Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/266

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
262
NIAṀ

CAIBIDIOL V.

MÍĊEÁL RUAḊ.

Ḃí Brian agus a ġnáṫ-ṫeiġlaċ tamal soir ó Ċeann Cora, ar ḃóṫar Áṫa Cliaṫ, agus iad ag gluaiseaċt go h-áluinn agus go stuamḋa agus go míleata. Ḃí buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus buiḋean Ṁaoilruanaiḋ na Paidre ag teaċt 'n-a ndiaiġ. Ḃí Niaṁ 'n-a cárbat i dtusaċ buiḋne Ṫaiḋg. Ṫáinig bean agus clóca uirṫi, agus coċal an ċlóca amaċ ar a ceann aici, i gcóṁngar do'n ċárbat. Ḃagair sí ar Niaṁ. Do stad an cárbat. Do ṡín an ḃean leitir isteaċ ċun Niaṁ agus d' imṫiġ sí. Do léiġ Niaṁ an leitir. D' ḟeuċ sí 'n-a tímpal. Ní raiḃ Caoilte aḃfad ó'n áit. Dúḃairt sí le duine des na fearaiḃ glaoḋaċ air. Ṫáinig sé. Ṫug sí ḋó an leitir. Do léiġ sé í.

“Cad is fearr a ḋéanaṁ, a rígan?” arsa Caoilte.

“Measaim gur fearr an leitir sin a ṫaḃairt do Ṁurċaḋ,” ar sise.

“Is fíor,” arsa Caoilte.

D'imṫiġ sé amaċ i ndiaiġ ġnáṫ-ṫeiġlaiġ an Árdríġ, agus ṫug sé an leitir do Ṁurċaḋ. Ḃí iongnaḋ ar Ṁurċaḋ nuair a léiġ sé an leitir.

“Tá go maiṫ, a Ċaoilte,” ar seisean.

Ṫáinig Caoilte ṫar n-ais.

Lar na ṁáireaċ an lae sin ṫáinig giolla turais ag triall ar Ċaoilte, duine d'á ġiollaíḃ turais féin, agus ṡín sé leitir ċuige. Do léiġ Caoilte í. Siúd ag triall ar Niaṁ é agus ṡín sé ċúiċi an leitir. Do léiġ sí í.

“Ó!” ar sise. “Imṫiġ láiṫreaċ, a Ċaoilte,” ar sise, “agus taḃair í seo leis do Ṁurċaḋ.” Do ḋein.

I dtreó go dtuigfear bríġ agus bunús an dá leitir sin