Niamh/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Righ Laighean
[ 230 ]

CAIBIDIOL XX.

RÍĠ LAIĠEAN.

Duine b'eaḋ ríġ Laiġean nár ċuir aoinne puínn suime i n-aon rud a ḋéanfaḋ sé ná i n-aon níḋ a déarfaḋ sé. Fear baoṫ ab eaḋ é. Ṁeas sé féin ná raiḃ duine ar biṫ dob' ḟearr ciall agus tuisgint 'ná é, aċ níor ḃ'é sin meas daoine eile air. Ḃí sé ollaṁ i gcóṁnuiġe ċun daoine eile do ċóṁairliuġaḋ. Do leigeaḋ daoine orṫa go nglacfaidís an ċóṁairle, aċ ní ġlacaidís. Ṫugaḋ sé a aigne do gaċ aoinne agus ní ṫugaḋ aoinne a aigne ḋó-san. Dá dtugaidís ní ċoimeádfaḋ sé rún. Ḃí sé ar ṫaoḃ na Loċlanaċ i gcaṫ Ġleanna Ṁáma agus ḃí sé amuiċ air gur mar ġeall ar ċóṁairle éigin a ṫug sé ḋóiḃ a ċuaiḋ an lá [ 231 ]n-a gcoinniḃ. Tar éis an ċaṫa ḃí Murċaḋ agus Dúlainn Óg ag gaḃáil tímpal ag feuċaint i ndiaiġ na ḃfear ngunta. Ċonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár folaṁ. Ḃí ḋá ċois duine amaċ as an bpoll. Do rug Murċaḋ ar an dá ċois agus ṫaraing sé an duine amaċ a' poll an ċrainn. Cé ḃéaḋ aige aċ Maolmórḋa! Ḋein Murċaḋ agus Dúlainn gáirí a ndóṫin nuair a ċonacadar cé ḃí acu. Do deineaḋ ríġ ar Laiġniḃ 'n-a ḋiaiġ san dé tré ċóṁairle Ġormḟlaiṫ agus Ṡitric.

Níor ṫug Gormḟlaiṫ ná Sitric ná Aṁlaoiḃ fios ná eólus dó ar an uisge-fé-ṫalaṁ a ḃí ar siúḃal acu i gcoinniḃ Ḃriain agus Ṁurċaḋ. Ní ḟéadfaidís é. Do sgoilfeaḋ air nó do leigfeaḋ sé amaċ é. Do leigeadar dó go dtí go raiḃ gaċ aon níḋ ollaṁ acu i gcóir an ċogaiḋ. Ṫeastuiġ uaṫa ansan é féin agus slóiġte Laiġean a ḃeiṫ ar a dtaoḃ féin, i gcoinniḃ Ḃriain, sa ċogaḋ. Ċuige sin iseaḋ ċuir Gormḟlaiṫ an ḟearg air nuair a ċuaiḋ sé go Ceann Cora leis na crannaiḃ. Ḋein sí an gnó go feilimionta. Ṫáinig sé go Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus Brian aċ an caradas ba ṫreise agus ba ḋílse. D'ḟág sé Ceann Cora agus gan 'n-a ċroíḋe do Ḃrian aċ fuaṫ agus fíoċ agus fearg, agus a ċroíḋe d'á losgaḋ ag an ḃfocal úd a ċuir Gormḟlaiṫ isteaċ 'n-a ċluais, é ḃeiṫ 'n-a “beiṫiġeaċ iompair ag Brian!” Ḃí sé lán ċeapaiṫe ar ḋul, gan stad gan ríġneas, ag triall ar Ṡitric agus ar a ḋ'innsint dó cad é an tarcuisne a tugaḋ dó i gCeann Cora, agus ar a iaraiḋ air caḃruġaḋ leis ċun an tarcuisne do ḋíoġalt ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ agus orṫa go léir.

Nuair a ḃí san mar sin ḃí a h-aiḋm féin curṫa ċun cinn go h-áluinn ag Gormḟlaiṫ. Ḃí ríġ Laiġean gaḃṫa isteaċ go daingean aici ar a taoḃ féin, sa ċogaḋ a ḃí ag teaċt, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag ríġ Laiġean ná gur ḃ'é a ġnó féin a ḃí aige d'á ḋéanaṁ; ná gur ḃ'é a ḟuaṫ féin agus a [ 232 ]ṁiosgais féin a ḃí aige d'á ṡásaṁ i gcoinniḃ Ḃriain. Ḃí gnó Ġormḟlaiṫ aige d'á ḋéanaṁ ċun a toile go h-iomlán agus ní raiḃ aon ḃaoġal go leigfeaḋ sé amaċ aon rún, mar níor tugaḋ dó aon rún.

Sar a raiḃ uain ag Maolmórḋa ar ḃeiṫ sa ḃaile ó Ċeann Cora ḃí teaċtaire Ġormḟlaiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ 'ġá innsint do Ṡitric cad a ḃí déanta. Ċóṁ luaṫ agus do ṡrois Maolmórḋa an baile siúd isteaċ go Baile Áṫa Cliaṫ é 'ġá innsint do Ṡitric cad a d'imṫiġ air i gCeann Cora agus 'ġá iaraiḋ air a ṗáirt do ġaḃáil i gcoinniḃ Ḃriain.

“Geóḃad, a ríġ,” arsa Sitric, “do ṗáirt i gcoinniḃ Ḃriain, agus ní mise aṁáin a ġeóḃaiḋ do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Geóḃaiḋ ríġ Loċlan do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Agus geóḃaiḋ ríġ na h-Ioruaiḋe do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Agus geóḃaid ríġṫe náċ iad do ṗáirt 'n-a ċoinniḃ. Comáinfead teaċtairí láiṫreaċ ag triall orṫa 'ġá iaraiḋ orṫa teaċt anso go cuan Ḃaile Áṫa Cliaṫ ċoṁ luaṫ i n-Éirinn agus is féidir é, ċun do ṗáirt-se ġaḃáil, agus díoltais a ḋéanaṁ ar Ḃrian agus ar a ċlainn mar ġeall ar a ḃfuil d' olc déanta acu ar ċlannaiḃ Loċlan le fada ḃliantaiḃ. Imṫiġ-se aḃaile, a ríġ,” ar seisean, “agus cruinniġ do neart agus cuir ṫu féin i dtreó, agus bí anso le d' ṡlóiġtiḃ nuair a ṫiocfaiḋ an neart iasaċta.”

D'imṫiġ ríġ Laiġean aḃaile agus ḋíriġ sé ar a ṡlóiġte do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ. D'inis sé do gaċ aoinne cad é an tarcuisne a tugaḋ dó i gCeann Cora, conus mar a caiṫeaḋ Gleann Ṁáma ins na súiliḃ air féin agus ar Laiġneaċaiḃ, agus conus mar adúḃairt Murċaḋ, mac Ḃriain, leis féin agus leis na Laiġneaċaiḃ gan aon dá ċuid a ḋéanaṁ d'á ndíċeal.

Do ċealg an ċaint sin na Laiġneaċa, agus dúḃradar go mbéaḋ lá eile acu féin agus go ndíolfaḋ Brian agus Murċaḋ, agus Clann Ċais go léir, a' Gleann Ṁáma. [ 233 ]Ḃíodar ag ḋéanaṁ na h-oibre a ḃí geárṫa amaċ dóiḃ ag Gormḟlaiṫ, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu gur ḃ' í sin obair a ḃí acu 'á ḋéanaṁ. Ba ḋoiṁinn agus ba ġasta agus ba ḋroċ aigeanta an ḃean Gormḟlaiṫ, agus dob' ábalta an ḃean í. Aċ ḃí cluiċe ḃáis a's ḃeaṫa aici d'á imirt le daoiniḃ a ḃí beagán ró ḋoiṁinn di, agus ró ġasta ḋi, agus ró ábalta ḋi. Do ṫuigeadar an cluiċe a ḃí aici d'á imirt agus do sgaoileadar léi. Ḃí bob aici d'á ḃualaḋ ar ríġ Laiġean agus ar na Laiġneaċaiḃ, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios aici go raiḃ a ċoṫrom, agus breis, de ḃob d'á ḃualaḋ, i láṫair na h-uaire céadna, uirṫi féin.