Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/267

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
263
NIAṀ

ní foláir dul siar beagán agus a ḋ'innsint conus a ḋ'imṫiġ le Gormḟlaiṫ ó ḟág sí Ceann Cora agus ó ṫáinig sí go teiġlaċ ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.

Do h-innseaḋ i dtusaċ an sgéil seo conus mar a ṫug Brian a inġean le pósaḋ do Ṡitric, le h-ionaċus go ndéanfaḋ an cleaṁnas san a ċóṁaċt féin do neartuġaḋ leis an gcaradas, dar leis, a ṫiocfaḋ as idir Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ agus Clann Ċais. Béibionn ab ainim do'n inġean san Ḃriain, ainim a ṁáṫar féin. Rígan ana ċiallṁar, ana ṫuisgionaċ ab eaḋ í. Do coimeádaḋ uaiṫi an t-uisge-fé-ṫalaṁ a ḃí 'á ḋéanaṁ i gcoinniḃ a h-aṫar an ḟaid a ḃí Niaṁ ag déanaṁ na faire, agus ansan, an ḟaid a ḃí Lonán 'ġá leigint air go raiḃ sé ag caḃruġaḋ le Gormḟlaiṫ sa droċ obair a ḃí ar siúḃal aici. Ċoimeád a muintir féin an sgéal ó Ḃéibionn i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin ċun gan ḃeiṫ ag cur buarṫa uirṫi gan ġátar, agus i dtreó gur ṡuaiṁneasaíġe a ḃéaḋ an saoġal aici nuair a ċífeaḋ Sitric go soiléir ná raiḃ aon ṗioc d' ḟios na droċ oibre aici. Ċoimeád Sitric an t-eólus uaiṫi díreaċ mar a ḋein sé a ḋíċeal ar é ċoimeád ó gaċ aoinne ba ḋóiċ leis a ḋéanfaḋ aon iaraċt ar an ndroċ obair do ċosg.

Aċ nuair a ṫáinig Aṁlaoiḃ ṫar n-ais ó Inis Caṫaiġ ċóṁ h-oban, agus nuair nár h-innseaḋ d'aoinne cad é an ċúis, agus ansan, nuair a ṫug sí fé ndeara an disgréid agus an ċogarnaċ ag Aṁlaoiḃ agus ag Sitric, agus an ḃeirt ag stad de pé caint a ḃíoḋ eatarṫa nuair a ṫagaḋ sí 'n-a láṫair, ṫuig sí 'n-a h-aigne go raiḃ rud éigin nár ḃ' ḟóġanta d'á ḃeartuġaḋ acu. D'á ṡoiléire a ṫuig sí an níḋ sin iseaḋ ba lúġa a leig sí uirṫi gur ṫuig sí é féin ná aon níḋ ḋ'á ṡórd, agus iseaḋ ba lúġa a ḃí aon ċuiṁneaṁ acu-san gur ṫuig sí é féin ná aon níḋ ḋ'á ṡórd. Ḃí sí ag faire orṫa go géar agus ní raiḃ aon ċoinne acu go raiḃ. D'á ḟeaḃas faire a ḋein sí, áṁṫaċ, níor ḟéad sí teaċt suas le h-aon