Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/261

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
257
NIAṀ

Dá mba ná béaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin ḋéanfá a ġáire sin dá mbeiṫeá ag éisteaċt leis 'ġá innsint conus a ċaiṫ sé féin agus Gormḟlaiṫ an aimsir, ag piocaḋ luiḃneaċa agus 'ġá mbreiṫniuġaḋ.”

I lár a gcod' cainte ḋóiḃ, siúd ċúċa isteaċ teaċtaire ainíos ó Inis Caṫaiġ.

“Ó!” a ríġṫe,” ar seisean, “tá an ḟaraige go léir, ó Inis Caṫaiġ amaċ go Léim Ċúċulainn, lán de loingeas iasaċta. Is dóċa go ḃfuil an ṁainistir tré ṫeine um an dtaca so agus na manaiġ go léir marḃ!” agus ċas sé an dá ologón déag agus é ag greadaḋ a ḋá ḃas.

Siúd gaċ aoinne 'ġá ċeistiuġaḋ:—

“Caṫin a ṫánadar?”

“Cad iad na loingeas iad?”

“Ar laḃair aoinne leó?”

“An ḃfeacaís féin iad?”

“Cá ḃ'ḟios duit an loingeas naṁad iad?”

Ní raiḃ uain aige ar aon ḟreagra ṫaḃairt ar na ceisteanaiḃ nuair siúd isteaċ teaċtaire eile.

“Eist do ḃéal, a amadáin!” arsa'n tarna teaċtaire.

“Is tú ḋein an foṫram gan ġáḋ gan riaċtanas! Táid na loingeas ann, a ríġṫe,” ar seisean, “aċ ní loingeas naṁad iad. Is loingeas carad iad. Ospac is ainim do'n ríġ atá orṫa. Ṫáinig sé isteaċ ċun na mainistreaċ i mbád, agus do laḃair sé le Colla agus d'inis sé ḋó cad a ṫug é agus gaċ aon rud. Tá an ċaḃlaċ loingeas ansúd mór-ṫímpal an oileáin agus tá Ospac agus Colla imṫiġṫe soir go Ceann Cora ċun laḃarṫa leis an Árdríġ. Deir na fir atá ar na loingeas go ḃfuil caḃlaċ eile ag Bruadar. Ḃí an dá ríġ (beirt dritár iseaḋ iad) muintearṫa go maiṫ le n-a ċéile ar feaḋ tamail, go dtí gur ṫoiliġ Bruadar ċun an ċogaiḋ seo atá ḋ'á ḋéanaṁ i gcoinniḃ Ḃriain. Do ṫuig Ospac i n-a aigne gur ḃ' éagcóir an cogaḋ agus ḋiúltuiġ sé d' aon