“‘Inis an sgéal go léir do Ḃrian féin,’ arsa mise.
“‘Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫ ann,’ ar seisean. ‘Ní ċreidfeaḋ sé go ndéanfaḋ sí é, agus ansan is aṁlaiḋ a ḃéaḋ an ċontaḃairt níba ṁó.’
“‘Agus cad 'tá agam-sa le déanaṁ?’ arsa mise.
‘Éist go cruinn liom’, ar seisean, ‘agus neósfad duit cad tá agat le déanaṁ. Ní'l Sitric sásta nuair ná fuil an gnó d'á ḋéanaṁ ċóṁ tapaiḋ agus ba ṁaiṫ leis é. D'á ḃfaġaḋ sé duine a ḋéanfaḋ an gnó níos tapaṁla do ṫaḃarfaḋ sé tuarasdal maiṫ ḋó as an obair a ḋéanaṁ. Imṫiġ-se go Baile Áṫa Cliaṫ, ad' ḋoċtúir, mar 'ḋ eaḋ. Leig do Ṡitric tu ḋ'ḟáġail amaċ. Tuigeaḋ sé uait, i ndiaiġ ar ndiaiġ, ná fuil aon ġráḋ agat do Ḃrian. Nuair a ṫuigfiḋ sé an méid sin measfaiḋ sé go ndéanfair-se an gnó. Curfar siar go Ceann Cora ṫu. Beiḋ tú ann nuair a ṫiocfaiḋ Brian aḃaile. Ceapfar tu ċun na h-oibre ḋéanaṁ agus geallfar tuarasdal maiṫ ḋuit. An ḟaid a ḃeiḋ an gnó ar do láiṁ-se ní baoġal go gcurfar ar aon láiṁ eile an gnó. Luiġ isteaċ ċun na h-oibre ċóṁ maiṫ agus dá mbeiṫeá dáiríriḃ. Dein gaċ aon rud díreaċ mar a déarfar leat é ḋéanaṁ. Taḃair a toil féin do Ġormḟlaiṫ. Dein rud uirṫi ins gaċ aon níḋ a ċuirfiḋ sí os do ċóṁair. Ansan, nuair a ṫiocfaiḋ an t-am ceart ċuige féadfair sgéiḋ uirṫi.’
“Ċuaḋas go Baile Áṫa Cliaṫ. Ṫuit gaċ níḋ amaċ díreaċ mar a ṁeas Donn a ṫuitfeaḋ. Is uaṫḃásaċ an ḃean í!” ar seisean, agus d' ḟeuċ sé anonn ar Ġormḟlaiṫ, mar ḟeuċfaḋ duine ar éan éigin neaṁ-ċoitċianta, nó ar ḃeiṫiġeaċ neaṁ-ċoitċianta.
D'ḟeuċ sise air, idir an dá ṡúil.
“Ní foláir a ḋ' adṁáil,” ar sise, “gur ḋeinis do ġnó go maiṫ. Ḃuailis bob ar Ṡitric, agus ḃuailis bob ar ḟear atá níos géire go mór ná Sitric. Ḃuailis bob ar Aṁlaoiḃ.