láṁ a ḃeiṫ aige ann. Ḃí loingeas Ospaic agus loingeas Ḃruadair istiġ i n-aon ċuan aṁáin lastuaiḋ i n-áit éigin. Do leaṫ Bruadar a loingeas féin ar ḃéal an ċuain ċun gan loingeas Ospaic do leigint amaċ. Ċeangail sé a loingeas féin d'á ċéile le téadaiḃ móra láidire agus ċeangail sé long acu de'n talaṁ tirim ar gaċ taoḃ. Níor leig Ospac air gur ṫug sé fé ndeara an gníoṁ san. Nuair a ṫáinig an oíḋċe agus ḃí Bruadar agus a ṁáirnéalaiġ 'n-a gcodla, ċuir Ospac a loingeas go léir i ndiaiġ ċéile i n-aon líne aṁáin agus d' órduiġ sé gan aon tsolus do lasaḋ ar aon loing acu. Ansan do ḃog sé ċun gluaiste iad i ndiaiġ ċéile, i dtreó na h-áite 'n-a raiḃ long na láiṁe deise de loingeas Ḃruadair ceangailte de'n talaṁ tirim. Ċuaiḋ fuirean i mbád agus do ġearadar an téad gan aon ḟoṫram a ḋéanaṁ. Ansan do ṡleaṁnuiġ na loingeas go léir amaċ. Nuair a ṫáinig solus na maidine ċonaic Bruadar an cuan laistiġ dé folaṁ, agus loingeas Ospaic aḃfad amaċ ar an ḃfaraige agus iad ag imṫeaċt siar óḋeas fé lán a seól. Ṫánadar anso go dtí an linn seo Luimniġe ċun a ḋ' innsint do Ḃrian cad a ḃí ċuige, agus ċun pé caḃair a ḃéaḋ ar a gcumas do ṫaḃairt dó. Dá mb' áil leat-sa,” ar seisean leis an gcéad teaċtaire, “beagáinín foiḋne ḃeiṫ agat níor ġáḋ ḋuit an ruiṫ a ḋeinis do ḋéanaṁ anso ainíos, agus níor ġáḋ ḋóṁ-sa ḃeiṫ ag briseaḋ mo ċos agus ag cur saoṫair orm féin ag ruiṫ ainíos ad ḋiaig ċun gan leigint duit an dúṫaiġ a ċur as a meaḃair.”
“Seaḋ!” arsa Taḋg Mór ua Cealla, “is miṫid dúinn go léir ḃeiṫ ag gluaiseaċt. Cad dúḃairt Ospac a ḃí Bruadar ar aigne ḋéanaṁ?” ar seisean leis an dteaċtaire.
“Dúḃairt sé le Colla, a ríġ,” arsa'n teaċtaire, “gur ḃ'é a ṫuairim go mbéaḋ Bruadar 'n-a ċeann ar loingeas ríġ Loċlan agus go mbéaḋ Sígurd agus pé loingeas a ḃéaḋ