Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/245

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
241
NIAṀ

Ċonaic sé Lonán ag teaċt 'n-a dtreó.

“A Lonáin, a ṁic ó,” ar seisean, “tá comaoine ṁór curṫa agat orm! Ċuiris t'anam féin i gcontaḃairt ar mo ṡon.”

“Is suaraċ le ráḋ m'anam-sa seaċas t'anam-sa anois, a Árdríġ,” arsa Lonán. “Aċ a leiṫéid seo, a ríġ,” ar seisean le Murċaḋ. “Tá cárbat na h-Árdríġna ollaṁ ċun bóṫair. Ḃí socair aici ar ḋul láiṫreaċ go h-Áṫ Cliaṫ agus ar mise ḃreiṫ léi. Do croċfaí mé ċóṁ luaṫ agus ḃéinn ṫíos dá mbéaḋ an sgéal aici mar a ṁeas sí a ḃéaḋ sé. Siné tuarasdal a ġeóḃainn uaṫa,” agus ċuir sé gáire as.

“Tá san go maiṫ! Tá san go h-ana ṁaiṫ!” arsa Brian. “Ní'l aon ṗioc d'á ḟios ag aoinne cad 'tá tuitiṫe amaċ. Cuir isteaċ sa ċárbat í, a Ṁurċaḋ, agus cuir buiḋean fear léi síos go Baile Áṫa Cliaṫ, agus fágtar ṫíos í.”

D'imṫiġ Brian isteaċ 'n-a ṡeómra féin, agus d'imṫiġ Murċaḋ agus Lonán ċun an ruda a ḋ' órduiġ sé do ḋéanaṁ. Ṫánadar isteaċ mar a raiḃ Dúlainn agus Gormḟlaiṫ, agus an gaiḋrín marḃ.

“Tuigim go ḃfuilir ag dul go h-Áṫ Cliaṫ, a Árdrígan,” arsa Murċaḋ. “Tá do ċárbat féin ollaṁ duit.”

D'éiriġ sí, gan laḃairt, agus ḃuail sí amaċ i n-aonḟeaċt leis. Ṫáinig Lonán i n-aonḟeaċt leis an mbeirt. Ṫug sé cogar do Ṁurċaḋ. Ṫánadar mar a raiḃ an cárbat, gaḃṫa, ollaṁ ċun bóṫair.

“Tá an Árdrígan ag dul go h-Áṫ Cliaṫ, a ġiolla,” arsa Murċaḋ leis an ngiolla. “Taḃair aire ṁaiṫ dos na capailiḃ.”

D'ḟeuċ Murċaḋ isteaċ sa ċárbat. Ċonaic sé bosca beag deas istiġ ann. Ṫóg sé amaċ an bosca.