Niaṁ; conus a ḃain a h-áilneaċt a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé an ċéad uair a ċonaic sé í; conus mar a ḃí éad ar Ċonn ċuige mar ġeall uirṫi; conus mar adúḃairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríġṫiḃ óga, go raiḃ socair aici 'n-a h-aigne gan pósaḋ i n-aon ċor, aċ fanṁaint i ḃfoċair a h-aṫar an ḟaid a ṁairfeaḋ a h-aṫair, agus ansan maireaċtaint singil ar an saoġal so go dtí go leanfaḋ sí é.

Fear breaġ daṫaṁail uasal cumasaċ ab eaḋ Dóṁnall. D'éist sé le Caoilte an ḟaid a ḃí Caoilte ag caint. Ṫuig sé i n' aigne nár ḃ'ḟoláir nó gur ḃ'uaṫḃásaċ an áilneaċt a ḃí sa rígan óg san. Dúḃairt sé leis féin gur dóċa gur ḃ'é cúis go ndúḃairt sí go raiḃ a h-aigne socair ar gan pósaḋ mar nár ṫaiṫn aoinne des na fearaiḃ óga san léi. Go mb' ḟéidir dá ḃfeiceaḋ sí an fear a ṫaiṫnfeaḋ léi go n-aṫaróċaḋ sí an socaruġaḋ san. Níor leig sé air le Caoilte go raiḃ aon ṁaċtnaṁ de'n tsórd san i n' aigne. Ḃí sé i mbéalaiḃ na ndaoine go léir go raiḃ Sitric ċun a ṁáṫar féin, Gormḟlaiṫ, a ṫaḃairt le pósaḋ d' Iarla Ínsí h-Orc. Ḃí tuairim ag daoine go raiḃ sí geallta aige do níba ṁó 'ná an t-Iarla san. Gan aṁras ḃí Gormḟlaiṫ ag dul amaċ ins na bliantaiḃ. Aċ má ḃí féin na geallaṁna úd ann. Is dóċa gur ṫuig Sitric go mb’ḟéidir go socaróċ' an caṫ, nuair a ṫiocfaḋ sé, a lán de'n tsaġas san geallaṁna.

Ṫuig Dóṁnall i n' aigne dá ḃféadaḋ sé féin Niaṁ a ḋ' ḟáġail go mbéaḋ bean aige a ḃéaḋ níob' áilne, agus níob' ḟearr ar gaċ aon tsaġas cuma, 'ná an ḃean so a ḃí