teaċtaire do ḃualaḋ. Cuid ab eaḋ é sin de'n tuatal nár ṫeip riaṁ ar ríġ Laiġean.
Ba ġnáṫ, i ndeire gaċ dínnéir, sóḋluist éigin, nó mísleán éigin, do ṫaḃairt isteaċ agus do ċur ar an mbórd. Ḃí gaiḋrín na h-Árdríġna ar a ġlúin ag Murċaḋ agus é ag cimilt a ḃaise ḋ'á ḋrom, ag feiṫeaṁ leis na mísleáin. Lonán a ḃí ag friṫálaṁ. Do tógaḋ ċun siúḃail na miasa móra. Ṫáinig Lonán isteaċ agus trí miasa beaga aige agus sórd éigin bíḋ orṫa, agus aon ṁias ḃeag aṁáin agus ḋá uḃall uirṫi. Ċuir sé an ṁias ar a raiḃ na h-uḃla os cóṁair na h-Árdríġna, agus na trí miasa eile os cóṁair an trír fear. D'ḟeuċ sé ar Ṁurċaḋ. Ċuir Murċaḋ a láṁ anonn láiṫreaċ agus ṫaraing sé ċuige an ṁéisín a cuireaḋ os cóṁair Ḃriain agus an ṁéisín a cuireaḋ os cóṁair Ḋúlainn. Ḋein sé an méid sin go tapaiḋ, i dtreó ná raiḃ uain ag aoinne acu ar aon ṗioc de'n ḃia ċur 'n-a ḃéal. Ansan do ṫóg sé blúire de'n ḃia agus ċuir sé i mbéal an ġaiḋrín é agus do sgaoil sé an gaiḋrín uaiḋ ar an dtalaṁ. Ṡiúḃluiġ an maidirín beagán ar an úrlár. Ansan do ṫuit sé. D' iompuiġ sé na ċeiṫre cosa anáirde. Do croṫ na cosa ar feaḋ tamail ḃig agus ḃí an gaiḋrín marḃ.
D'ḟeuċ Murċaḋ ar Ġormḟlaiṫ.
“Ḋeinis láidir ár ndóṫin dúinn é!” ar seisean.
Ṫug sé fé ndeara a láṁ aici 'á ċur isteaċ 'n a brollaċ. Do ṗreab sé anonn agus do rug sé ar an láiṁ.
“Ná dein é sin, a Árdrígan!” ar seisean. Is aṁlaiḋ a ḃí sgian 'n-a brollaċ aici agus ṁeas sí Lonán do ṡáḋ leis an sgiain.
Nuair a ḃí greim ag Murċaḋ ar a láiṁ d' ḟeuċ sí ar Lonán, agus ba ḋóiċ leat go sáḋfaḋ sí é le n-a súiliḃ. An ṁuintir a ḃí láiṫreaċ an uair sin agus do ċonaic a h-aġaiḋ agus í ag feuċaint ar Lonán, ní miste a ráḋ ná go ḃfeacadar a diaḃal coíṁdeaċta má ċonaic aoinne riaṁ é.