CAIBIDIOL XIX.
CLUIĊE FIĊILLE, AGUS POLL I gCRANN.
Nuair a ḃí an t-eólus go léir fáġalta ag Brian agus ag Murċaḋ, ó Ċaoilte, do laḃair Brian.
Dúḃraís ḋá uair nó trí, a Ḋuinn,” arsa Brian, “gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideaḋ fé ṁuintir na ndúṫaí iasaċta so go léir agus 'á ngríosaḋ i n-ár n-aġaiḋ. B'ḟéidir go ḃfuil obair de'n tsórd san ar siúḃal. Má tá ní h-uaṫa féin atá na daoine sin, anso i n-Éirinn, ag déanaṁ na h-oibre sin. Tá cóṁaċta atá níos treise 'ná cóṁaċta daona, ag oibriuġaḋ ag bun-ṗréiṁ na h-oibre go léir. Cóṁaċta ifrinn isiad atá 'ġá n-oibriuġaḋ féin i n-ár gcoinniḃ, i gcoinnniḃ an Ċreidiṁ atá istiġ i n-ár gcroíḋe. Táid cóṁaċta ifrinn ag spriocaḋ agus ag gríosaḋ na ndroċ ḋaoine atá anso i n-Éirinn againn, ċun na smaointe úd do ċur isteaċ i n-aigne ár naṁad, agus tá cóṁaċta ifrinn, ar an gcuma gcéadna, ag spriocaḋ agus ag gríosaḋ ár naṁad, ins na tíorṫaiḃ sin go léir a ṡiúḃluiġis, ċun na smaointe sin do ġlacaḋ agus beart a ḋéanaṁ d'á réir. Tá cóṁaċt is treise 'ná cóṁaċt ḋaona i n-ár gcoinniḃ. Ní foláir dúinne, d'á ḃríġ sin, cóṁaċt is treise 'ná coṁaċt ḋaona do ḃeiṫ ag caḃruġaḋ linn sa ġleic seo atá ag teaċt orainn. Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag caint le m' anamċara.”
Do tugaḋ ċuige Maolṡuaṫain. Ḋeineadar an ċaint. Ansan dúḃairt Brian le Maolṡuaṫain teaċtaireaċt do ċur mór-ṫímpal ag triall ar ċléir na h-Éirean, 'ġá órdúġaḋ guiḋe na n-easbog agus guiḋe na sagart agus guiḋe na bpobal do ḃeiṫ ag dul suas ċun Dé coitċianta, as san amaċ, 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire [ 225 ]agus na naoṁ go léir, agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille agus naoṁ Éirean go léir, an Creideaṁ agus slioċt Gaeḋal do ṫaḃairt saor as an ngleic uaṫḃásaċ a ḃí ag teaċt orṫa.
“Tá an níḋ sin d'á ḋéanaṁ ċeana, a Árdríġ,” arsa Maolṡuaṫain. “Tá sé 'á ḋéanaṁ ar fuid na h-Éirean ins gaċ áit 'n-a ḃfuil sagart agus pobul, agus Aifrean d'á ráḋ, agus tá sé 'á ḋéanaṁ ins gaċ mainistir agus ins gaċ conḃint ban riaġalta. Aċ cuirfead an teaċtaireaċt tímpal, mar sin féin. B'ḟéidir gur déine-de a déanfar an guiḋe an teaċtaireaċt do ċur tímpal uait-se, a Árdríġ. Ní ḟéadfaiḋ an guiḋe ḃeiṫ ró ḋian.”
“Ní ḟéadfaiḋ,” arsa Brian, “ná ċóṁ dian agus ba ṁaiṫ é ḃeiṫ. Ba ṁaiṫ liom, ṫar gaċ níḋ eile, go mbéaḋ Naoṁ Íḋbirt an Aifrinn d'á ḋéanaṁ coitċianta ar an íntinn ċéadna.
“Curfar san sa teaċtaireaċt, a Árdríġ,” arsa Maol- ṡuaṫain.
Do cuireaḋ an teaċtaireaċt san mór-ṫímpal na h-Éirean.
An ḟaid a ḃí an ċaint sin ar siúḃal idir Ḃrian agus Maolṡuaṫain ḃí aos óg an ḃaile imṫiġṫe amaċ, gaċ bóṫar agus gaċ cóṁngar, soir an treó 'n-a raiḃ ríġ Laiġean agus a ċualaċt ag teaċt, ċun go ḃfeicfidís an ríġ, agus na h-uaisle iasaċta, agus na crainn ṁóra. Fé ḋeire do ċonacadar an ríġ agus ċonacadar na h-uaisle iasaċta agus ċonacadar na crainn. Ḃí fiċe fear, deiċniúḃair ar gaċ taoḃ, fé gaċ crann acu. Ḃíodar ag siúḃal go breaġ réiḋ. D'iompuiġ an t-aos óg leó siar agus ṫánadar go Ceann Cora. Ṫáinig Brian amaċ agus ċuir sé fáilte roim ríġ Laiġean. Do leigeaḋ na crainn anuas ar an bpáirc ḃreaġ ġlas a ḃí amaċ ó'n ríġṫeiġlaċ. Do rugaḋ na fir isteaċ agus do cuireaḋ gaċ cóir orṫa. Ansan d'imṫiġ na fir aḃaile agus d' ḟan an ríġ i ḃfoċair Ḃriain ċun raint [ 226 ]laeṫanta ċaiṫeaṁ ag caint agus ag cóṁluadar leis: Ṫáinig sé mar a raiḃ an Árdrígan, a ḋrifiúr.
“Seó, a Ġormḟlaiṫ,” ar seisean, “do ċailleas an cnaipe óir a ḃí sa ḃrat so agam. Feuċ a' ḃféadfá cnaipe do ċur ann dom.”
“Conus a ċaillis an cnaipe?” ar sise.
“Nuair a ḃíomair ag teaċt leis na trí crannaiḃ,” ar seisean, “ḃí muintir Uíḃ Fáilge fé ċrann acu agus muintir Uíḃ Faoláin fé ċrann eile agus muintir Ṁuireaḋaiġ fé'n dtríṁaḋ crann. Ḃíomair ag teaċt tré Ṡliaḃ an Ḃogaig. Níor ḃ'ḟéidir dos na trí buiḋniḃ gluaiseaċt i n-aonḟeaċt. Níor ḃ'ḟoláir dóiḃ gluaiseaċt i ndiaiġ 'ċéile. D' éiriġ eatarṫa feuċaint cé'cu buiḋean a ḃéaḋ ar tusaċ. Ḃí fearg ag teaċt orṫa. Ní ġéillfeaḋ aon ḃuiḋean acu do ḃuiḋean eile. Ṡíleas go mbéaḋ sé 'n-a ḃruiḋin ċaorṫainn eatarṫa. Níor ḋeineas féin aċ túirliocan de m' ċapal agus dul agus mo ġuala ċur fé'n gcrann a ḃí ag muintir Uíḃ Faoláin. Nuair a ċonaic an dá ḃuiḋin eile an méid sin ṫaraingeadar siar agus ḃí an tsíṫċáin againn. Nuair a ṫáinig meáġċaint an ċrainn ar mo ġualainn do sgeinn an cnaipe as an mbrat agus do ċailleas é.”
Ḃí Gormḟlaiṫ ag éisteaċt leis agus ag feuċaint air an ḟaid a ḃí sé ag caint. Nuair a stad sé níor ḋein sí aċ an brat do ċaiṫeaṁ sa teine. Do las an brat agus do loisgeaḋ 'n-a luaiṫriġ é os cóṁair na beirte agus iad ag feuċaint air. Brat ana ḋaor ab eaḋ é. Níor ḃ'ḟada roimis sin ó ṫug Brian do ríġ Laiġean é. Ḃí iongnaḋ agus alltaċt ar ríġ Laiġean nuair a ċonaic sé cad a ḃí déanta ag Gormḟlaiṫ. Ní ḟeidir sé an doṁan cad a ḃí ag eiriġe ḋi. Níor ḟág sí aḃfad gan eólus é. Do ṡeasaiṁ sí ar a aġaiḋ amaċ agus a gnúis áluinn ar lasaḋ le buile feirge, agus a ḋá súil, agus ba ḃreaġ an dá ṡúil iad, ag taiṫneaṁ le solus éigin nár ḃ' ḟóġanta. Do ċaoluiġ na faḃraí anuas [ 227 ]orṫa agus do ḋoirċiġ a h-aġaiḋ, fé mar a ṫiocfaḋ sgamal ar an ngréin, agus duḃairt sí, tré n-a fiacalaiḃ, i gcogar náċ mór:—
“A ráḋ gur rug sé am' beaṫaiġ orm mo ḋriṫáir a ḃeiṫ n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian!”
Nuair a dúḃairt sí an focal san d'iompuiġ sí uaiḋ agus do ġluais sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do leaṫ a ḋá ṡúil air-sean, agus ní ḟeidir sé cad ba ṁaiṫ dó a ráḋ. D'iompuiġ sí airís air sar a raiḃ uain aige ar ṗuínn maċtnaiṁ a ḋéanaṁ.
“Ní ró ḟada,” ar sise, “go mbeiḋ sé 'n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Murċaḋ, leis! Ansan iseaḋ a bainfear obair as an mbeiṫiġeaċ. Ansan iseaḋ a curfar an t-ualaċ air, agus má ċuirean sé stailc suas ní ḃeiḋ aċ an bata ṫaḃairt dó!”
“Tá an éagcóir agat, a ḃean!” ar seisean. “Ná taḃair a ṫuille de'n ċaint sin dóṁ-sa mar ní glacfar uait í. Níor ḋeineas aon rud aċ an rud ba ċeart do Ċríostaiḋe a ḋéanaṁ ċun daoine gan ċiall do ċoimeád ó n-a ċéile ṁarḃuġaḋ. 'A'm beiṫiġeaċ iompair ag Brian”! Is ró maiṫ an ḃail ort náċ fear ṫu! Dá mb' eaḋ ní déarfá an ċaint sin. Dá n-abarṫá ní déarfá an tarna h-uair í!”
Do stad sí airís ar a aġaiḋ amaċ agus do ċaoluiġ na súile i dtreó gur ḃeag ná go raḃdar dúnta.
“Ní déarfainn,” ar sise. “Níor ġáḋ dom é. Ní gáḋ ḋom an ċaint do ráḋ anois. Déarfaiḋ daoine náċ mé í. Déarfaiḋ muintir Uíḃ Faoláin í, ag maoiḋeaṁ as an gcuma 'n-a ḃfuaradar tusaċ ar an dá ṁuintir eile. Déarfaiḋ an dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineaḋ orṫa. Raġaiḋ an ċaint ó ḃéal go béal ar fuid na h-Éirean. Raġaiḋ an ċaint ó ṡlioċt go slioċt an ḟaid a ḃeiḋ slioċt Gaeḋal beó; “Ḋein ríġ Laiġean beiṫiġeaċ iompair dé féin do Ḃrian.” Conus a ċuirfir-se ḟiaċaiḃ ar na daoine gan an [ 228 ]focal do ráḋ an tarna h-uair! Mairfiḋ an focal, a ríġ, an ḟaid a ṁairfir-se, an ḟaid a ṁairfiḋ aoinne de d' ṡlioċt i n-Éirinn. Cad 'déarfaid Laiġniġ feasta nuair a caiṫfear ins na súiliḃ orṫa go ḃfuil an ríġ atá orṫa n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian!”
An túisge 'n-a raiḃ an méid sin as a béal aici ḃí sí imṫiġṫe amaċ dorus a ḃí i n-iaċtar an tseómra agus an dorus dúnta 'n-a diaiġ aici agus an eoċair casta sa ġlas aici.
D'ḟág sí ansúd n-a ṡeasaṁ é agus a ṁeaḃair bainte ḋé náċ mór. D'ḟan sé ar feaḋ aḃfad gan aon ċor a ċur dé. Fé ḋeire ḃuail sé amaċ. Ċuir sé an dínnéar agus an tráṫnóna ḋé gan puínn cainte ḋéanaṁ le h-aoinne. Nuair a ḃí an dínnéar caiṫte agus an ċuideaċta sgaipiṫe ḃuail sé isteaċ i seómra n-a raiḃ uaisle ag imirt fiċille ann. Ḃí Murċaḋ agus Conáing, beirt de ṁacaiḃ Ḃriain, ag imirt ċluiċe, agus iad 'á ímirt go dian. Ḃí ríġ Laiġean 'n-a ṡeasaṁ os a gcionn ag feuċaint ar an gcluiċe. Ṫug sé fé ndeara dá n-aistiriġaḋ Conáing fear áiriġṫe go mbuaḋfaḋ sé an cluiċe. Ṫug sé cóṁarṫa éigin do Ċonáing. Do ḋein Conáing an t-aistiriuġaḋ agus do ḃuaiḋ sé an cluiċe.
Ḃí ḟios ag Murċaḋ gur ṫug ríġ Laiġean an cóṁarṫa uaiḋ.
“Is fearr an ċóṁairle a ṫugais do Ċonáing anois, a ríġ,” arsa Murċaḋ leis, “'ná an ċóṁairle ṫugais dos na Loċlanaiġ roiṁ ċaṫ Ġleanna Ṁáma. Do buaḋaḋ orṫa mar ġeall ar an gcóṁairle úd a ṫugais-se ḋóiḃ.”
“Taḃarfad cóṁairle a ḃeiḋ níos fearr 'ná an ċóṁairle sin dóiḃ lá eile,” arsa ríġ Laiġean.
“Má 'seaḋ,” arsa Murċaḋ, “ná dein aon dearṁad de ċrann a ḃeiḋ folaṁ 'n-a lár a ḃeiṫ i n-aice na h-áite agat ċun dul i ḃfolaċ ann, fé mar a ċuaḋais sa ċrann i nGleann Ṁáma. Agus bíoḋ an poll mór a ḋóṫin i dtreó go ḃféadfair do ċosa ṫarang isteaċ. Mura mbéaḋ do ċosa [ 229 ]ḃeiṫ lasmuiċ de'n ṗoll a ḃí sa ċrann úd i nGleann Ṁáma ní ḟeicfinn tú ann i n-aon ċor.”
D'iompuiġ ríġ Laiġean agus do riṫ sé an dorus amaċ.
“Ó, a Ṁurċaḋ,” arsa Conáing, “tá caṫuġaḋ orm nár leigeas orm nár ṫuigeas an cóṁarṫa! Tá fearg air. Beiḋ an t-Árdríġ ar buile ċúġainn mar ġeall air.”
“Ná féadfaḋ sé é féin d'iompar!” arsa Murċaḋ.
“Is truaġ mar a ṫráċtais i n-aon ċor ar an gcrann!” arsa Conaing.
“Dá mba ná béaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin, a Ċonáing,” arsa Murċaḋ, “ḋéanfá an ġáire sin dá ḃfeicfeá é nuair a rugas ar ḋá ċois air agus ṫaraingeas amaċ a' poll an ċrainn é. Ní raiḃ aon ċoinne i n-aon ċor agam gur ḃ'é a ḃí agam go dtí go raiḃ sé taraingṫe amaċ agam. Tá sé riaṁ ag gaḃáil páirt na Loċlanaċ a gan ḟios. Gaḃaḋ sé a bpáirt os cóṁair an tsaoġail agus ní déarfad focal leis! Aċ 'ġá leigint air go ḃfuil sé dílis dúinn agus ansan ag déanaṁ an ḟill orainn!”
Ní ḟeacadar ríġ Laiġean an ċuid eile de'n oíḋċe. D'imṫiġ sé roim lá agus ṫug sé aġaiḋ soir aḃaile. Nuair a ṫáinig an ṁaidion do fuaraḋ go raiḃ sé imṫiġṫe. Do h-innseaḋ do Ḃriain an rud a ṫuit amaċ i dtaoḃ an ċluiċe. Ċomáin Brian teaċtaire i ndiaiġ ríġ Laiġean 'ġá iaraiḋ air casaḋ agus go ndéanfaí leórġníoṁ sa n-easonóir a tugaḋ dó. Go raiḃ taḃarṫaisí ag Brian le bronnaḋ air mar ġeall ar na crainn a ṫaḃairt ċuige.
Ṫáinig an teaċtaire suas leis. Ṫug sé a ṫeaċtaireaċt dó. Ḃí bata 'n-a láiṁ ag ríġ Laiġean. Níor ḋein sé aċ cúpla buille de'n ḃata ṫaḃairt sa ċeann do ṫeaċtaire an Árdríġ, agus comáint leis soir. Ar ġuailliḃ fear a tugaḋ aḃaile an teaċtaire. Nuair a ċonaic muintir ríġṫeiġlaiġ Ḃriain an cor a ḃí ar an dteaċtaire d'iaradar ar Ḃrian leigint dóiḃ ríġ Laiġean do leanṁaint agus é ṫaḃairt ṫar n-ais 'n-a ṗrísúnaċ. Ní ṫoileóċ' Brian ċuige sin.
[ 230 ]“Is do ríġ Laiġean a tugaḋ an easonóir ar dtúis,” arsa Brian. “Leigtear dó imṫeaċt slán aḃaile. Ansan raiġmíd soir agus bainfimíd sásaṁ dé agus dorus a ṫíġe féin.”
Ċóṁ luaṫ agus a fuair Gormḟlaiṫ go raiḃ ríġ Laiġean imṫiġṫe i ḃfeirg agus go raiḃ an easonóir taḃarṫa aige do ṫeaċtaire Ḃriain, ḃí ḟios aici go raiḃ sé n-a ċogaḋ ḋearg eatarṫa. Sin a raiḃ uaiṫi. Ċomáin sí teaċtaire go Baile Áṫa Cliaṫ ag triall ar Ṡitric agus ar Aṁlaoiḃ 'ġá innsint dóiḃ cad a ḃí tuitiṫe amaċ.
“Anois an t-am agaiḃ!” ar sise. “Tagaḋ ḃúr neart go léir ċóṁ tapaiḋ agus is féidir é. Beiḋ an gnó eile déanta agam-sa agus ag Lonán sar a mbeiḋ ḃúr neart cruinniġṫe, tagaiṫe.”