Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/260

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
256
NIAṀ

CAIBIDIOL IV.

OSPAC I n-INIS CAṪAIĠ.

Ag triall ar na ríġṫiḃ ba ṡia óḋeas iseaḋ do cuireaḋ an ċéad cuid des na leitireaċaiḃ, ó b'iad ba ṡia ó áit an ċoinne. Ansan do cuireaḋ iad ag triall ar ríġṫiḃ Conaċt; ag triall ar na dúnaiḃ; ag triall ar ríġ na nDéise, agus mar sin. Ċuaiḋ Lonán ó ḋeas go Ciarraiġe Luaċra, ag triall ar a aṫair, Mac Beaṫaċ. Ċuaiḋ Caoilte siar go h-Uíḃ Máine agus leitir aige do Ṫaiḋg Ṁór ua Ċealla. Ní raiḃ puínn gáḋ le leitir a ċur ag triall ar Ṫaḋg. Ḃí an méid nirt a ḃí acu gleusta, ollaṁ ċun bóṫair aige féin agus agá ṁac. Ḃí ráflaí ar siúḃal ann ar conus mar ba ḋóbair go gcurtí Brian agus Murċaḋ ċun báis le niṁ, agus gur ḃ'í an Árdrígan a ṁeas an gníoṁ a ḋéanaṁ aċ gur ċaill an feartíġis uirṫi nuair a ḃí gaċ aon rud ollaṁ aici. Ansan gur ṁairḃ sí an feartíġis agus gur imṫiġ sí síos go h-Áṫ Cliaṫ ag triall ar a mac, Sitric.

Ṫug Caoilte an sgéal 'n-a ċeart dóiḃ. Nuair a tugaḋ dóiḃ an sgéal 'n-a ċeart dúḃradar go léir an focal céadna adúḃairt Caoilte féin, gur ṁór an truaġ nár coimeádaḋ an Árdrígan 'n-a prísúnaċ.

Nuair airiġ Niaṁ an sgéal 'n-a ċeart, “Ó!” ar sise, “ní'l aon teóra liḃ! Ní'l aon teóra leat, a Ċaoilte,” ar sise, “agus cuiṁneaṁ ar a leiṫéid de ċleas.”

“Mura mbéaḋ Lonán a ḃeiṫ agam ní ċuiṁneóċainn air, a rígan,” arsa Caoilte. “Ḋeineamair doċtúir iasaċta de Lonán i dtreó nár aiṫin a aṫair féin é, ná a ṁáṫair, nuair a ḃí sé socair againn. Ní raiḃ aon ḃaoġal go dteipfeaḋ an t-eólus air mar is ag foġluim ċun ḃeiṫ 'n-a ḋoċtúir atá a ṡaoġal go dtí so caiṫte aige. Ḋein sé a ġnó go h-áluinn.