Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/246

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
242
NIAṀ

D'ḟeuċ Gormḟlaiṫ air. D'ḟeuċ seisean uirṫi. Níor laḃair aoinne acu.

Do ġluais an cárbat.



CAIBIDIOL II.

BREALL AR AN ḂFEALL.

Nuair a ḃí an cárbat ag gluaiseaċt ḃí beirt ḃan uasal sa ċárbat i n-aonḟeaċt le Gormḟlaiṫ, beirt d'á mnáiḃ coíṁdeaċta, beirt a ṫáinig léi go Ceann Cora nuair a ṗós Brian í. Ḃí Dúlainn agus dírim marcaċ aige ċun dul, mar ġárda, i n-aonḟeaċt leis an gcárbat. Le Gormḟlaiṫ féin ab eaḋ cúigear dos na marcaċaiḃ. Ṫánadar léi go Ceann Cora nuair a ḃí sí ag teaċt ann. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne acu, ná ag aoinne des na mnáiḃ coíṁdeaċta, cad a ḃí tuitiṫe amaċ. Ċoimeád Gormḟlaiṫ an gnó go léir idir í féin agus Lonán. Ḃí socair aici ar imṫeaċt láiṫreaċ nuair a ḃéaḋ an gníoṁ déanta. Dá mbéaḋ Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn ċóṁ marḃ leis an ngaiḋrín ḃéaḋ sí féin agus Lonán, agus an méid d'á muintir féin a ḃí i gCeann Cora, ḃéidís leaṫ na slíġe go h-Áṫ Cliaṫ sar a mbéaḋ teiġlaċ Ċinn Cora tagaiṫe as an sgeón, dar léi. Ḃéidís socair, ó ḃaoġal, i n-Áṫ Cliaṫ sar a mbéaḋ teiġlaċ Ċinn Cora ábalta ar aon tsaġas gníṁ a ḋéanaṁ, ḃéaḋ a leiṫéid sin de ṁeasgán mearaíḋe ar an áit agus na daoine, dar léi. Ansan d'ḟéadfaí Lonán a ċroċaḋ agus ní ḃéaḋ ḟios ag aoinne beó cé ḋein an gníoṁ. Ċoimeád sí féin agus Lonán an rún maiṫ san ná raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne aċ acu féin go dtí gur sgéiḋ