Niamh/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
An dá Lonán
[ 249 ]

CAIBIDIOL III.

AN DÁ LONÁN.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí an cogar taḃarṫa ag Lonán do Ṁurċaḋ agus an bosca tógṫa ag Murċaḋ as an gcárbat, d'imṫiġ Lonán isteaċ ċun an tseómra a ḃí aige sa ríġṫeiġlaċ ó ṫáinig sé ann 'n-a ḋoċtúir, agus 'n-a stíoḃard ar gaċ córuġaḋ bíḋ d'á mbéaḋ le déanaṁ ann. Ní ḟeacaiḋ aoinne riaṁ ó ṡin an Lonán céadna ag teaċt amaċ as an seómra san. Ṫáinig fear amaċ as an seómra, aċ níor ḃ' é an Lonán céadna é, dar le h-aoinne a ċonaic an Lonán a ċuaiḋ isteaċ, agus ansan, an Lonán a ṫáinig amaċ. Ḃí folt oḋar, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ, ar an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí folt breaġ fionn-ruaḋ, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ, ar an Lonán a ṫáinig amaċ. Ḃí féasóg ḟada liaṫ-ġorm ar an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí féasóg ruaḋ ná raiḃ ró ḟada, ar an Lonán a ṫáinig amaċ. Firín beag agus ceann mór air ab eaḋ an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Níor ḃ' ḟear ró ṁór an Lonán a ṫáinig amaċ, aċ ḃí an ceann tar éis dul i luiġead, agus ansan níor ḟeuċ an fear ċóṁ beag agus d'ḟeuċ sé fé'n gceann mór. Ḃí na fáibrí imṫiġṫe as an éadan, aċ ḃí an t-éadan leaṫan go maiṫ agus árd go maiṫ ag an Lonán a ṫáinig amaċ, díreaċ mar a ḃí ag an Lonán a ċuaiḋ isteaċ. Ḃí an Lonán a ċuaiḋ isteaċ trí fiċid, mura raiḃ sé os a ċionn. Ní raiḃ an Lonán a ṫáinig amaċ aon lá os cionn seaċt mbliana fiċid. Dá ḃfeiceaḋ Aṁlaoiḃ, nó Sitric, nó Gormḟlaiṫ, an Lonán a ṫáinig amaċ ṫaḃarfaidís an leaḃar ná feacadar riaṁ é. D'á ḃríġ sin níor ġáḋ do'n Lonán a ṫáinig amaċ puínn eagla ḃeiṫ aige roimis an gcaint a ḃí ar [ 250 ]siúḃal idir an dtriúr, istiġ i ríġṫeiġlaċ Sitric i n-Áṫ Cliaṫ, nuair a ḃíodar 'ġá ṁaoiḋeaṁ agus 'ġá ḋearḃuġaḋ go ndéanfaidís so 's súd leis an Lonán a ḃuail an bob orṫa, ċóṁ luaṫ agus ġeóḃdís greim air.

Isiad a ḃí go loisgiṫe sgólta 'n-a gcroíḋe agus 'n-a n-aigne, ag cuiṁneaṁ ar an gcuma 'n-ar ḃuail sé an bob san orṫa, díreaċ nuair a ṁeasadar gur ḃ' iad féin a ḃí 'á ḃualaḋ air-sean go h-áluinn. Ḃí Caoilte i gCeann Cora an uair ċéadna agus is 'mó gáire ṁaiṫ a ḃí aige féin agus ag Lonán agus ag Murċaḋ agus Lonán ag seanaċus do'n ḃeirt eile ar an gcuma 'na mbíoḋ sé féin agus Gormḟlaiṫ ag toġaḋ na luiḃneaċa agus ag áireaṁ na gcóṁaċt a ḃí ionta.

“Tá an méid seo agam le ráḋ, áṁṫaċ,” arsa Lonán leis an mbeirt. “Tríd an obair go léir ní mise do ċúm ná do ċeap ná do ḃeartuiġ ná do ṫusnuiġ aon droċ níḋ. Í féin a ṫusnuiġeaḋ gaċ aon rud. Níor ṫugas di aon ḃlúire droċ eóluis ná raiḃ aici ċeana. Nuair a ḃí an bia againn d'á ollaṁuġaḋ ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ, níor ḋeineas aċ gaċ aon rud do ṡocaruġaḋ agus do ċóruġaḋ díreaċ mar a ḋ'órduiġ sí ḋom é ḋéanaṁ.”

“Tá ḟios agam-sa aon rud aṁáin a ḋeinis, a ḃiṫeaṁnaiġ, agus níor órduiġ sí ḋuit é ḋéanaṁ,” arsa Murċaḋ.

“Cad é an rud é sin, a ríġ?” arsa Lonán agus iongnaḋ ag teaċt air.

“Níor órduiġ sí ḋuit an ḃagairt úd a ḋéanaṁ orm-sa,” arsa Murċaḋ.

“Ó!” arsa Lonán. “Is fíor ḋuit, a ríġ,” agus ġáireadar, mar do baineaḋ iaraċt de ġeit a' Lonán.

“Tá aon níḋ aṁáin sa sgéal agus ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫnean sé liom,” arsa Caoilte.

“Cad é an rud é?” arsa Murċaḋ.

“Tá Gormḟlaiṫ i n-Áṫ Cliaṫ,” ar seisean, “agus tá cead [ 251 ]a cos aici, agus cead a cinn, agus cead a béil. Is truaġ nár coimeádaḋ anso í. Déanfaiḋ an ḃean san díoḃáil dúinn. Tá sí ar dearg ḃuile mar ġeall ar an gcuma 'n-a ḃfuil stáicín áiféis déanta ḋi os cóṁair an doṁain. Ní ċuirfeaḋ sé blúire iongnaḋ orm d'á dtéiḋeaḋ sí féin, do ṡiúḃal a cos dá mb' ḟéidir é, soir ċun cainte le ríġ Loċlan, agus as san óṫuaiḋ ċun cainte le ríġ na h-Ioruaiḋe, agus mór-ṫímpal ċun gaċ ríġ agus ċun gaċ tíre 'n-ar ḋóiċ léi go ḃfaġaḋ sí a ḃeag nó a ṁór d' aon rud i ḃfuirm nirt slóġ le taḃairt léi ċun díoltais a ḋéanaṁ ar Árdríġ Éirean agus orainn go léir. Daoine ná cuiṁneóċ' i n-aon ċor ar ṫeaċt meallfaiḋ sí léi iad agus tiocfaid siad. Is mór an truaġ nár coimeádaḋ anso í!”

“Tá an ceart agat sa méid sin, a Ċaoilte,” arsa Murċaḋ. “Dúḃairt féin leis an Árdríġ gur í ċoimeád anso ba ċeart. Ní ḋéanfaḋ. Ba lag leis é. Ni'l againn aċ aon ġnó aṁáin a ḋéanaṁ de pé neart a ṫiocfaiḋ. D'á ṁéid a ṫiocfaiḋ díoḃ, má ṫugaimíd Gleann Ṁáma an tarna h-uair dóiḃ, rud a ṫaḃarfaimíd, iseaḋ is lúġa is baoġal iad do ṫeaċt go deó airís ċúġainn. Táid siad fada a ndóṫin ag teaċt. Is miṫid deire ċur le n-a gcuardaiḃ. Ní raiḃ fir Éirean riaṁ ċóṁ ceapaiṫe ar ḋeire ċur le cóṁaċt Loċlan agus atáid siad anois. Aċ ní h-ag caint is ceart dúinn a ḃeiṫ. Téanaíg. Tá caint ag an Árdríġ le déanaṁ liom-sa agus le beirt agaiḃ-se.”

Ċuadar i láṫair an Árdríġ. Ḃí a lán eile des na giollaíḃ turais cruinniġṫe rómpa ann. Ḃí Maolṡuaṫain ann agus leitireaċa aige 'á sgrí' ċóṁ tiuġ agus d' ḟéadaḋ sé an cleite ċomáint. Fé mar a ḃíoḋ gaċ leitir sgríoḃṫa aige ċuireaḋ Brian a ainim ṫíos léi, agus do tugtí do ḋuine des na giollaíḃ turais í agus ċuireaḋ sé sin an talaṁ dé.

Ag triall ar na ríġṫiḃ agus ar na taoiseaċaiḃ a ḃí cuid [ 252 ]des na leitireaċaiḃ ag dul. Sidé bunús na cainte a ḃí ionta san:—

“A ríġ onóraiġ,

“Tá an lá buailte linn. Ní fios cad é an neómat a ṫiocfaiḋ sgéala ċúġainn 'ġá innsint dúinn loingeas ríġ Loċlan agus loingeas ríġ na h-Ioruaiḋe agus loingeas Ṡíguird, ríġ Ínsí h-Orc, a ḃeiṫ i gcuan Áṫa Cliaṫ. Ní h-alaiḋ ḋúinn gan ḃeiṫ ollaṁ dóiḃ. Cruinniġ do neart, a ríġ, agus taḃair aġaiḋ ar Ċill Ṁaiġneann. Ní ḃeiḋ aon uaigneas ort ar an slíġ. Beid fir Éirean 'n-a míltiḃ ag bualaḋ umat. Tá socair againn go léir i n-ár n-aigne gan teaċt aḃaile beó nó teaċt aḃaile le buaḋ. Abair le gaċ fear d'á ḃfuil agat gur fearr go mór bás d'ḟáġail i gcaṫ 'ná luiġe fé smaċt Loċlanaċ anois.

“Mise Brian”.

Ḃí cuid des na leitireaċaiḃ ag dul ag triall ar easbogaiḃ agus ar ṡagartaiḃ agus ar ṁainistreaċaiḃ. Seo bunús na cainte a ḃí ionta san:—

“A Ṫiġearna Easboig,

“Cuir do ġuiḋe suas ċun Dé ar ár son ċóṁ dian ċóṁ díċealaċ agus ċuiris guiḋe suas ċun Dé riaṁ. Tá an lá cruaiḋ buailte linn fé ḋeire. Tá ár naṁaid ag cruinniuġaḋ ċúġainn as an uile áird. Má ḃeirean an naṁaid seo buaḋ anois orainn tá deire linn; tá deire le slioċt Gaeḋal i n-Éirinn agus tá deire leis an gCreideaṁ a ṫug Pádraig ċúġainn tré ġrásta Dé. Cuir féin do ġuiḋe suas ċun Dé 'ġá iaraiḋ ar Ḋia gan an buaḋ ṫaḃairt do'n naṁaid. Iar ar na pobalaiḃ go léir a nguiḋe ċur suas ċun Dé ar an íntinn gcéadna. ‘Éistean Dia le guiḋe na ndaoine.’

“Brian.” [ 253 ]Ċóṁ luaṫ agus fuair gaċ ríġ agus gaċ taoiseaċ a leitir do ṫusnuiġdar ar na fir do ċruinniuġaḋ. Do ṫuig na daoine go léir an focal úd, “gur fearr go mór bás d' ḟáġail i gcaṫ 'ná luiġe fé smaċt Loċlanaċ anois.” Ṫuig gaċ aoinne gur ḃ' ḟearr an ḟaraige do ṫeaċt isteaċ ar Éirinn agus gan aon Ċríostaiḋe ḋ' ḟanṁaint beó ar an oileán 'ná slioċt Gaeḋal do luiġe fé smaċt na Loċlanaċ an uair sin. D'á ḃríġ sin, na mná agus na seandaoine a ḃí ag fanṁaint sa ḃaile níor ḋeineadar buairt ná gol ná ologón. Má ḃí an ḃuairt orṫa, agus is dóċa go raiḃ, níor ṫaisbeánadar puínn dé.

Na mná a ḃí pósta agus go raiḃ cúram clainne orṫa d'ḟanadar sa ḃaile, aċ má ḟanadar níor airiġ aoinne osna ó aoinne acu, ná ní ḟeacaiḋ aoinne deóir le n-a súil. Is dóċa gur ṡileadar a ndóṫin díoḃ nuair ná raiḃ aoinne ag feuċaint orṫa. Níor ḟan na cailíní óga sa ḃaile. Ċuadar i n-aonḟeaċt le n-a ndriṫáraċaiḃ ċun bíḋ a ḋ' ollaṁuġaḋ ḋóiḃ ar an slíġ agus ċun éadaiġ a níġe ḋóiḃ nuair ba ġáḋ é, agus ċun banaltranais a ḋéanaṁ orṫa tar éis an ċaṫa dá mbéaḋ gáḋ acu leis. Ḃí mná na nGaeḋal go léir, óg agus críona, ana ṫuisgionaċ sa n-obair sin.

Ċóṁ luaṫ agus fuair na h-easboig agus na sagairt agus na h-abbana ins na mainistreaċaiḃ na leitireaċa, do cuireaḋ an guiḋe ar siúḃal ins gaċ aon ḃall láiṫreaċ. Ḃí na h-Aifrinní ins na h-eaglaisiḃ gaċ maidion ar an íntinn sin Ḃriain agus na pobuil ag guiḋe ar an íntinn gcéadna, agus na manaiġ ag guiḋe ins na mainistreaċaiḃ, ní h-aṁáin sa lá aċ i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe leis. Ċaiṫidís an oíḋċe i láṫair na h-Altóraċ 'ġá iaraiḋ ar an Slánuiġṫeóir, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille, gan an buaḋ ṫaḃairt dos na Loċlanaiġ sa ċaṫ uaṫḃásaċ a ḃí ag teaċt. Ní miste a ráḋ ná gur ḋeineadar a nguiḋe go dúrṫaċtaċ, mar ḃí ḟios acu [ 254 ]go dian ṁaiṫ cad a ḃí le h-imṫeaċt orṫa féin agus ar na mainistreaċaiḃ dá mbeireaḋ na Loċlanaiġ buaḋ. Ḃíodar go léir ollaṁ, gan aṁras, ar ḃás a ḋ'ḟulang ar son an Ċreidiṁ, aċ ḃí ḟios acu, dá mbeireaḋ na Loċlanaiġ buaḋ an ċaṫa san a ḃí ag teaċt an uair sin, go gcuirfidís an Creideaṁ féin ar neaṁníḋ i dteannta na ndaoine do ċur ċun báis. D'á ḃríġ sin do leanadar ag guiḋe go cruaiḋ, do ló agus d' oíḋċe, agus ag déanaṁ trosgaiḋ go dian, an ḟaid a lean an ċontaḃairt.

Níor ḃ' ḟada go ḃfeacaṫas ag gluaiseaċt na bóiṫre soir óṫuaiḋ, ó gaċ aon ṗáirt de'n Ṁúṁain, mar a ḃéaḋ soċraidí móra fada, na fir ċróḋa, fir ḃreaġṫa óga láidire, fir go raiḃ socair 'n-a n-aigne acu gan teaċt ṫar n-ais beó ó'n gcogaḋ dá mbéaḋ buaḋ ag Loċlanaiġ. Ag maċtnaṁ ar an níḋ sin dóiḃ ṡocaruiġdar 'n-a n-aigne ná tiocfaidís ṫar n-ais beó pé taoḃ a ḃuadfaḋ. Ṡocaruiġdar 'n-a n-aigne d'á luiġead eagla ḃéaḋ acu roimis an mbás gur ḃ' eaḋ b'ḟearr a ḋéanfaidís an troid agus gur ḃ'eaḋ ba ṁó an t-éirleaċ a ḋéanfaidís ar na Loċlanaiġ, agus, ar san, gur ḃ'eaḋ ba ḋóiċíġ-de an buaḋ ḃeiṫ ag Gaeḋlaiḃ agus an caṫ do ḃriseaḋ ar na Loċlanaiġ. Ċuaiḋ an socaruġaḋ san 'n-a luiġe ċóṁ daingean san ar a n-aigne gur ġnáṫ eatarṫa, 'n-a gcóṁráḋ, agus gan acu 'á ḋéanaṁ dé aċ cúis ġáire, an focal, “Pé duine ṫiocfaiḋ ṫar n-ais ná ná tiocfaiḋ, ní ṫiocfad-sa ṫar n-ais.”

“Siní an ċaint! Ní ċun teaċt ṫar n-ais atáimíd ag dul sa ċaṫ so!” a déarfaḋ duine eile.

“Caiṫfead bás a ḋ'ḟáġail uair éigin. Ní ṫiocfaiḋ uair ċoíḋċe a ḃeiḋ níos fearr ar gaċ aon tsaġas cuma ċun báis a ḋ'ḟáġail 'ná an uair a ċífead na biṫeaṁnaiġ ar m' aġaiḋ amaċ agus an t-arm am' láiṁ!” adéarfaḋ an tríṁaḋ duine.

“Agus d'á éaġmuis sin,” adéarfaḋ an ceaṫraṁaḋ duine, [ 255 ]“is bás ar son an Ċreidiṁ é, agus an t-é a ḋ'ḟuiling eóċaiḋ bás ar son an Ċreidiṁ raġaiḋ a anam suas láiṫreaċ go h-aoiḃneas na ḃFlaṫas! Dá dtagainn ṫar n-ais agus maireaċtaint fiċe bliain eile, b'ḟéidir nár ró ṁór an deiṁne a ḃéaḋ agam air sin. Déanfaiḋ na Loċlanaiġ a ngnó go h-olc nó ní ṫiocfaiḋ aon ċos díom-sa ṫar n-ais.”

Siné saġas cainte a ḃíoḋ ar siúḃal acu agus iad ag gluaiseaċt na bóiṫre soir óṫuaiḋ 'n-a soċraidíḃ móra fada. Ḃíoḋ na seandaoine ar na cnucánaiḃ ag feuċaint orṫa ag gluaiseaċt, agus do lasaḋ a gcuid fola le dásaċt, agus, “Ó!” adeiridís, “Naċ truaġ gan mé óg airís!” Ċídís na fir agus na gaṫana breaġṫa fada 'n-a láṁaiḃ acu agus reana glasa, cruaḋa, géara na ngaṫana san ag taiṫneaṁ agus ag spréaċarnaiġ sa ġréin, agus na tuaġana ar ġuailliḃ na ḃfear, agus na brataċa ar a gcrannaiḃ i dtusaċ gaċ buiḋne, ag luasgaḋ sa ġaoiṫ; agus gaċ buiḋean ag gluaiseaċt go breaġ, réiḋ, stuamḋa, cos le cois, guala le gualainn, agus an ḃuiḋean ag casaḋ fé mar a ċasaḋ an bóṫar agus ag díriuġaḋ nuair a ḋíriġeaḋ an bóṫar. Ċíoḋ na seandaoine ar na cnucánaiḃ an obair go léir, agus do ġluaiseaḋ an tsean'ḟuil trés na sean ḟéiṫeaċaiḃ, 'n-a caisíḃ teine, agus ṫagaḋ luas croíḋe ar na seandaoiniḃ, agus, “Ó!” adeiridís, “Náċ truaġ ċráiḋte gan mé óg airís!”