Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/231

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
227
NIAṀ

orṫa agus do ḋoirċiġ a h-aġaiḋ, fé mar a ṫiocfaḋ sgamal ar an ngréin, agus duḃairt sí, tré n-a fiacalaiḃ, i gcogar náċ mór:—

“A ráḋ gur rug sé am' beaṫaiġ orm mo ḋriṫáir a ḃeiṫ n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Brian!”

Nuair a dúḃairt sí an focal san d'iompuiġ sí uaiḋ agus do ġluais sí ag rástáil síos agus suas an seómra. Do leaṫ a ḋá ṡúil air-sean, agus ní ḟeidir sé cad ba ṁaiṫ dó a ráḋ. D'iompuiġ sí airís air sar a raiḃ uain aige ar ṗuínn maċtnaiṁ a ḋéanaṁ.

“Ní ró ḟada,” ar sise, “go mbeiḋ sé 'n-a ḃeiṫiġeaċ iompair ag Murċaḋ, leis! Ansan iseaḋ a bainfear obair as an mbeiṫiġeaċ. Ansan iseaḋ a curfar an t-ualaċ air, agus má ċuirean sé stailc suas ní ḃeiḋ aċ an bata ṫaḃairt dó!”

“Tá an éagcóir agat, a ḃean!” ar seisean. “Ná taḃair a ṫuille de'n ċaint sin dóṁ-sa mar ní glacfar uait í. Níor ḋeineas aon rud aċ an rud ba ċeart do Ċríostaiḋe a ḋéanaṁ ċun daoine gan ċiall do ċoimeád ó n-a ċéile ṁarḃuġaḋ. 'A'm beiṫiġeaċ iompair ag Brian”! Is ró maiṫ an ḃail ort náċ fear ṫu! Dá mb' eaḋ ní déarfá an ċaint sin. Dá n-abarṫá ní déarfá an tarna h-uair í!”

Do stad sí airís ar a aġaiḋ amaċ agus do ċaoluiġ na súile i dtreó gur ḃeag ná go raḃdar dúnta.

“Ní déarfainn,” ar sise. “Níor ġáḋ dom é. Ní gáḋ ḋom an ċaint do ráḋ anois. Déarfaiḋ daoine náċ mé í. Déarfaiḋ muintir Uíḃ Faoláin í, ag maoiḋeaṁ as an gcuma 'n-a ḃfuaradar tusaċ ar an dá ṁuintir eile. Déarfaiḋ an dá muintir eile í ag gearán ar an éagcóir a deineaḋ orṫa. Raġaiḋ an ċaint ó ḃéal go béal ar fuid na h-Éirean. Raġaiḋ an ċaint ó ṡlioċt go slioċt an ḟaid a ḃeiḋ slioċt Gaeḋal beó; “Ḋein ríġ Laiġean beiṫiġeaċ iompair dé féin do Ḃrian.” Conus a ċuirfir-se ḟiaċaiḃ ar na daoine gan an