Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/235

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
231
NIAṀ

n-a gcoinniḃ. Tar éis an ċaṫa ḃí Murċaḋ agus Dúlainn Óg ag gaḃáil tímpal ag feuċaint i ndiaiġ na ḃfear ngunta. Ċonacadar crann agus poll dreóite ann agus a lár folaṁ. Ḃí ḋá ċois duine amaċ as an bpoll. Do rug Murċaḋ ar an dá ċois agus ṫaraing sé an duine amaċ a' poll an ċrainn. Cé ḃéaḋ aige aċ Maolmórḋa! Ḋein Murċaḋ agus Dúlainn gáirí a ndóṫin nuair a ċonacadar cé ḃí acu. Do deineaḋ ríġ ar Laiġniḃ 'n-a ḋiaiġ san dé tré ċóṁairle Ġormḟlaiṫ agus Ṡitric.

Níor ṫug Gormḟlaiṫ ná Sitric ná Aṁlaoiḃ fios ná eólus dó ar an uisge-fé-ṫalaṁ a ḃí ar siúḃal acu i gcoinniḃ Ḃriain agus Ṁurċaḋ. Ní ḟéadfaidís é. Do sgoilfeaḋ air nó do leigfeaḋ sé amaċ é. Do leigeadar dó go dtí go raiḃ gaċ aon níḋ ollaṁ acu i gcóir an ċogaiḋ. Ṫeastuiġ uaṫa ansan é féin agus slóiġte Laiġean a ḃeiṫ ar a dtaoḃ féin, i gcoinniḃ Ḃriain, sa ċogaḋ. Ċuige sin iseaḋ ċuir Gormḟlaiṫ an ḟearg air nuair a ċuaiḋ sé go Ceann Cora leis na crannaiḃ. Ḋein sí an gnó go feilimionta. Ṫáinig sé go Ceann Cora an uair sin agus gan idir é agus Brian aċ an caradas ba ṫreise agus ba ḋílse. D'ḟág sé Ceann Cora agus gan 'n-a ċroíḋe do Ḃrian aċ fuaṫ agus fíoċ agus fearg, agus a ċroíḋe d'á losgaḋ ag an ḃfocal úd a ċuir Gormḟlaiṫ isteaċ 'n-a ċluais, é ḃeiṫ 'n-a “beiṫiġeaċ iompair ag Brian!” Ḃí sé lán ċeapaiṫe ar ḋul, gan stad gan ríġneas, ag triall ar Ṡitric agus ar a ḋ'innsint dó cad é an tarcuisne a tugaḋ dó i gCeann Cora, agus ar a iaraiḋ air caḃruġaḋ leis ċun an tarcuisne do ḋíoġalt ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ agus orṫa go léir.

Nuair a ḃí san mar sin ḃí a h-aiḋm féin curṫa ċun cinn go h-áluinn ag Gormḟlaiṫ. Ḃí ríġ Laiġean gaḃṫa isteaċ go daingean aici ar a taoḃ féin, sa ċogaḋ a ḃí ag teaċt, agus ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag ríġ Laiġean ná gur ḃ'é a ġnó féin a ḃí aige d'á ḋéanaṁ; ná gur ḃ'é a ḟuaṫ féin agus a