Jump to content

Niamh/45

From Wikisource
181508Niamh — Ospac i n-Inis CathaighPeadar Ua Laoghaire
[ 256 ]

CAIBIDIOL IV.

OSPAC I n-INIS CAṪAIĠ.

Ag triall ar na ríġṫiḃ ba ṡia óḋeas iseaḋ do cuireaḋ an ċéad cuid des na leitireaċaiḃ, ó b'iad ba ṡia ó áit an ċoinne. Ansan do cuireaḋ iad ag triall ar ríġṫiḃ Conaċt; ag triall ar na dúnaiḃ; ag triall ar ríġ na nDéise, agus mar sin. Ċuaiḋ Lonán ó ḋeas go Ciarraiġe Luaċra, ag triall ar a aṫair, Mac Beaṫaċ. Ċuaiḋ Caoilte siar go h-Uíḃ Máine agus leitir aige do Ṫaiḋg Ṁór ua Ċealla. Ní raiḃ puínn gáḋ le leitir a ċur ag triall ar Ṫaḋg. Ḃí an méid nirt a ḃí acu gleusta, ollaṁ ċun bóṫair aige féin agus agá ṁac. Ḃí ráflaí ar siúḃal ann ar conus mar ba ḋóbair go gcurtí Brian agus Murċaḋ ċun báis le niṁ, agus gur ḃ'í an Árdrígan a ṁeas an gníoṁ a ḋéanaṁ aċ gur ċaill an feartíġis uirṫi nuair a ḃí gaċ aon rud ollaṁ aici. Ansan gur ṁairḃ sí an feartíġis agus gur imṫiġ sí síos go h-Áṫ Cliaṫ ag triall ar a mac, Sitric.

Ṫug Caoilte an sgéal 'n-a ċeart dóiḃ. Nuair a tugaḋ dóiḃ an sgéal 'n-a ċeart dúḃradar go léir an focal céadna adúḃairt Caoilte féin, gur ṁór an truaġ nár coimeádaḋ an Árdrígan 'n-a prísúnaċ.

Nuair airiġ Niaṁ an sgéal 'n-a ċeart, “Ó!” ar sise, “ní'l aon teóra liḃ! Ní'l aon teóra leat, a Ċaoilte,” ar sise, “agus cuiṁneaṁ ar a leiṫéid de ċleas.”

“Mura mbéaḋ Lonán a ḃeiṫ agam ní ċuiṁneóċainn air, a rígan,” arsa Caoilte. “Ḋeineamair doċtúir iasaċta de Lonán i dtreó nár aiṫin a aṫair féin é, ná a ṁáṫair, nuair a ḃí sé socair againn. Ní raiḃ aon ḃaoġal go dteipfeaḋ an t-eólus air mar is ag foġluim ċun ḃeiṫ 'n-a ḋoċtúir atá a ṡaoġal go dtí so caiṫte aige. Ḋein sé a ġnó go h-áluinn. [ 257 ]Dá mba ná béaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin ḋéanfá a ġáire sin dá mbeiṫeá ag éisteaċt leis 'ġá innsint conus a ċaiṫ sé féin agus Gormḟlaiṫ an aimsir, ag piocaḋ luiḃneaċa agus 'ġá mbreiṫniuġaḋ.”

I lár a gcod' cainte ḋóiḃ, siúd ċúċa isteaċ teaċtaire ainíos ó Inis Caṫaiġ.

“Ó!” a ríġṫe,” ar seisean, “tá an ḟaraige go léir, ó Inis Caṫaiġ amaċ go Léim Ċúċulainn, lán de loingeas iasaċta. Is dóċa go ḃfuil an ṁainistir tré ṫeine um an dtaca so agus na manaiġ go léir marḃ!” agus ċas sé an dá ologón déag agus é ag greadaḋ a ḋá ḃas.

Siúd gaċ aoinne 'ġá ċeistiuġaḋ:—

“Caṫin a ṫánadar?”

“Cad iad na loingeas iad?”

“Ar laḃair aoinne leó?”

“An ḃfeacaís féin iad?”

“Cá ḃ'ḟios duit an loingeas naṁad iad?”

Ní raiḃ uain aige ar aon ḟreagra ṫaḃairt ar na ceisteanaiḃ nuair siúd isteaċ teaċtaire eile.

“Eist do ḃéal, a amadáin!” arsa'n tarna teaċtaire.

“Is tú ḋein an foṫram gan ġáḋ gan riaċtanas! Táid na loingeas ann, a ríġṫe,” ar seisean, “aċ ní loingeas naṁad iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do'n ríġ atá orṫa. Ṫáinig sé isteaċ ċun na mainistreaċ i mbád, agus do laḃair sé le Colla agus d'inis sé ḋó cad a ṫug é agus gaċ aon rud. Tá an ċaḃlaċ loingeas ansúd mór-ṫímpal an oileáin agus tá Ospac agus Colla imṫiġṫe soir go Ceann Cora ċun laḃarṫa leis an Árdríġ. Deir na fir atá ar na loingeas go ḃfuil caḃlaċ eile ag Bruadar. Ḃí an dá ríġ (beirt dritár iseaḋ iad) muintearṫa go maiṫ le n-a ċéile ar feaḋ tamail, go dtí gur ṫoiliġ Bruadar ċun an ċogaiḋ seo atá ḋ'á ḋéanaṁ i gcoinniḃ Ḃriain. Do ṫuig Ospac i n-a aigne gur ḃ' éagcóir an cogaḋ agus ḋiúltuiġ sé d' aon [ 258 ]láṁ a ḃeiṫ aige ann. Ḃí loingeas Ospaic agus loingeas Ḃruadair istiġ i n-aon ċuan aṁáin lastuaiḋ i n-áit éigin. Do leaṫ Bruadar a loingeas féin ar ḃéal an ċuain ċun gan loingeas Ospaic do leigint amaċ. Ċeangail sé a loingeas féin d'á ċéile le téadaiḃ móra láidire agus ċeangail sé long acu de'n talaṁ tirim ar gaċ taoḃ. Níor leig Ospac air gur ṫug sé fé ndeara an gníoṁ san. Nuair a ṫáinig an oíḋċe agus ḃí Bruadar agus a ṁáirnéalaiġ 'n-a gcodla, ċuir Ospac a loingeas go léir i ndiaiġ ċéile i n-aon líne aṁáin agus d' órduiġ sé gan aon tsolus do lasaḋ ar aon loing acu. Ansan do ḃog sé ċun gluaiste iad i ndiaiġ ċéile, i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ long na láiṁe deise de loingeas Ḃruadair ceangailte de'n talaṁ tirim. Ċuaiḋ fuirean i mbád agus do ġearadar an téad gan aon ḟoṫram a ḋéanaṁ. Ansan do ṡleaṁnuiġ na loingeas go léir amaċ. Nuair a ṫáinig solus na maidine ċonaic Bruadar an cuan laistiġ dé folaṁ, agus loingeas Ospaic aḃfad amaċ ar an ḃfaraige agus iad ag imṫeaċt siar óḋeas fé lán a seól. Ṫánadar anso go dtí an linn seo Luimniġe ċun a ḋ' innsint do Ḃrian cad a ḃí ċuige, agus ċun pé caḃair a ḃéaḋ ar a gcumas do ṫaḃairt dó. Dá mb' áil leat-sa,” ar seisean leis an gcéad teaċtaire, “beagáinín foiḋne ḃeiṫ agat níor ġáḋ ḋuit an ruiṫ a ḋeinis do ḋéanaṁ anso ainíos, agus níor ġáḋ ḋóṁ-sa ḃeiṫ ag briseaḋ mo ċos agus ag cur saoṫair orm féin ag ruiṫ ainíos ad ḋiaig ċun gan leigint duit an dúṫaiġ a ċur as a meaḃair.”

“Seaḋ!” arsa Taḋg Mór ua Cealla, “is miṫid dúinn go léir ḃeiṫ ag gluaiseaċt. Cad dúḃairt Ospac a ḃí Bruadar ar aigne ḋéanaṁ?” ar seisean leis an dteaċtaire.

“Dúḃairt sé le Colla, a ríġ,” arsa'n teaċtaire, “gur ḃ'é a ṫuairim go mbéaḋ Bruadar 'n-a ċeann ar loingeas ríġ Loċlan agus go mbéaḋ Sígurd agus pé loingeas a ḃéaḋ [ 259 ]aige fé smaċt Ḃruadair. Agus dúḃairt sé gur ḃ'é a ṫuairim go ḃfuilid siad go léir istiġ i gcuan Áṫa Cliaṫ um an dtaca so nó geall leis.”

“Ó! foṫ, foṫ!” arsa Taḋg Mór. “Ní ḃeimíd i n-am i n-aon ċor!”

Le n-a linn sin cé ḃuailfeaḋ ċúċa isteaċ aċ Taḋg Óg ua Cealla agus Conn agus aṫair Ċuinn, Maolruanaiḋ na Paidre, ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne. Do cuireḋ fáilte roimis an ríġ agus roim Ċonn.

“Ḃíomair díreaċ ollaṁ ar imṫeaċt,” arsa Maolruanaiḋ, “aċ ní ḃéaḋ Conn sásta gan teaċt feuċaint an raḃaḃair-se ollaṁ. Deir sé, agus is dóċa gur fíor ḋó é, gur fearra ḋúinn coimeád i n-aice ċéile ar an slíġ, agus ansan coimeád i n-aice ċéile sa ċaṫ, leis, má ḟéadaimíd é.”

“Tá an ceart aige, a ríġ,” arsa Caoilte. “Is 'mó cuma 'n-a ndéanfaimíd áise d'á ċéile má ċoimeádaimíd i n-aice ċéile, 'sé sin, aċ gan ḃeiṫ ró aċmair d'á ċéile. An 'ṁó fear a ḃeiḋ agaiḃ, a Ċuinn?” ar seisean.

“Beiḋ breis agus fiċe céad fear, is dóiċ liom”, arsa Conn. “An ḃfuil Niaṁ ag teaċt?” ar seisean.

“Tá, Niaṁ ag teaċt,” arsa Niaṁ féin; “ná bíoḋ aon ṗioc d'á ṁearḃall ort-sa ná ar aoinne eile,” ar sise.

“Ní ḟanfaiḋ Niaṁ i n-aon ḃall i ndiaiġ a h-aṫar,” arsa Taḋg Mór ua Cealla.

“Is maiṫ an inġean a ṫug Dia ḋuit, a ríġ,” arsa Maolruanaiḋ, “nuair a ṫug sé Niaṁ duit. Tá súil agam go gcuiṁniġean tú go minic air sin, agus go dtugan tu buiḋċas do Ḋia mar ġeall air.”

Ríġ ana ḋiaḋa ab eaḋ Maolruanaiḋ na Paidre. Ḃíoḋ sé coitċianta ag maċtnaṁ i láṫair an Aṫar Síoruíḋe, agus, as an maċtnaṁ, ḃíoḋ sé coitċianta ag laḃairt leis an Aṫair Síoruíḋe. Ṫuigeaḋ sé i n' aigne ná raiḃ aon tsaġas cainte ba ċirte ċun laḃarṫa leis an Aṫair [ 260 ]Síoruíḋe 'ná an ċaint a ċuir ár Slánuiġṫeóir i mbéalaiḃ na gCríostaiḋṫe ċun laḃarṫa leis an Aṫair Síoruíḋe. D'á ḃríġ sin, nuair a laḃraḋ sé leis an Aṫair Síoruíḋe is, “Ár n-Aṫair atá ar neaṁ, etc.” adeireaḋ sé. Ḃíoḋ sé ag ráḋ na Paidre sin coitċianta, agus do tugaḋ an ainim, “Maolruanaiḋ na Paidre,” air mar ġeall air sin. Fear ana láidir, ana ċróḋa, ab eaḋ é, agus mura raiḃ eagla ag na Loċlanaiġ roime n-a Ṗaidir ní baoġal ná go raiḃ eagla acu roime n-a ṫuaiġ.

Níor ḃ' ḟada go raḃdar go léir ollaṁ ċun bóṫair. Ḃí cárbat áluinn ag Niaṁ, agus ḃí beirt d'á mnáiḃ coíṁdeaċta sa ċárbat i n-aonḟeaċt léi, aċ tugaḋ sí a lán d'á h-aimsir ameasg na mban óg eile a ḃí ag dul ó'n mbaile, i n-aonḟeaċt leis na fearaiḃ, agus í 'ġá stiúruġaḋ agus 'ġá ṫaisbeáint dóiḃ conus na h-éadaí lín a ṫeastóċ' uaṫa ar ball, do ċur ċúċa agus do ċoimeád i n-eagar.

D'ḟan an dá ḃuiḋean san, buiḋean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla agus buiḋean Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, i n-aice ċéile ar an slíġ, agus ḃíoḋ Conn agus Caoilte i gcóṁluadar a ċéile go mór. B'éigean do Ċaoilte an sgéal go léir ó ṫusaċ go deire a ḋ'innsint do Ċonn, conus a ċuir Sitric agus Aṁlaoiḃ an fear ó Áṫ Cliaṫ ċun Briain do ċur ċun báis le niṁ, agus gur ḃ'é fear a ċuireadar uaṫa ċun na h-oibre sin a ḋéanaṁ 'ná Lonán, driṫáir Ċaoilte, an fear, ṫar a raiḃ d'ḟearaiḃ i n-Éirinn, dob' ḟearr a ḋéanfaḋ Brian do ċosaint ar an mnaoi a ḃí ceapaiṫe ar an niṁ a ṫaḃairt dó.

Do ġluais na buiḋeana eile ó gaċ aon ṗáirt de Ċúige Conaċt, na bóiṫre soir, i dtreó na h-áite 'n-ar ġnáṫ le Brian longṗort a ḋéanaṁ, i n-aice Áṫa Cliaṫ. Ṫáinig an dá ḃuiḋean, buiḋean Ua Máine agus buiḋean Ua ḃFiaċraċ Áiḋne, go Ceann Cora, ċun ḃeiṫ i n-aonḟeaċt le buiḋin an Árdríġ. Ansan do ġluaiseadar féin agus buiḋean an Árdríġ an bóṫar soir óṫuaiḋ. [ 261 ]Díreaċ sar ar ḟágadar Ceann Cora ṫáinig teaċtaire ó ríġ Laiġean ag triall ar an Árdríġ agus ṫug sé leitir do'n Árdríġ, agus sidiad na focail a ḃí sa leitir sin.

“A Árdríġ Éirean,

“Do tugaḋ easonóir dóṁ-sa ad' ríġṫeiġlaċ-sa i gCeann Cora. Tar anois agus cosain ṫu féin orm, mar táim ceapaiṫe ar an easonóir sin do ḋíoġailt ort-sa agus ar do ċlainn, agus ar Ḋál gCais.

“Mise Maolmórḋa

“Ríġ Laiġean.”

Do léiġ Brian an leitir. Ansan do sgríḃ sé ar ḋrom na leitire na focail:—

“Táim ag teaċt, a ḋriṫáir. Feuċ ċúġat féin.

“Mise Brian.”

“Seo, a ġiolla,” ar seisean leis an dteaċtaire. “Beir ṫar n-ais í.”

Ṫóg an teaċtaire an leitir agus do rug sé leis ṫar n-ais í.

Ní raiḃ um an dtaca san bóṫar andeas ná bóṫar aniar ná bóṫar óṫuaiḋ tré Ċúige Laiġean ná raiḃ clúdaiṫe leis na buiḋniḃ fear agus iad ag gluaiseaċt 'n-a míltiḃ, fé n-a ríġṫiḃ agus fé n-a dtaoiseaċaiḃ, agus a n-airm ar a nguailliḃ, agus a mbrataċa breaġṫa síoda anáirde ar a gcrannaiḃ ag lúbaḋ agus ag luasgaḋ sa ġaoiṫ, agus a n-aġaiḋ go léir ar an áit 'n-ar ġnáṫ le Brian a longṗort a ḋéanaṁ, i n-aice Áṫa Cliaṫ. Agus ní raiḃ ins na buiḋniḃ sin go léir oiread agus aon ḟear aṁáin ná raiḃ socair go daingean i n' aigne aige gan teaċt ṫar n-ais beó.

“Má's ag Loċlanaiġ a ḃeiḋ buaḋ,” a deiridís, “is fearr gan teaċt ṫar n-ais beó. Má's ag Gaeḋlaiḃ a ḃeiḋ buaḋ bíoḋ a ṫoraḋ ag an muintir atá sa ḃaile i n-ár ndiaiġ. Pé taoḃ ar a mbeiḋ buaḋ, díolfaid na Loċlanaiġ as.”