Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/237

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
233
NIAṀ

Ḃíodar ag ḋéanaṁ na h-oibre a ḃí geárṫa amaċ dóiḃ ag Gormḟlaiṫ, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu gur ḃ' í sin obair a ḃí acu 'á ḋéanaṁ. Ba ḋoiṁinn agus ba ġasta agus ba ḋroċ aigeanta an ḃean Gormḟlaiṫ, agus dob' ábalta an ḃean í. Aċ ḃí cluiċe ḃáis a's ḃeaṫa aici d'á imirt le daoiniḃ a ḃí beagán ró ḋoiṁinn di, agus ró ġasta ḋi, agus ró ábalta ḋi. Do ṫuigeadar an cluiċe a ḃí aici d'á imirt agus do sgaoileadar léi. Ḃí bob aici d'á ḃualaḋ ar ríġ Laiġean agus ar na Laiġneaċaiḃ, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios aici go raiḃ a ċoṫrom, agus breis, de ḃob d'á ḃualaḋ, i láṫair na h-uaire céadna, uirṫi féin.