níḋ áiriġṫe do ṫaḃarfaḋ eólus cruinn dí ar cad a ḃí ar siúḃal acu, ná ar cé 'n-a ċoinniḃ go raiḃ an t-uisge-fé- talaṁ 'á ḋéanaṁ.
Do lean an sgéal mar sin go dtí go dtáinig Gormḟlaiṫ go h-Áṫ Cliaṫ. Ansan do ṫuig Béibionn go raiḃ donas éigin ṫar na beartaiḃ déanta. Níor ḃ' ḟada gur tugaḋ le tuisgint di ná raiḃ Gormḟlaiṫ ag dul ṫar n-ais ag triall ar Ḃrian. Ansan do stadaḋ de ḃeiṫ ag déanaṁ aon ċoimeád ar cad n-a ṫaoḃ gur ṫáinig sí uaiḋ ná ar cad 'n-a ṫaoḃ ná raiḃ sí ag dul ṫar n-ais. Do ṫárla go raiḃ an ceaṫrar i ḃfoċair a ċéile agus gur eiriġ fearg Ġormḟlaiṫ. Do léim sí agus do spriúċ sí. Do ċaiṫ sí ins na súiliḃ ar Ṡitric agus ar Aṁlaoiḃ an bob a ḃuail Lonán orṫa, agus ansan, an bob a ḃuail sé uirṫi féin nuair a ċuaiḋ sé siar ag triall uirṫi agus teistiméireaċt aige uaṫa-san. Ansan do ṫuig Béibionn cad é an bríġ a ḃí leis an ndisgréid agus leis an gcogarnaċ agus leis an stad cainte nuair a ṫagaḋ sí féin. Níor laḃair sí aon ḟocal amaċ as a béal mar ġeall ar an ngníoṁ a measaḋ a ḋéanaṁ ar a h-aṫair. Dúḃairt sí, 'n-a h-aigne féin: “Do ṫeip an méid sin oraiḃ. Ní stadfaiḋ siḃ anois. Déanfaiḋ siḃ iaraċt eile. Ní mór ḋom faire níos fearr a ḋéanaṁ, le h-eagla go mb' ḟéidir ná teipfeaḋ an tarna h-iaraċt oraiḃ.
Níor ḋein sí aon ċeilt ar an ndroċ ṁeas a ḃí aici orṫa, ná ar an ḃfeirg a ḃí uirṫi mar ġeall ar an rud a ċeapadar a ḋéanaṁ. Aċ níor ḋein sí tráċt ar imṫeaċt as an áit mar ġeall air. Níor ḃ'ḟada gur ṫuit rud amaċ a ṫaisbeáin di gur ṁaiṫ a ḋein sí é agus fanṁaint.
Ṫáinig ríġ Laiġean ann.
“Seaḋ!” arsa Gormḟlaiṫ leis, “measaim gur ḋeineas éagcóir ort nuair a dúḃart gur ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian tu. Measaim gur ḃ'ḟearra ḋó go sgaoilfeaḋ sé ṫairis an beiṫiġeaċ. Airiġim go ḃfuil do neart agat d'á