Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/238

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
234
NIAṀ

LEAḂAR A TRÍ.

CAIBIDIOL I.

COR I N-AĠAIḊ AN ĊAIM.

Raint laeṫanta tar éis ríġ Laiġean a ḋ' imṫeaċt i ḃfeirg ó Ċeann Cora ḃí Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn Óg i ḃfoċair a ċeile i gcóṁairle. Ḃí a lán neiṫe acu 'á ḃreiṫ- niuġaḋ. Ḃíodar ag áireaṁ na mílte fear a féadfaí ṫaḃairt as gaċ triúċ nuair a ṫiocfaḋ an ġlaoḋ. Ṫuigeadar gur isteaċ i gcuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ a ṫiocfaḋ an naṁaid iasaċta. Ḃíodar ag breiṫniuġaḋ na mbóiṫre a ḃí ó Ċeann Cora go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Uíḃ Máine go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Ċaiseal go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó ṫír na nDéise go Baile Áṫa Cliaṫ; agus ó Ċiarraiġe go Baile Áṫa Cliaṫ; agus mar sin, ó gaċ aon áit 'n-a raiḃ cuid de neart slóġ Ḃriain go dtí an áit i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ 'n-a gcaiṫfeaḋ a ṡlóiġte go léir teaċt agus cruinniuġaḋ i gcoinniḃ na slóġ naṁad iasaċta a ḃí ag teaċt go h-Éirinn ó'n uile ṗáirt de'n doṁan Loċlanaċ. Ansan iseaḋ do tuigeaḋ go h-áluinn tairḃṫe na h-oibre a ḃí ag Brian 'á ḋéanaṁ ar feaḋ aḃfad roimis sin, nuair a ḃí na bóiṫre breaġṫa leaṫana aige 'á ḋéanaṁ ins gaċ aon ḃall agus nuair a ḃí na droċaid ḃreaġṫa láidire aige 'á ċur ar na h-aiḃníḃ. Do tuigeaḋ, leis, an uair sin gur deineaḋ maiṫeas mór nuair a rugaḋ slóiġte Ḃriain go minic roimis sin, go Cill Ṁaiġneann i n-aice Ḃaile Áṫa Cliaṫ, an áit 'nar