Niamh/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Cor i n-aghaidh an Chaim
[ 234 ]

LEAḂAR A TRÍ.

CAIBIDIOL I.

COR I N-AĠAIḊ AN ĊAIM.

Raint laeṫanta tar éis ríġ Laiġean a ḋ' imṫeaċt i ḃfeirg ó Ċeann Cora ḃí Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn Óg i ḃfoċair a ċeile i gcóṁairle. Ḃí a lán neiṫe acu 'á ḃreiṫ- niuġaḋ. Ḃíodar ag áireaṁ na mílte fear a féadfaí ṫaḃairt as gaċ triúċ nuair a ṫiocfaḋ an ġlaoḋ. Ṫuigeadar gur isteaċ i gcuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ṫiocfaḋ an naṁaid iasaċta. Ḃíodar ag breiṫniuġaḋ na mbóiṫre a ḃí ó Ċeann Cora go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Uíḃ Máine go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Ċaiseal go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó ṫír na nDéise go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Ċiarraiġe go Baile Áṫa Cliaṫ; agus mar sin, ó gaċ aon áit 'n-a raiḃ cuid de neart slóġ Ḃriain go dtí an áit i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ 'n-a gcaiṫfeaḋ a ṡlóiġte go léir teaċt agus cruinniuġaḋ i gcoinniḃ na slóġ naṁad iasaċta a ḃí ag teaċt go h-Éirinn ó'n uile ṗáirt de'n doṁan Loċlanaċ. Ansan iseaḋ do tuigeaḋ go h-áluinn tairḃṫe na h-oibre a ḃí ag Brian 'á ḋéanaṁ ar feaḋ aḃfad roimis sin, nuair a ḃí na bóiṫre breaġṫa leaṫana aige 'á ḋéanaṁ ins gaċ aon ḃall agus nuair a ḃí na droċaid ḃreaġṫa láidire aige 'á ċur ar na h-aiḃníḃ. Do tuigeaḋ, leis, an uair sin gur deineaḋ maiṫeas mór nuair a rugaḋ slóiġte Ḃriain go minic roimis sin, go Cill Ṁaiġneann i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ, an áit 'nar [ 235 ]ġnáṫ le Brian dul agus longṗort a ḋéanaṁ agus raint aimsire ċaiṫeaṁ, nuair a ḃíoḋ gnó aige le déanaṁ, aiġneas a ṡocaruġaḋ idir ríġṫiḃ, nó a smaċt féin do ċur i ḃfeiḋm. Ḃí aiṫne ṁaiṫ ag Dál gCais ar na bóiṫriḃ ó Ċeann Cora go Cill Ṁaiġneann.

Nuair a ḃí cuid ṁaiṫ aimsire caiṫte sa ċóṁairle, agus caint agus breiṫniuġaḋ déanta ar a lán neiṫe, táinig an t-am ċun dul agus bia ċaiṫeaṁ. Ṫáinig teaċtaire 'ġá ráḋ go raiḃ an bia ollaṁ. D'eiriġ an triúr agus ṫánadar go seómra an ḃíḋ. Ṡuiġdar ċun an ḃúird. Ṫáinig Gormḟlaiṫ agus ṡuiġ sí i n-aice an Árdríġ. Ḃí sí go séiṁ agus go soilḃir agus go gealġáiriteaċ leó, agus go mór mór leis an Árdríġ. Ḃí sí ag déanaṁ grínn agus suilt de'n ċuma 'n-ar ċuir ríġ Laiġean fearg ar Ṁurċaḋ nuair a ḋein sé an ḃagairt ar Ċonáing sa ċluiċe.

“Níor ḋéineas aon iongnaḋ de m' ḋriṫáir,” ar sise. “Fear iseaḋ é, is dóiċ liom, nár ṫeip an tuaṫal riaṁ air. Aċ do deiṁin agus go dearḃṫa níor ṁeasas go ndéanfaḋ Murċaḋ an rud a ḋein sé.”

“Cad a ḋeineas, a Árdrígan?” arsa Murċaḋ.

“Nuair a ṫagan fearg ort, a ríġ,” ar sise, “ní h-aon dóiċín tu. Aċ ní gnáṫ leat fearg a ṫeaċt ort gan puínn cúise.”

“Is fíor ḋuit, a Árdrígan,” ar seisean. “Ní raiḃ aon ċeart agam a ḋéanaṁ de'n sgéal aċ neaṁníḋ, mar ní raiḃ ann aċ neaṁníḋ. Is truaġ ná táinig sé ṫar n-ais nuair a ṫáinig an teaċtaire suas leis. Dá dtagaḋ d' adṁóċainn láiṫreaċ go raiḃ an éagcóir agam agus d'iarfainn air mo leaṫsgéal do ġaḃáil.”

Níor ċuir Brian ná Dúlainn aon ḟocal isteaċ sa ċóṁráḋ san. Níor ṁaiṫ leó tráċt i n-aon ċor ar an easonóir a tugaḋ do ṫeaċtaire an Árdríġ. Dar leó d'ḟéadfaḋ ríġ Laiġean diúltuġaḋ do ċasaḋ agus gan an [ 236 ]teaċtaire do ḃualaḋ. Cuid ab eaḋ é sin de'n tuatal nár ṫeip riaṁ ar ríġ Laiġean.

Ba ġnáṫ, i ndeire gaċ dínnéir, sóḋluist éigin, nó mísleán éigin, do ṫaḃairt isteaċ agus do ċur ar an mbórd. Ḃí gaiḋrín na h-Árdríġna ar a ġlúin ag Murċaḋ agus é ag cimilt a ḃaise ḋ'á ḋrom, ag feiṫeaṁ leis na mísleáin. Lonán a ḃí ag friṫálaṁ. Do tógaḋ ċun siúḃail na miasa móra. Ṫáinig Lonán isteaċ agus trí miasa beaga aige agus sórd éigin bíḋ orṫa, agus aon ṁias ḃeag aṁáin agus ḋá uḃall uirṫi. Ċuir sé an ṁias ar a raiḃ na h-uḃla os cóṁair na h-Árdríġna, agus na trí miasa eile os cóṁair an trír fear. D'ḟeuċ sé ar Ṁurċaḋ. Ċuir Murċaḋ a láṁ anonn láiṫreaċ agus ṫaraing sé ċuige an ṁéisín a cuireaḋ os cóṁair Ḃriain agus an ṁéisín a cuireaḋ os cóṁair Ḋúlainn. Ḋein sé an méid sin go tapaiḋ, i dtreó ná raiḃ uain ag aoinne acu ar aon ṗioc de'n ḃia ċur 'n-a ḃéal. Ansan do ṫóg sé blúire de'n ḃia agus ċuir sé i mbéal an ġaiḋrín é agus do sgaoil sé an gaiḋrín uaiḋ ar an dtalaṁ. Ṡiúḃluiġ an maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do ṫuit sé. D' iompuiġ sé na ċeiṫre cosa anáirde. Do croṫ na cosa ar feaḋ tamail ḃig agus ḃí an gaiḋrín marḃ.

D'ḟeuċ Murċaḋ ar Ġormḟlaiṫ.

“Ḋeinis láidir ár ndóṫin dúinn é!” ar seisean.

Ṫug sé fé ndeara a láṁ aici 'á ċur isteaċ 'n a brollaċ. Do ṗreab sé anonn agus do rug sé ar an láiṁ.

“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is aṁlaiḋ a ḃí sgian 'n-a brollaċ aici agus ṁeas sí Lonán do ṡáḋ leis an sgiain.

Nuair a ḃí greim ag Murċaḋ ar a láiṁ d' ḟeuċ sí ar Lonán, agus ba ḋóiċ leat go sáḋfaḋ sí é le n-a súiliḃ. An ṁuintir a ḃí láiṫreaċ an uair sin agus do ċonaic a h-aġaiḋ agus í ag feuċaint ar Lonán, ní miste a ráḋ ná go ḃfeacadar a diaḃal coíṁdeaċta má ċonaic aoinne riaṁ é. [ 237 ]“Do ḋíolais mé!” ar sise le Lonán.

“Cad é an bríġ atá leis an obair seo?” arsa Brian agus d'ḟeuċ sé ó ḋuine go duine d'á raiḃ láiṫreaċ.

“Tá, a Árdríġ,” arsa Murċaḋ, “go ḃfuil oiread níṁe sa méid bíḋ atá ar na trí miasaiḃ beaga san agus ṁarḃóċ' trí naonḃúir, ní áiriġim triúr.”

D'ḟeuċ Brian ar Lonán.

“Cad ċuige ḋuit a leiṫéid sin de ġníoṁ a ḋéanaṁ?” ar seisean.

“Níor ḋein sé aċ an rud a dúḃraḋ leis a ḋéanaṁ,” arsa Murċaḋ.

“Ní ṡaorfaḋ san i n-aon ċor é!” arsa Brian.

“Osgail do ḃéal agus inis an ḟírinne do'n Árdríġ,” arsa Murċaḋ le Gormḟlaiṫ.

“Osgail-se féin do ḃéal,” arsa Gormḟlaiṫ, “agus inis an sgéal go léir dó. Is dóiċ liom gur tu is fearr eólus air.”

“Cad é an ainim atá ort-sa?” arsa Murċaḋ le Lonán.

“Lonán mac Beaṫaċ, a ríġ,” arsa Lonán.

“Airiú, an driṫáir do Ḋonn tu?” arsa Brian.

“Ó! Ó! Ó!” arsa Gormḟlaiṫ.

“Iseaḋ, a Árdríġ,” arsa Lonán.

“Tar i dtusaċ an sgéil, a Lonáin,” arsa Murċaḋ, “agus inis do'n Árdríġ é, tríd síos.”

“Déanfad sgéal gairid dé ḋuit, a Árdríġ,” arsa Lonán.

“Ṫánag aḃaile anso go h-Éirinn tar éis sgoileana agus coláistí an doṁain do ṡiúḃal, agus cruinniuġaḋ eóluis ar ġearántaiḃ agus ar ṫaomaiḃ an duine, agus ar na leiġseanaiḃ is fearr orṫa. Ní raḃas aḃfad sa ḃaile nuair a ċuir mo ḋriṫáir, Donn, níḋ am' ċóṁairle.

“‘Táṫar ar tí an t-Árdríġ do ċur ċun báis le niṁ,’ ar seisean. ‘Tá aireaċas maiṫ 'á ṫaḃairt dó,’ ar seisean, ‘aċ tá sgannra orainn go léir le h-eagla go ḃfaiġfí caoi ar an [ 238 ]ngníoṁ a ḋéanaṁ i n-aiṁḋeóin ár n-airċeaċais. D'ḟéadfá- sa beart a ḋéanaṁ,” ar seisean, “a ċuirfeaḋ an t-Árdríġ ó ḃaoġal.’

“‘Cé atá ar a ṫí?’ arsa mise.

“‘Tá Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, ‘agus a mac, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.’

“‘Cad é an tairḃṫe a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ?’ arsa mise.

“‘Ní sa tairḃṫe a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ atá an ċeist,’ ar seisean, ‘aċ sa tairḃṫe is dóiċ leó a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ. Tá Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé ṫalaṁ agus os cionn tailiṁ, ċun geinte críċe Loċlan agus críċe na h-Ioruaiḋe do ċruinniuġaḋ agus do ṫaḃairt anso go h-Éirinn ċun na nGaeḋal do ḋísgiuġaḋ agus Éire ḃeiṫ acu féin, agus Sitric a ḃeiṫ i-n' Árdríġ ar Éirinn. Dá ḃfaġaḋ Brian bás le linn an ċruinniġṫe ḃeiṫ déanta do ṫuitfeaḋ, dar leó, cóṁaċt Ḃriain as a ċéile. Ḃéaḋ ríġṫe Éirean go léir ag marḃuġaḋ a ċéile ċun teaċt ar an Árdríġeaċt, agus ba ró ḟuiriste do ċóṁaċt Loċlanaċ bualaḋ isteaċ agus an Árdríġeaċt do sgiobaḋ uaṫa go léir. Ċuige sin,’ ar seisean, ‘tá Gormḟlaiṫ ag faire feuċaint an ḃfaġaḋ sí caoi ar niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian, agus táimíd-ne ag faire uirṫi ċun gan an ċaoi a ṫaḃairt di. Ṫugamair Niaṁ, inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, go Ceann Cora, ċun na faire ḋéanaṁ, aċ tá Gormḟlaiṫ ró ġlic do Niaṁ. D'á éaġmais sin ní réiḋtiġean faireaċán de'n tsórd san le meón ná le h-aigne Niaṁ. Ṫugamair fé ndeara go raiḃ a sláinte ag imṫeaċt uaiṫi sa n-obair. Tá an aigne ró uasal ag Niaṁ. Do ṁarḃóċaḋ faireaċán de'n tsórd san í. Díreaċ nuair a ḃíomair i gcás ná raiḃ ḟios againn cad ba ṁaiṫ ḋúinn a ḋéanaṁ ṡocaruiġ Brian ar ḋul ar a ċuaird ríġ. An ḟaid a ḃeiḋ sé ar an gcuaird agus Gormḟlaiṫ i gCeann Cora ní'l baoġal air. Aċ nuair a ḃeiḋ an ċuaird taḃarṫa ní ḟeadar an tsaoġal cad a ḋéanfaimíd.’ [ 239 ]“‘Inis an sgéal go léir do Ḃrian féin,’ arsa mise.

“‘Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫ ann,’ ar seisean. ‘Ní ċreidfeaḋ sé go ndéanfaḋ sí é, agus ansan is aṁlaiḋ a ḃéaḋ an ċontaḃairt níba ṁó.’

“‘Agus cad 'tá agam-sa le déanaṁ?’ arsa mise.

‘Éist go cruinn liom’, ar seisean, ‘agus neósfad duit cad tá agat le déanaṁ. Ní'l Sitric sásta nuair ná fuil an gnó d'á ḋéanaṁ ċóṁ tapaiḋ agus ba ṁaiṫ leis é. D'á ḃfaġaḋ sé duine a ḋéanfaḋ an gnó níos tapaṁla do ṫaḃarfaḋ sé tuarasdal maiṫ ḋó as an obair a ḋéanaṁ. Imṫiġ-se go Baile Áṫa Cliaṫ, ad' ḋoċtúir, mar 'ḋ eaḋ. Leig do Ṡitric tu ḋ'ḟáġail amaċ. Tuigeaḋ sé uait, i ndiaiġ ar ndiaiġ, ná fuil aon ġráḋ agat do Ḃrian. Nuair a ṫuigfiḋ sé an méid sin measfaiḋ sé go ndéanfair-se an gnó. Curfar siar go Ceann Cora ṫu. Beiḋ tú ann nuair a ṫiocfaiḋ Brian aḃaile. Ceapfar tu ċun na h-oibre ḋéanaṁ agus geallfar tuarasdal maiṫ ḋuit. An ḟaid a ḃeiḋ an gnó ar do láiṁ-se ní baoġal go gcurfar ar aon láiṁ eile an gnó. Luiġ isteaċ ċun na h-oibre ċóṁ maiṫ agus dá mbeiṫeá dáiríriḃ. Dein gaċ aon rud díreaċ mar a déarfar leat é ḋéanaṁ. Taḃair a toil féin do Ġormḟlaiṫ. Dein rud uirṫi ins gaċ aon níḋ a ċuirfiḋ sí os do ċóṁair. Ansan, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am ceart ċuige féadfair sgéiḋ uirṫi.’

“Ċuaḋas go Baile Áṫa Cliaṫ. Ṫuit gaċ níḋ amaċ díreaċ mar a ṁeas Donn a ṫuitfeaḋ. Is uaṫḃásaċ an ḃean í!” ar seisean, agus d' ḟeuċ sé anonn ar Ġormḟlaiṫ, mar ḟeuċfaḋ duine ar éan éigin neaṁ-ċoitċianta, nó ar ḃeiṫiġeaċ neaṁ-ċoitċianta.

D'ḟeuċ sise air, idir an dá ṡúil.

“Ní foláir a ḋ' adṁáil,” ar sise, “gur ḋeinis do ġnó go maiṫ. Ḃuailis bob ar Ṡitric, agus ḃuailis bob ar ḟear atá níos géire go mór ná Sitric. Ḃuailis bob ar Aṁlaoiḃ. [ 240 ]Mura mbéaḋ san ní ḃuailfeá an bob orm-sa mar a ḃuailis. Is ábalta an buaċail tu,” ar sise. “Ṫáinig aṁras am' aigne cúpla uair go mb' ḟéidir go raḃais am' ṁeallaḋ, aċ ċuiris m' aigne ċun suaiṁnus gaċ uair acu le d' ṡímpliḋeaċt. Ó, is sleaṁain an bioránaċ tu! Is truaġ náċ ag triall orm féin a ṫáinís ar dtúis! Aċ nuair a ṫáinís ċúġam ó'n mbeirt sin cad ḟéadfainn a ráḋ! Cad é an díoḃáil dom aċ Aṁlaoiḃ.”

“Cé h-é Aṁlaoiḃ?” arsa Brian.

Ċrom gaċ aoinne a ċeann.

“Náċ é sin an t-ógánaċ úd a ṫagaḋ anso aníos ó Inis Caṫaiġ in-aonḟeaċt le mac Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla?” arsa Brian.

Níor laḃair aoinne, aċ do las gnúis Ṁurċaḋ.

“Ná neósfaiḋ aoinne ḋom cé h-é an t-óganaċ úd?” arsa Brian.

“Ní'l aċ aoinne aṁáin anso a ḋ'ḟéadfaḋ an ċeist sin do ḟreagairt duit, a aṫair,” arsa Murċaḋ, agus do laḃair sé go h-ana íseal.

D'éiriġ Brian ó'n mbórd agus d' imṫiġ sé amaċ gan feuċaint ar Ġormḟlaiṫ.

“Coimeádtar 'n-a prísúnaċ í,” arsa Murċaḋ le Dúlainn, agus d'imṫiġ sé amaċ i ndiaiġ an Árdríġ.

“Tá cárbat na h-Árdríġna féin ollaṁ amuiċ ċun bóṫair,” arsa Lonán. “Ḃíomair ċun imṫeaċt ar cos- anáirde go Baile Áṫa Cliaṫ,” ar seisean, “ċóṁ luaṫ agus ḃéaḋ an gníoṁ déanta,” agus ċuir sé gáire as.

“Imṫiġ amaċ agus inis an méid sin do Ṁurċaḋ,” arsa Dúlainn. “Taḃarfad-sa aire ḋi seo.”

D'imṫiġ Lonán amaċ. Ḃí Brian agus Murċaḋ amuiċ agus iad ag siúḃal síos agus suas agus Brian ag caint. D' airiġ sé an t-aon ḟocal aṁáin ó Ḃrian.

“Ní mac d' Aṁlaoiḃ é. Tuigim an sgéal go léir anois.”

[ 241 ]Ċonaic sé Lonán ag teaċt 'n-a dtreó.

“A Lonáin, a ṁic ó,” ar seisean, “tá comaoine ṁór curṫa agat orm! Ċuiris t'anam féin i gcontaḃairt ar mo ṡon.”

“Is suaraċ le ráḋ m'anam-sa seaċas t'anam-sa anois, a Árdríġ,” arsa Lonán. “Aċ a leiṫéid seo, a ríġ,” ar seisean le Murċaḋ. “Tá cárbat na h-Árdríġna ollaṁ ċun bóṫair. Ḃí socair aici ar ḋul láiṫreaċ go h-Áṫ Cliaṫ agus ar mise ḃreiṫ léi. Do croċfaí mé ċóṁ luaṫ agus ḃéinn ṫíos dá mbéaḋ an sgéal aici mar a ṁeas sí a ḃéaḋ sé. Siné tuarasdal a ġeóḃainn uaṫa,” agus ċuir sé gáire as.

“Tá san go maiṫ! Tá san go h-ana ṁaiṫ!” arsa Brian. “Ní'l aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne cad 'tá tuitiṫe amaċ. Cuir isteaċ sa ċárbat í, a Ṁurċaḋ, agus cuir buiḋean fear léi síos go Baile Áṫa Cliaṫ, agus fágtar ṫíos í.”

D'imṫiġ Brian isteaċ 'n-a ṡeómra féin, agus d'imṫiġ Murċaḋ agus Lonán ċun an ruda a ḋ' órduiġ sé do ḋéanaṁ. Ṫánadar isteaċ mar a raiḃ Dúlainn agus Gormḟlaiṫ, agus an gaiḋrín marḃ.

“Tuigim go ḃfuilir ag dul go h-Áṫ Cliaṫ, a Árdrígan,” arsa Murċaḋ. “Tá do ċárbat féin ollaṁ duit.”

D'éiriġ sí, gan laḃairt, agus ḃuail sí amaċ i n-aonḟeaċt leis. Ṫáinig Lonán i n-aonḟeaċt leis an mbeirt. Ṫug sé cogar do Ṁurċaḋ. Ṫánadar mar a raiḃ an cárbat, gaḃṫa, ollaṁ ċun bóṫair.

“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áṫ Cliaṫ, a ġiolla,” arsa Murċaḋ leis an ngiolla. “Taḃair aire ṁaiṫ dos na capailiḃ.”

D'ḟeuċ Murċaḋ isteaċ sa ċárbat. Ċonaic sé bosca beag deas istiġ ann. Ṫóg sé amaċ an bosca.

[ 242 ]D'ḟeuċ Gormḟlaiṫ air. D'ḟeuċ seisean uirṫi. Níor laḃair aoinne acu.

Do ġluais an cárbat.