Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/232

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
228
NIAṀ

focal do ráḋ an tarna h-uair! Mairfiḋ an focal, a ríġ, an ḟaid a ṁairfir-se, an ḟaid a ṁairfiḋ aoinne de d' ṡlioċt i n-Éirinn. Cad 'déarfaid Laiġniġ feasta nuair a caiṫfear ins na súiliḃ orṫa go ḃfuil an ríġ atá orṫa n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian!”

An túisge 'n-a raiḃ an méid sin as a béal aici ḃí sí imṫiġṫe amaċ dorus a ḃí i n-iaċtar an tseómra agus an dorus dúnta 'n-a diaiġ aici agus an eoċair casta sa ġlas aici.

D'ḟág sí ansúd n-a ṡeasaṁ é agus a ṁeaḃair bainte ḋé náċ mór. D'ḟan sé ar feaḋ aḃfad gan aon ċor a ċur dé. Fé ḋeire ḃuail sé amaċ. Ċuir sé an dínnéar agus an tráṫnóna ḋé gan puínn cainte ḋéanaṁ le h-aoinne. Nuair a ḃí an dínnéar caiṫte agus an ċuideaċta sgaipiṫe ḃuail sé isteaċ i seómra n-a raiḃ uaisle ag imirt fiċille ann. Ḃí Murċaḋ agus Conáing, beirt de ṁacaiḃ Ḃriain, ag imirt ċluiċe, agus iad 'á ímirt go dian. Ḃí ríġ Laiġean 'n-a ṡeasaṁ os a gcionn ag feuċaint ar an gcluiċe. Ṫug sé fé ndeara dá n-aistiriġaḋ Conáing fear áiriġṫe go mbuaḋfaḋ sé an cluiċe. Ṫug sé cóṁarṫa éigin do Ċonáing. Do ḋein Conáing an t-aistiriuġaḋ agus do ḃuaiḋ sé an cluiċe.

Ḃí ḟios ag Murċaḋ gur ṫug ríġ Laiġean an cóṁarṫa uaiḋ.

“Is fearr an ċóṁairle a ṫugais do Ċonáing anois, a ríġ,” arsa Murċaḋ leis, “'ná an ċóṁairle ṫugais dos na Loċlanaiġ roiṁ ċaṫ Ġleanna Ṁáma. Do buaḋaḋ orṫa mar ġeall ar an gcóṁairle úd a ṫugais-se ḋóiḃ.”

“Taḃarfad cóṁairle a ḃeiḋ níos fearr 'ná an ċóṁairle sin dóiḃ lá eile,” arsa ríġ Laiġean.

“Má 'seaḋ,” arsa Murċaḋ, “ná dein aon dearṁad de ċrann a ḃeiḋ folaṁ 'n-a lár a ḃeiṫ i n-aice na h-áite agat ċun dul i ḃfolaċ ann, fé mar a ċuaḋais sa ċrann i nGleann Ṁáma. Agus bíoḋ an poll mór a ḋóṫin i dtreó go ḃféadfair do ċosa ṫarang isteaċ. Mura mbéaḋ do ċosa