Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/242

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
238
NIAṀ

ngníoṁ a ḋéanaṁ i n-aiṁḋeóin ár n-airċeaċais. D'ḟéadfá- sa beart a ḋéanaṁ,” ar seisean, “a ċuirfeaḋ an t-Árdríġ ó ḃaoġal.’

“‘Cé atá ar a ṫí?’ arsa mise.

“‘Tá Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, ‘agus a mac, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.’

“‘Cad é an tairḃṫe a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ?’ arsa mise.

“‘Ní sa tairḃṫe a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ atá an ċeist,’ ar seisean, ‘aċ sa tairḃṫe is dóiċ leó a ḋéanfaiḋ a ḃás dóiḃ. Tá Gormḟlaiṫ,’ ar seisean, ‘agus Sitric ag obair, fé ṫalaṁ agus os cionn tailiṁ, ċun geinte críċe Loċlan agus críċe na h-Ioruaiḋe do ċruinniuġaḋ agus do ṫaḃairt anso go h-Éirinn ċun na nGaeḋal do ḋísgiuġaḋ agus Éire ḃeiṫ acu féin, agus Sitric a ḃeiṫ i-n' Árdríġ ar Éirinn. Dá ḃfaġaḋ Brian bás le linn an ċruinniġṫe ḃeiṫ déanta do ṫuitfeaḋ, dar leó, cóṁaċt Ḃriain as a ċéile. Ḃéaḋ ríġṫe Éirean go léir ag marḃuġaḋ a ċéile ċun teaċt ar an Árdríġeaċt, agus ba ró ḟuiriste do ċóṁaċt Loċlanaċ bualaḋ isteaċ agus an Árdríġeaċt do sgiobaḋ uaṫa go léir. Ċuige sin,’ ar seisean, ‘tá Gormḟlaiṫ ag faire feuċaint an ḃfaġaḋ sí caoi ar niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian, agus táimíd-ne ag faire uirṫi ċun gan an ċaoi a ṫaḃairt di. Ṫugamair Niaṁ, inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, go Ceann Cora, ċun na faire ḋéanaṁ, aċ tá Gormḟlaiṫ ró ġlic do Niaṁ. D'á éaġmais sin ní réiḋtiġean faireaċán de'n tsórd san le meón ná le h-aigne Niaṁ. Ṫugamair fé ndeara go raiḃ a sláinte ag imṫeaċt uaiṫi sa n-obair. Tá an aigne ró uasal ag Niaṁ. Do ṁarḃóċaḋ faireaċán de'n tsórd san í. Díreaċ nuair a ḃíomair i gcás ná raiḃ ḟios againn cad ba ṁaiṫ ḋúinn a ḋéanaṁ ṡocaruiġ Brian ar ḋul ar a ċuaird ríġ. An ḟaid a ḃeiḋ sé ar an gcuaird agus Gormḟlaiṫ i gCeann Cora ní'l baoġal air. Aċ nuair a ḃeiḋ an ċuaird taḃarṫa ní ḟeadar an tsaoġal cad a ḋéanfaimíd.’