Jump to content

Niamh/43

From Wikisource
181506Niamh — Breall ar an bhFeallPeadar Ua Laoghaire
[ 242 ]

CAIBIDIOL II.

BREALL AR AN ḂFEALL.

Nuair a ḃí an cárbat ag gluaiseaċt ḃí beirt ḃan uasal sa ċárbat i n-aonḟeaċt le Gormḟlaiṫ, beirt d'á mnáiḃ coíṁdeaċta, beirt a ṫáinig léi go Ceann Cora nuair a ṗós Brian í. Ḃí Dúlainn agus dírim marcaċ aige ċun dul, mar ġárda, i n-aonḟeaċt leis an gcárbat. Le Gormḟlaiṫ féin ab eaḋ cúigear dos na marcaċaiḃ. Ṫánadar léi go Ceann Cora nuair a ḃí sí ag teaċt ann. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáiḃ coíṁdeaċta, cad a ḃí tuitiṫe amaċ. Ċoimeád Gormḟlaiṫ an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Ḃí socair aici ar imṫeaċt láiṫreaċ nuair a ḃéaḋ an gníoṁ déanta. Dá mbéaḋ Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn ċóṁ marḃ leis an ngaiḋrín ḃéaḋ sí féin agus Lonán, agus an méid d'á muintir féin a ḃí i gCeann Cora, ḃéidís leaṫ na slíġe go h-Áṫ Cliaṫ sar a mbéaḋ teiġlaċ Ċinn Cora tagaiṫe as an sgeón, dar léi. Ḃéidís socair, ó ḃaoġal, i n-Áṫ Cliaṫ sar a mbéaḋ teiġlaċ Ċinn Cora ábalta ar aon tsaġas gníṁ a ḋéanaṁ, ḃéaḋ a leiṫéid sin de ṁeasgán mearaíḋe ar an áit agus na daoine, dar léi. Ansan d'ḟéadfaí Lonán a ċroċaḋ agus ní ḃéaḋ ḟios ag aoinne beó cé ḋein an gníoṁ. Ċoimeád sí féin agus Lonán an rún maiṫ san ná raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne aċ acu féin go dtí gur sgéiḋ [ 243 ]Lonán, aċ aṁáin ag Murċaḋ, agus ag Caoilte, driṫáir Lonáin. An ṁuintir a ḃí ag gluaiseaċt i n-aonḟeaċt leis an gcárbat an uair sin, lasmuiċ de Ḋúlainn, ní raiḃ aon ċoinne acu ná go mbéidis ag teaċt ṫar n-ais airís i n-aonḟeaċt leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istiġ ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a ḃéaḋ a cuaird go h-Áṫ Cliaṫ taḃarṫa aici.

Nuair a druideaḋ soir ó Ċeann Cora ċuir Dúlainn beirt des na marcaċaiḃ, beirt de ṁuintir Ġormḟlaiṫ, uaiḋ, níba ġéire 'ná mar a ḃí an ċuid eile ag gluaiseaċt, agus leitir acu do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, 'ġá ráḋ leis dírim marcaċ a ṫaḃairt leis agus teaċt 'n-a gcoinniḃ ċun na h-Árdríġna do ṫógaint uaṫa agus í ṫionnlacan an ċuid eile de'n tslíġ. Ansan do ġluais Dúlainn go réiḋ i dtreó go mbéaḋ Sitric tamal maiṫ ar an slíġ 'n-a gcoinniḃ.

An uair a sgar Murċaḋ leó do ṫóg sé leis an bosca agus ċuaiḋ sé go seómra Ḃriain. D' osgail sé an bosca i láṫair Ḃriain, agus ṫóg sé rud amaċ as agus ċuir sé ar an mbórd é.

“Cad ċuige gur tugaḋ an ċailís sin aníos ó'n mainistir, a Ṁurċaḋ?” arsa Brian.

D'inis Murċaḋ cúrsaí na cailíse ḋó ó ṫusaċ go deire. Níor laḃair Brian aon ḟocal amaċ as a ḃéal an ḟaid a ḃí Murċaḋ ag innsint an sgéil dó.

“Ḃí ḟios againn,” arsa Murċaḋ, ag críoċnuġaḋ an sgéil, “gur anso ḃí an ċailís agus cé r' ḃ'é an biṫeaṁnaċ. D'inis Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raiḃ Lonán aḃfad anso nuair a fuair sé amaċ gur sa ḃosca san a ḃí an ċailís. Ḃí socair aici, nuair a ḃéimís go léir sínte ċóṁ marḃ leis an ngaiḋrín, an bosca ḃreiṫ léi. Ḃí sé aici anois sa ċárbat. Ċonaic Lonán é agus ṫug sé an cogar dom. Ṫógas an bosca os cóṁair a súl. Níor ḋein sí aċ feuċaint orm. Níor laḃair sí focal. Laḃarfaiḋ an coileán úd léi nuair [ 244 ]a raġaiḋ sí síos ag triall air féin agus ar an gcoileán eile.”

“Is fearr,” arsa Brian, “an ċailís do ċur síos airís go mainistir Ínse Caṫaiġ, mar a raiḃ sí ċeana. I n-onóir do Ṡeanán iseaḋ ṫugas do'n ṁainistir í. Cuir síos ann airís í, a Ṁurċaḋ. Agus feuċ. Is ceart a ḋ'innsint do Ṁeargaċ gur fuaraḋ í. Beiḋ áṫas air. Ní deirim ná go ḃfeuċfaiḋ sé roimis sar a ndéanfaiḋ sé macṡaṁail eoċraċ airís, an fear boċt! Is dóiċ liom, leis, go dtaḃarfaiḋ Colla aireaċas níos fearr di féin agus do gaċ aon ċailís eile d'á ḃfuil aige.”

Do cuireaḋ síos an ċailís go dtí an ṁainistir. Ní miste a ráḋ ná go raiḃ áṫas ar Ċolla. Do h-innseaḋ an sgéal do Ṁeargaċ. Ḃí áṫas air. Ḃí seirḃṫean, leis, air, ċuige féin. Níor ḃ' ḟuiriste a ḃreiṫniuġaḋ, áṁṫaċ, cé 'cu ag an áṫas nó ag an seirḃṫean a ḃí an láṁ-uaċtair i n' aigne.

Do h-osgalaḋ an córṫa láidir sa n-érdam agus do tógaḋ amaċ as an bosca iarainn a ḃí folaṁ. Do cuireaḋ an ċailís ḋaor isteaċ airís sa ḃosca ḃeag iarainn sin, mar a raiḃ sí ċeana, sar a dtáinig an t-ógánaċ Loċlanaċ úd, an t-óganaċ breaġ daṫaṁail úd, a ḃí ċóṁ naoṁṫa, ċóṁ séiṁ, ċóṁ grianaċ, ċóṁ gealġáiriteaċ, ċóṁ h-osgailte 'n-a ṁeón, gur ḋóiċ le duine ná raiḃ 'n-a ċroíḋe ar fad aċ fírinne agus dílse. Ḋein Meargaċ glas eile agus eoċair eile do'n ḃosca, agus ní baoġal gur ḋein sé macṡaṁail do'n eoċair sin.

Ní ḃfuair Art mac Duiḃ amaċ riaṁ go raiḃ sé ar feaḋ tamail i n-a leiṫéid de ċontaḃairt. Ní ḃfuair na manaiġ amaċ, ó'n lá a cuireaḋ an ċailís sa ḃosca san ar dtúis go dtí an lá a cuireaḋ iad féin as an oileán, go raiḃ an bosca folaṁ ar feaḋ tamail agus an ċailís ḋaor imṫiġṫe.

Ṫáinig an Legáid céadna airís, tar éis suim blianta. B' í céad ċeist a ċuir sé ar Ċolla, ċóṁ luaṫ agus d'ḟéad [ 245 ]sé laḃairt a gan ḟios leis, 'ná, “An ḃfuaraḋ an ċailís?”

Do taisbeánaḋ dó í. Ḃí áṫas mór air. Do h-innseaḋ an sgéal go léir dó; conus a ġuid Aṁlaoiḃ an ċailís; conus a cuireaḋ Niaṁ ag faire ar Ġormḟlaiṫ le h-eagla go dtaḃarfaḋ sí níṁ do Ḃrian; conus ab éigean Niaṁ a ṫógaint as an obair sin mar go raiḃ Gormḟlaiṫ 'ġá cur ċun báis le neart soilḃris agus cuideaċtanais agus gealġáirí. Ansan do h-innseaḋ dó conus a h-imireaḋ an cleas ar Ġormḟlaiṫ; conus a cuireaḋ Lonán ċúici ag caḃruġaḋ léi, mar ḋ'eaḋ, ċun an ġníṁ a ḋéanaṁ, agus conus mar a ḃí Brian ó ḃaoġal ar fad an ḟaid a ḃí an caḃruġaḋ san ar siúḃal, agus cad é an deire a ḃí ar an gcaḃruġaḋ. Do ġáireaḋ an Legáid airís agus airís eile nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an gcuma na mbíoḋ an ḃeirt, Gormḟlaiṫ agus Lonán, ag déanaṁ a ngnóṫa ċóṁ disgréid- eaċ, agus an disgréid go léir ag Lonán 'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire.

“Ó!” a deireaḋ sé, “do tugaḋ a srian féin dí ar áilleaċt an doṁain! An ḃean ḃoċt!”

Do ṡrois an ḃeirt ṁarcaċ an ċaṫair. Ṫánadar go dorus ríġṫeiġlaiġ an ríġ. Do rugaḋ an leitir isteaċ. Do léiġ Sitric í. Ḃí Aṁlaoiḃ ann. Ḃí an ḃeirt ag faire agus ag feiṫeaṁ. Ḃíodar ag braṫ, i n-aġaiḋ gaċ neómait, ar sgéal uaṫḃásaċ a ḋ'aireaċtaint ó Ċeann Cora. Nuair a ṫáinig an leitir ḃí an ḃeirt deiṁniġṫeaċ go raiḃ an sgéal a ḃí uaṫa sa leitir. Ní raiḃ aon níḋ iongantaċ sa leitir. Leitir ó Ḋúlainn ab eaḋ í 'ġá innsint go raiḃ an Árdrígan ag teaċt agus 'ġá iaraiḋ ar an ríġ, ar Ṡitric, dul 'n-a coinniḃ ċun í ṫionnlacan go h-Áṫ Cliaṫ. Ṫáinig an ḃeirt amaċ mar a raiḃ an dá ṁarcaċ. D'ḟeuċadar orṫa, agus d'ḟeuċadar ar a ċéile. [ 246 ]“Cad é an sgéal ó Ċeann Cora agaiḃ é, a ḟeara?” arsa Sitric.

“Mar ba ġnáṫ, a ríġ. Níor ṫugamair aon nuaċt linn,” arsa duine de'n ḃeirt.

“Conus tá an t-Árdríġ?” arsa Sitric.

“Go h-ana ṁaiṫ, a ríġ,” arsa'n fear a laḃair.

“Agus an Ríġḋaṁna, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Go h-áluinn, a ríġ,” arsa'n fear.

“Agus Dúlainn, conus tá sé?” arsa Sitric.

“Tá sé go maiṫ, a ríġ,” arsa'n fear. “Is fé n-a láiṁ atá na fir atá ag tionnlacan na h-Árdríġna,” ar seisean.

“Tá go maiṫ,” arsa Sitric. “Téiḋiġ-se isteaċ go gcurfar cóir oraiḃ. Ní iarfar oraiḃ dul ċun bóṫair airís indiu.”

“Gura maiṫ ag ḃúr Soillse!” arsa'n fear, agus d'imṫiġ an ḃeirt.

“Cad deirir leis an sgéal?” arsa Sitric le h-Aṁlaoiḃ.

“Ní féidir liom tón ná ceann a ḋ'ḟáġail air!” arsa Aṁlaoiḃ.

D'imṫiġ Sitric agus ċuir sé dírim marcaċ ar bóṫar, agus ġluais sé ċun siúḃail. Níor ḟéad sé gan gluaiseaċt ana ġéar. Ċonaic an dírim eile ċúċa é aḃfad sar ar ṁeasadar a ċífidís é. D'úṁluiġdar d'á ċéile mar ba ċóir. Ṫug Dúlainn an Árdrígan suas d'á mac, agus d'iompuiġ sé féin agus a ċualaċt aḃaile. Níor ḃ' ḟada go raiḃ an ċualaċt eile sa ċaṫair. Focal amaċ as a béal níor laḃair Gormḟlaiṫ go dtí go raiḃ an triúr i ḃfoċair a ċéile istiġ agus gan aoinne ann aċ iad. Ansan do laḃair sí agus níor ṁaiṫ leat ḃeiṫ ag éisteaċt léi.

“Seaḋ!” ar sise, “ḋeineaḃair go deas é! Ní miste gnó ṫaḃairt do ḃeirt agaiḃ le déanaṁ!”

“Cad a ḋeineamair, a ṁáṫair?” arsa Sitric.

“Inis an méid seo ḋom,” ar sise. “Cá ḃfuarais Lonán? nó an ḃfuil ḟios agat cé h-é?” [ 247 ]“Liaġ tuisgionaċ iseaḋ é,” arsa Sitric. “Tá an t-eólus a ḋ'oir duit aige. Do ṡiúḃluiġ sé ċuige. Cad é sin dúinne cé h-é, aċ, mar a dúḃart leat, é ċroċaḋ ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an obair déanta.”

Ḃí sí ag feuċaint ó ḋuine go duine acu an ḟaid a ḃí sé ag caint.

“Ó,” ar sise, “is deacair do ḋuine foiḋneaṁ le n-ḃúr leiṫéidí de ḃeirt amadán! Driṫáir do Ċaoilte iseaḋ é.” (Do léim an ḃeirt 'n-a seasaṁ.) “Ṫáinig sé anso ċúġaiḃ-se 'ġá leigint air go raiḃ fuaṫ aige do Ḃrian. Ċuireaḃair-se ag triall orm-sa é, an rud a ḃí uaiḋ. Ḃí iontaoiḃ agam-sa as mar ġeall ar é ṫeaċt ċúġam uaiḃ-se. D' oibríġmair araon a' láiṁ a ċéile. Níor ċuireamair cor dínn nár inis sé do Ṁurċaḋ ċóṁ luaṫ agus ċuireamair dínn é. Díreaċ nuair a ḃí an obair náċ mór déanta do sgéiḋ sé. Ċuir sé na trí miasa níṁe os cóṁair an trír. Ṫaraing Murċaḋ ċuige na trí miasa sar a raiḃ uain ar aoinne de'n ḃeirt eile ar an mbia do ḃlaiseaḋ. Ṫug Murċaḋ blúire de'n ḃia dom' ġaiḋrín. Ṫuit an gaiḋrín marḃ os cóṁair ár súl go léir. Ansan d'inis Lonán dóiḃ cé r' ḃ' é agus cad é an bob a ḃí buailte aige orm-sa. Ní féidir liom gan uraim a ḃeiṫ agam dó. Ċosain sé Brian orm ċóṁ h-áluinn agus do cosanaḋ aoinne riaṁ. Conus ḟéadfainn-se aon ḃeart eile ṫarang ċúġam an ḟaid a ḃí an iontaoiḃ agam a' Lonán agus sinn ag oibriuġaḋ a' láiṁ a ċéile! Níor ḃ'ḟéidir an gníoṁ a ḋéanaṁ gan sinn araon 'á ḋéanaṁ. Níor ḃaoġal do Ḃrian an ḟaid a ḃí láṁ Lonáin sa ġníoṁ, níḋ náċ iongnaḋ. Ní ḃéaḋ a láṁ sa ġníoṁ mura mbéaḋ é ṫeaċt ċúġam uaiḃ-se. Ó, táid siad go léir ag cur a n-anam amaċ ag gáirí umainn agus ag magaḋ fúinn! Agus gan aṁras tá a ċúis acu.”

Ċomáin sí léi ag caint. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt eile go ceann aḃfad. Ar ball do laḃair Aṁlaoiḃ. [ 248 ]“Ar ṫugais leat an ċailís?” ar seisean.

“Níor ṫugas!” ar sise. “Ḃí sí agam sa ċárbat agus mé ag fágaint na h-áite. Ċonac Lonán, an ropaire! ag cogarnaiġ le Murċaḋ. Ṫáinig Murċaḋ ċúġam anall agus ṫóg sé leis an bosca 'n-a raiḃ an ċailís. Ó, ḋeineaḃair an gnó go h-áluinn ar fad nuair a ċuireaḃair Lonán ċúġam! Dá mb'áil leis teaċt ar aon ċuma eile ċúġam aċ uaiḃ-se! Is gasta a ḋein sé é. Go deiṁin ní féidir liom gan uraim a ḃeiṫ agam dó.”

D'iompuiġ daṫ duḃ ar ġnúis Aṁlaoiḃ nuair a fuair sé go raiḃ an ċailís imṫiġṫe.

“Dá mb'áil liom-sa,” ar seisean, “a ṁalairt de ċúram a ċur ar Ḟear na gCos nuair a ḃí an ċaoi agam air!”

“Eist, a Aṁlaoiḃ,” arsa Sitric. “Ní fiú biorán a's an gnó go léir. Tá ár máṫair anso againn beó. Is iongantaċ an sgéal iad 'ġá leigint uaṫa ċóṁ bog. Beiḋ caoi airís agat ar ṡocaruġaḋ le Fear na gCos uair éigin. Tá ár neart ollaṁ ins gaċ aon ḃall. Ba ṁór go léir an tairḃṫe ḋúinn neart Gaeḋal a ḃeiṫ gan ċeann, dá n-eiriġeaḋ linn. Aċ tá sé ana aosta. Is cuma nó ḃeiṫ gan ċeann dóiḃ an ceann a ḃeiṫ ċóṁ h-aosta. Ná h-abraimís a ṫuille mar ġeall ar Lonán ná ar a ġnó. Ní dóiċ liom go ḃfuil puínn dá ḟios ag aoinne go raiḃ an gnó ar siúḃal. Tugaimís aġaiḋ ar an obair atá róṁainn. Comáinimís teaċtairí mór-ṫímpal 'ġá ráḋ le n-ár neart cruinniuġaḋ, gan a ṫuille ríġnis, sa ċuan so amuiċ; go ḃfuil gaċ aon rud ollaṁ. Tá Maolmórḋa ar dearg-ḃuile, a ṁáṫair. Ḋeinis an méid sin go maiṫ. Tá néal ċun cogaiḋ i Loċlanaċaiḃ na h-Éirean, agus is ag triall ar ríġ Laiġean atáid siad ag teaċt. Buaḋfaimíd fós ar Ḃrian agus ar Ċlainn Ċais!”