Lonán, aċ aṁáin ag Murċaḋ, agus ag Caoilte, driṫáir Lonáin. An ṁuintir a ḃí ag gluaiseaċt i n-aonḟeaċt leis an gcárbat an uair sin, lasmuiċ de Ḋúlainn, ní raiḃ aon ċoinne acu ná go mbéidis ag teaċt ṫar n-ais airís i n-aonḟeaċt leis an gcárbat gcéadna, agus an Árdrígan istiġ ann acu, i gceann beagán aimsire, nuair a ḃéaḋ a cuaird go h-Áṫ Cliaṫ taḃarṫa aici.
Nuair a druideaḋ soir ó Ċeann Cora ċuir Dúlainn beirt des na marcaċaiḃ, beirt de ṁuintir Ġormḟlaiṫ, uaiḋ, níba ġéire 'ná mar a ḃí an ċuid eile ag gluaiseaċt, agus leitir acu do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, 'ġá ráḋ leis dírim marcaċ a ṫaḃairt leis agus teaċt 'n-a gcoinniḃ ċun na h-Árdríġna do ṫógaint uaṫa agus í ṫionnlacan an ċuid eile de'n tslíġ. Ansan do ġluais Dúlainn go réiḋ i dtreó go mbéaḋ Sitric tamal maiṫ ar an slíġ 'n-a gcoinniḃ.
An uair a sgar Murċaḋ leó do ṫóg sé leis an bosca agus ċuaiḋ sé go seómra Ḃriain. D' osgail sé an bosca i láṫair Ḃriain, agus ṫóg sé rud amaċ as agus ċuir sé ar an mbórd é.
“Cad ċuige gur tugaḋ an ċailís sin aníos ó'n mainistir, a Ṁurċaḋ?” arsa Brian.
D'inis Murċaḋ cúrsaí na cailíse ḋó ó ṫusaċ go deire. Níor laḃair Brian aon ḟocal amaċ as a ḃéal an ḟaid a ḃí Murċaḋ ag innsint an sgéil dó.
“Ḃí ḟios againn,” arsa Murċaḋ, ag críoċnuġaḋ an sgéil, “gur anso ḃí an ċailís agus cé r' ḃ'é an biṫeaṁnaċ. D'inis Caoilte do Lonán an sgéal. Ní raiḃ Lonán aḃfad anso nuair a fuair sé amaċ gur sa ḃosca san a ḃí an ċailís. Ḃí socair aici, nuair a ḃéimís go léir sínte ċóṁ marḃ leis an ngaiḋrín, an bosca ḃreiṫ léi. Ḃí sé aici anois sa ċárbat. Ċonaic Lonán é agus ṫug sé an cogar dom. Ṫógas an bosca os cóṁair a súl. Níor ḋein sí aċ feuċaint orm. Níor laḃair sí focal. Laḃarfaiḋ an coileán úd léi nuair