Niamh/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Mícheál Ruadh
[ 262 ]

CAIBIDIOL V.

MÍĊEÁL RUAḊ.

Ḃí Brian agus a ġnáṫ-ṫeiġlaċ tamal soir ó Ċeann Cora, ar ḃóṫar Áṫa Cliaṫ, agus iad ag gluaiseaċt go h-áluinn agus go stuamḋa agus go míleata. Ḃí buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus buiḋean Ṁaoilruanaiḋ na Paidre ag teaċt 'n-a ndiaiġ. Ḃí Niaṁ 'n-a cárbat i dtusaċ buiḋne Ṫaiḋg. Ṫáinig bean agus clóca uirṫi, agus coċal an ċlóca amaċ ar a ceann aici, i gcóṁngar do'n ċárbat. Ḃagair sí ar Niaṁ. Do stad an cárbat. Do ṡín an ḃean leitir isteaċ ċun Niaṁ agus d' imṫiġ sí. Do léiġ Niaṁ an leitir. D' ḟeuċ sí 'n-a tímpal. Ní raiḃ Caoilte aḃfad ó'n áit. Dúḃairt sí le duine des na fearaiḃ glaoḋaċ air. Ṫáinig sé. Ṫug sí ḋó an leitir. Do léiġ sé í.

“Cad is fearr a ḋéanaṁ, a rígan?” arsa Caoilte.

“Measaim gur fearr an leitir sin a ṫaḃairt do Ṁurċaḋ,” ar sise.

“Is fíor,” arsa Caoilte.

D'imṫiġ sé amaċ i ndiaiġ ġnáṫ-ṫeiġlaiġ an Árdríġ, agus ṫug sé an leitir do Ṁurċaḋ. Ḃí iongnaḋ ar Ṁurċaḋ nuair a léiġ sé an leitir.

“Tá go maiṫ, a Ċaoilte,” ar seisean.

Ṫáinig Caoilte ṫar n-ais.

Lar na ṁáireaċ an lae sin ṫáinig giolla turais ag triall ar Ċaoilte, duine d'á ġiollaíḃ turais féin, agus ṡín sé leitir ċuige. Do léiġ Caoilte í. Siúd ag triall ar Niaṁ é agus ṡín sé ċúiċi an leitir. Do léiġ sí í.

“Ó!” ar sise. “Imṫiġ láiṫreaċ, a Ċaoilte,” ar sise, “agus taḃair í seo leis do Ṁurċaḋ.” Do ḋein.

I dtreó go dtuigfear bríġ agus bunús an dá leitir sin [ 263 ]ní foláir dul siar beagán agus a ḋ'innsint conus a ḋ'imṫiġ le Gormḟlaiṫ ó ḟág sí Ceann Cora agus ó ṫáinig sí go teiġlaċ ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.

Do h-innseaḋ i dtusaċ an sgéil seo conus mar a ṫug Brian a inġean le pósaḋ do Ṡitric, le h-ionaċus go ndéanfaḋ an cleaṁnas san a ċóṁaċt féin do neartuġaḋ leis an gcaradas, dar leis, a ṫiocfaḋ as idir Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ agus Clann Ċais. Béibionn ab ainim do'n inġean san Ḃriain, ainim a ṁáṫar féin. Rígan ana ċiallṁar, ana ṫuisgionaċ ab eaḋ í. Do coimeádaḋ uaiṫi an t-uisge-fé-ṫalaṁ a ḃí 'á ḋéanaṁ i gcoinniḃ a h-aṫar an ḟaid a ḃí Niaṁ ag déanaṁ na faire, agus ansan, an ḟaid a ḃí Lonán 'ġá leigint air go raiḃ sé ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ sa droċ obair a ḃí ar siúḃal aici. Ċoimeád a muintir féin an sgéal ó Ḃéibionn i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin ċun gan ḃeiṫ ag cur buarṫa uirṫi gan ġátar, agus i dtreó gur ṡuaiṁneasaíġe a ḃéaḋ an saoġal aici nuair a ċífeaḋ Sitric go soiléir ná raiḃ aon ṗioc d' ḟios na droċ oibre aici. Ċoimeád Sitric an t-eólus uaiṫi díreaċ mar a ḋein sé a ḋíċeal ar é ċoimeád ó gaċ aoinne ba ḋóiċ leis a ḋéanfaḋ aon iaraċt ar an ndroċ obair do ċosg.

Aċ nuair a ṫáinig Aṁlaoiḃ ṫar n-ais ó Inis Caṫaiġ ċóṁ h-oban, agus nuair nár h-innseaḋ d'aoinne cad é an ċúis, agus ansan, nuair a ṫug sí fé ndeara an disgréid agus an ċogarnaċ ag Aṁlaoiḃ agus ag Sitric, agus an ḃeirt ag stad de pé caint a ḃíoḋ eatarṫa nuair a ṫagaḋ sí 'n-a láṫair, ṫuig sí 'n-a h-aigne go raiḃ rud éigin nár ḃ' ḟóġanta d'á ḃeartuġaḋ acu. D'á ṡoiléire a ṫuig sí an níḋ sin iseaḋ ba lúġa a leig sí uirṫi gur ṫuig sí é féin ná aon níḋ ḋ'á ṡórd, agus iseaḋ ba lúġa a ḃí aon ċuiṁneaṁ acu-san gur ṫuig sí é féin ná aon níḋ ḋ'á ṡórd. Ḃí sí ag faire orṫa go géar agus ní raiḃ aon ċoinne acu go raiḃ. D'á ḟeaḃas faire a ḋein sí, áṁṫaċ, níor ḟéad sí teaċt suas le h-aon [ 264 ]níḋ áiriġṫe do ṫaḃarfaḋ eólus cruinn dí ar cad a ḃí ar siúḃal acu, ná ar cé 'n-a ċoinniḃ go raiḃ an t-uisge-fé- talaṁ 'á ḋéanaṁ.

Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormḟlaiṫ go h-Áṫ Cliaṫ. Ansan do ṫuig Béibionn go raiḃ donas éigin ṫar na beartaiḃ déanta. Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ le tuisgint di ná raiḃ Gormḟlaiṫ ag dul ṫar n-ais ag triall ar Ḃrian. Ansan do stadaḋ de ḃeiṫ ag déanaṁ aon ċoimeád ar cad n-a ṫaoḃ gur ṫáinig sí uaiḋ ná ar cad 'n-a ṫaoḃ ná raiḃ sí ag dul ṫar n-ais. Do ṫárla go raiḃ an ceaṫrar i ḃfoċair a ċéile agus gur eiriġ fearg Ġormḟlaiṫ. Do léim sí agus do spriúċ sí. Do ċaiṫ sí ins na súiliḃ ar Ṡitric agus ar Aṁlaoiḃ an bob a ḃuail Lonán orṫa, agus ansan, an bob a ḃuail sé uirṫi féin nuair a ċuaiḋ sé siar ag triall uirṫi agus teistiméireaċt aige uaṫa-san. Ansan do ṫuig Béibionn cad é an bríġ a ḃí leis an ndisgréid agus leis an gcogarnaċ agus leis an stad cainte nuair a ṫagaḋ sí féin. Níor laḃair sí aon ḟocal amaċ as a béal mar ġeall ar an ngníoṁ a measaḋ a ḋéanaṁ ar a h-aṫair. Dúḃairt sí, 'n-a h-aigne féin: “Do ṫeip an méid sin oraiḃ. Ní stadfaiḋ siḃ anois. Déanfaiḋ siḃ iaraċt eile. Ní mór ḋom faire níos fearr a ḋéanaṁ, le h-eagla go mb' ḟéidir ná teipfeaḋ an tarna h-iaraċt oraiḃ.

Níor ḋein sí aon ċeilt ar an ndroċ ṁeas a ḃí aici orṫa, ná ar an ḃfeirg a ḃí uirṫi mar ġeall ar an rud a ċeapadar a ḋéanaṁ. Aċ níor ḋein sí tráċt ar imṫeaċt as an áit mar ġeall air. Níor ḃ'ḟada gur ṫuit rud amaċ a ṫaisbeáin di gur ṁaiṫ a ḋein sí é agus fanṁaint.

Ṫáinig ríġ Laiġean ann.

“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ leis, “measaim gur ḋeineas éagcóir ort nuair a dúḃart gur ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian tu. Measaim gur ḃ'ḟearra ḋó go sgaoilfeaḋ sé ṫairis an beiṫiġeaċ. Airiġim go ḃfuil do neart agat d'á [ 265 ]ċruinniuġaḋ go cuṫaiġ. Fíorfair an focal úd a dúḃraís le Murċaḋ; ‘Má cailleaḋ Gleann Ṁáṁa tré m' ċóṁairle,’ arsa tusa, ‘buaḋfar Gleann Ṁáma eile tré m' ċóṁairle.’ An t-annsgian! Mura mbéaḋ an ḃeirt seo ḃeiṫ ċóṁ símpliḋe,” ar sise, “ḃéaḋ sé féin agus a aṫair agus Dúlainn fé 'n ḃfód go tréiṫ anois.”

“Ní gáḋ ḋuit é ċur ar an mbeirt seo, a ṁáṫair,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ḃí aimsir do ḋóṫin agat ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ sar a ndéiġ Lonán ag triall ort, agus níor ḋeinis é. Níor ḋeinis, agus ní ḋéanfá ó ṡin é, pé caoi a ḃéaḋ agat air, an ḟaid a ḃéaḋ inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla at' aice! Is dóiċ liom,” ar seisean, “dá mbéaḋ sí aḃfad at' aice go ndéanfaḋ sí mírḃuilt ort, a ṁáṫair,” agus ċuir sé drana ġáire as. Níor ḋeas an drana-ġáire é, ḃí sé ċóṁ diablaíḋe agus an ġnúis ċóṁ h-áluinn, ċóṁ h-óg. An t-é a ċífeaḋ an ġnúis sin an uair sin agus an drana- ġáire, déarfaḋ sé go raiḃ duine i n-éaġmuis Ġormḟlaiṫ gur ḃ'ḟéidir a ḋiaḃal coíṁdeaċta a ḋ'ḟeisgint uaireanta. Ċonaic Béibionn diaḃal coíṁdeaċta Aṁlaoiḃ an uair sin, agus ċoimeád sí cuiṁne air.

“Cad é sin agat ḋ'á ráḋ, a ċoileáin!” arsa Gormḟlaiṫ. “Cad í an ṁírḃuilt a ḋéanfaḋ sí orm!”

“Ḋéanfaḋ sí naoṁ díot, a ṁáṫair,” ar seisean, “agus ba ṁór an ṁírḃuilt é,” agus do leaṫnuiġ an drana-ġáire.

Do stad sí agus í ag feuċaint air.

“Ní ḋéanfaḋ mírḃuilt féin naoṁ díot-sa!” ar sise.

“Foṫ, foṫ!” arsa Maolmórḋa, “ní'l aon tairḃṫe le teaċt as an saġas san cainte. Cuiriġ uaiḃ í. Ní deirim ná go ḃfuil rud déanta agam-sa do ċuirfiḋ ċun cinn an ḃeart so do ṫeip ar ṫriúr agaiḃ-se.”

Do léim Sitric agus ċuir sé bas ar ḃéal ríġ Laiġean, agus ṡín sé a ṁéar i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ Béibionn 'n-a seasaṁ i lúib na finneóige. Ḋruid sí isteaċ sa lúib [ 266 ]sin nuair a ṫusnuiġ an ċaint ar ḋul i n-olcas idir Ġormḟlaiṫ agus Aṁlaoiḃ. D' airiġ sí an focal, áṁṫaċ, a' béal ríġ Laiġean, aċ níor leig sí uirṫi gur airiġ. Do riṫ cailín isteaċ, duine de ṁnáiḃ coíṁdeaċta Ḃéibionn.

“Ó!” ar sise, “tá an cuan lán de loingeas!”

Do riṫ gaċ aoinne amaċ aċ Béibionn.

“Tar a leiṫ, a laoġ,” ar sise leis an gcailín. “Ṫáinís anso i n-aonḟeaċt liom-sa,” ar sise. “Tá ḟios agam náċ miste ḋom rún a ṫaḃairt duit. Tá, mar is eól duit, mar is eól do gaċ aoinne, Loċlanaiġ an doṁain ag cruinniuġaḋ a neart i n-aġaiḋ na h-Éirean agus i n-aġaiḋ Árdríġ Éirean. Tá an t-Árdríġ ag cruinniuġaḋ neart na nGaeḋal ċun na h-Éirean do ċosaint. Tuigid ríġṫe Loċlanaċ dá mbéaḋ Árdríġ Éirean as an slíġ go dtuitfeaḋ cóṁaċt na nGaeḋal as a ċéile agus nár ḋeacair an láṁ uaċtair a ḋ' ḟáġail orṫa. Tá, d'á ḃríġ sin, iaraċt ṁalluiġṫe d'á déanaṁ le fada ar an Árdríġ do ċur ċun báis le niṁ. Tá teipiṫe glan ar an iaraċt san. Siné fé ndeara Gormḟlaiṫ a ḃeiṫ anso anois. Tá iaraċt eile d'á ḋéanaṁ anois. Tá feall éigin eile d'á ḋéanaṁ anois ar m' aṫair. D' airiġeas an focal ó ċiainiḃ ó ríġ Laiġean. ‘Tá rud déanta agam-sa,’ ar seisean, ‘do ċuirfiḋ ċun cinn an ḃeart so do ṫeip ar ṫriúr agaiḃ-se.’ Ní dúḃairt sé a ṫuille mar do ċuir Sitric láṁ ar a ḃéal. Ní dóiċ leó gur airiġeas-sa an focal. Ní mór sgéala ċur láiṫreaċ ag triall ar an Árdríġ. Indiu an lá ċun an ḟíona do ċur siar go Sórd Ċolum Cille. Imṫiġ, a laoġ, agus cuir an fíon sa ḃosca mar is gnáṫ leat a ḋéanaṁ, fíon Aifrinn, agus tar ċúġam anso nuair a ḃeiḋ san déanta agat.”

D'imṫiġ an cailín agus ċuir sí an fíon sa ḃosca. Ba ġnáṫ le Béibionn an fíon san do ċur ċun na mainistreaċ san, agus d'á ḃríġ sin níor ċuir aoinne aon tsuim sa rud a ḃí ag an gcailín 'á ḋéanaṁ. Nuair a ḃí an bosca i dtreó [ 267 ]aici ṫáinig sí ag triall ar an mBanríġin mar a dúḃraḋ léi.

“Seo anois,” arsa'n Ḃanríġin léi, “cuir ċúġat an dá leitir seo. Taḃair an dá leitir do'n Airċinneaċ, do Ġiolla Pádraig, agus dein an rud a déarfaiḋ sé leat.”

D'imṫiġ an cailín agus do rug sí léi an bosca, agus an capal agus an cárbat aici, mar ba ġnáṫ. Ċonaic Sitric agus Aṁlaoiḃ agus Gormḟlaiṫ ag imṫeaċt í. Ċonacadar an bosca fíona. Níor ċuiṁniġdar ar aon níḋ eile ḃeiṫ aici, agus níor ċuireadar blúire suime inti.

Ṫáinig sí go Sórd Ċolum Cille. Ṫug sí an dá leitir do'n Airċinneaċ. D' osgail sé leitir acu, mar dó féin ab eaḋ í. Do léiġ sé í. Ṫug an cailín fé ndeara gur iompuiġ a liṫ ann.

“An ḃfuil ḟios agat cad 'tá sa leitir seo atá léiġte agam?” ar seisean leis an gcailín.

“Tá tuairim agam dó, a Aṫair,” ar sise.

“An mbéarfá-sa an leitir eile seo ag triall ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla?” ar seisean. “Deir Béibionn ná fuil aoinne is fearr a ḋéanfaiḋ an gnó 'ná mar a ḋéanfair-se é.”

“Agus cá ḃfuil inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla le fáġail?” arsa'n cailín.

“Tá sí le fáġail,” arsa'n t-Airċinneaċ, “i mbuiḋean a h-aṫar, sa ṁór-ṡluaġ atá ag teaċt aniar ó Ċeann Cora. Cuirfead cárbat agus giolla leat. Ṫaḃarfainn an leitir do'n ġiolla le breiṫ siar aċ deir an Ḃanríġin gan an leitir a ṫaḃairt d'aoinne aċ duit-se. Agus deir sí go gcaiṫfir do ċeann a ċoimeád folaiġṫe go maiṫ, le h-eagla go n-aiṫneófaí ṫu. Caiṫfiḋ Niaṁ an leitir a ḋ'ḟáġail a gan ḟios d' aoinne, agus caiṫfiḋ sí an leitir a ḋ'ḟáġail gan a ḟios a ḃeiṫ aici cé uaiḋ go ḃfaiġiḋ sí í.”

“Tá go maiṫ,” arsa'n cailín. “Dúḃairt Béibionn liom go neósfá-sa ḋom cad a ḃéaḋ le déanaṁ agam.” [ 268 ]“Nuair a ḃeiḋ an leitir taḃarṫa do Niaṁ agat féadfair an cárbat agus an giolla do ḃreiṫ leat siar aḃaile ag triall ar do ṁáṫair. Cuirfiḋ Béibionn fios ort airís i ndiaiġ an ċaṫa. Ní fios cé ḃeiḋ beó an uair sin, áṁṫaċ.”

Do gaḃaḋ capal agus cárbat, agus do cuireaḋ an cailín sa ċárbat agus do cuireaḋ an tsrian i láiṁ an ġiolla.

“Dein an diṫineas is mó a ḋ' ḟéadfair,” arsa'n t-Airċinneaċ leis an ngiolla, “aċ gan súile na ndaoine ṫarang ort aċ ċóṁ beag a's is féidir é.”

Do ġluais an cárbat. Níor ḟéad an giolla oiread diṫinis a ḋéanaṁ agus a measaḋ a ḋéanfaḋ sé, mar ḃí na bóiṫre go léir lán de ḋaoine. Aċ ṫánadar fé ḋeire ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir agus, mar a dúḃraḋ ċeana, do tugaḋ an leitir do Niaṁ agus ċuir Niaṁ ċun Murċaḋ í. Ċóṁ luaṫ agus do léiġ Murċaḋ an leitir d'imṫiġ sé ċun na h-áite 'n-a raiḃ Brian agus d' aṫaruiġ sé na fir a ḃí i n-aice le pearsain an Árdríġ.

Nuala ab ainim do'n ċailín a ṫug an leitir sin do Niaṁ. Ċóṁ luaṫ agus ḃí an leitir taḃarṫa uaiṫi aici d'imṫiġ sí amaċ ċun na h-áite 'n-ar ḟág sí an giolla agus an cárbat. Ḃailiġdar leó amaċ a' brúṫ na slóġ, agus ṫugadar aġaiḋ siar go Cúige Conaċt, ċun na h-áite 'n-a raiḃ máṫair an ċailín 'n-a cóṁnuiġe.

Isé cúis go ndúḃraḋ le Nuala a ceann do ċoimeád folaiġṫe 'ná so. Do ṫuig Béibionn go raiḃ Maolmórḋa tar éis breibe ġeallaṁaint d' ḟear éigin aċ dul i n-aice an Árdríġ sa ġluaiseaċt agus sleaġ do ṡáḋ ann, nó é ċur ċun báis ar ċuma éigin mar sin. Ḃí eagal uirṫi, dá mb' ar an gcuma san a ḃéaḋ an sgéal, do mb' ḟéidir go n-aiṫneóċ an fealltóir Nuala agus ansan go ḃfaġaḋ Sitric amaċ an sgéal go léir, agus go marḃóċ' sé í féin. Níor ḟág sí ar a ċumas Nuala do ṁarḃuġaḋ, pé rud a ṫuitfeaḋ amaċ, mar dúḃairt sí léi dul siar aḃaile. Ċoimeád Nuala a [ 269 ]ceann folaiġṫe agus níor aiṫin aoinne í. Níor aiṫin Niaṁ féin í, bíoḋ go raiḃ aiṫne ṁaiṫ ṫiar sa ḃaile aici uirṫi féin agus ar a ṁáṫair.

Um ṫráṫnóna an lae a ḋ'imṫiġ Nuala ó ríġṫeiġlaċ Ṡitric agus an capal agus an cárbat agus an bosca fíona aici, do ṫárla gur airiġ duine eile de ṁnáiḃ coíṁdeaċta Ḃéibionn caint idir an dá ríġ, idir Ṡitric agus Maol- mórḋa.

“Ná bíoḋ ceist ort a ríġ,” arsa Maolmórḋa. “Déan- faiḋ Míċeál Ruaḋ an ḃeart. Tá sé i ngnáṫ-ṫeiġlaċ an Árdríġ anois le ċeiṫre bliana, agus tá árd iontaoiḃ ag Brian as. Tá iontaoiḃ acu go léir as. Is dóiċ le Murċaḋ ná fuil fear eile sa ríġṫeiġlaċ ċóṁ dílis leis. Gormḟlaiṫ a ṫug aiṫne ḋom air. Is cuma leis cé 'cu curfar ċun báis é nó ná curfar nuair a ḃeiḋ an gníoṁ déanta, mar tá geallta againn dó go mbeiḋ fearan saor go deó agá ṁnaoi agus agá ṡlioċt má ċuirean sé Brian as an slíġ uainn. Dá mbéaḋ Brian as an slíġ ḃéaḋ gaċ aon rud ar ár dtoil againn.”

D'imṫiġ an ḃean ċoíṁdeaċta agus d'inis sí do Ḃéibionn an ċaint a ḋ'airiġ sí. D'imṫiġ Béibionn agus ċomáin sí ar siúḃal giolla turais i lár na h-oíḋċe agus leitir eile aige le taḃairt do Niaṁ. D' aimsiġ sé capal maiṫ. Ḃí aiṫne ar na bóiṫriḃ agus ar na cóṁngair aige. Do ṡrois sé an áit 'n-a raiḃ buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla. Ṫug sé an leitir do Ċaoilte, mar adúḃraḋ, agus ṫug Caoilte do Niaṁ í, agus cuir Niaṁ ag triall ar Ṁurċaḋ í. Do léiġ Murċaḋ í. D'ḟeuċ sé 'n-a ṫímpal. D'ḟeuċ sé ar an ngárda a ċuir sé, indé roimis sin, ó ḃeiṫ i n-aice Ḃriain. Ḃí aiṫne ṁaiṫ aige ar Ṁíċeál Ruaḋ. Ní raiḃ Míċeál Ruaḋ le feisgint i n-aon ḃall. Nuair a deineaḋ an t-aṫaruġaḋ indé roimis sin do ṫuig Míċeál i n' aigne go raiḃ sgéiḋte ag duine éigin air. D'euluiġ sé sa n-oíḋċe as an áit. [ 270 ]Ċóṁ luaṫ agus fuair Murċaḋ imṫiġṫe é do sgaoil sé an focal ameasg na ḃfear, breiṫ air agus é ṫaḃairt ṫar n-ais. Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ ṫar n-ais é. Ḃí an iomad aiṫne air. Do tugaḋ i láṫair Ṁurċaḋ é.

“Pé duine ṫaḃarfaḋ cúl le caṫ,” arsa Murċaḋ leis, “níor ṁeasas gur tusa ḋéanfaḋ é! Seasaiṁ ansan at' inead, agus ná fág an áit airís.”

Ċeap Míċeál nuair a tugaḋ ṫar n-ais é go gcroċfaí é. Ḃí ḟios aige go raiḃ an ċroċ tuillte aige. Nuair nár deineaḋ aċ a ráḋ leis dul agus seasaṁ i n' inead féin ḃí iongnaḋ air. Níor ṫug sé fé ndeara an ḃagairt a ḋein Murċaḋ ar na fearaiḃ eile.

Dá gcroċtí é b'ḟéidir go raġaḋ an sgéal ó ḃéal go béal agus go sroisfeaḋ sé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, agus nár ḃ'ḟearr-de Béibionn san. Dá ḃféadaḋ sé imṫeaċt slán go h-Áṫ Cliaṫ nuair a ḋ'euluiġ sé ṫiocfaḋ an díoḃáil ċéadna as, b'ḟéidir.

Ṡeasaiṁ sé i n' inead féin ameasg na ḃfear an lá san———aċ ní feacaṫas 'n-a ḋiaiġ san é beó 'ná marḃ.