Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/228

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
224
NIAṀ

CAIBIDIOL XIX.

CLUIĊE FIĊILLE, AGUS POLL I gCRANN.

Nuair a ḃí an t-eólus go léir fáġalta ag Brian agus ag Murċaḋ, ó Ċaoilte, do laḃair Brian.

Dúḃraís ḋá uair nó trí, a Ḋuinn,” arsa Brian, “gur daoine anso i n-Éirinn atá ag séideaḋ fé ṁuintir na ndúṫaí iasaċta so go léir agus 'á ngríosaḋ i n-ár n-aġaiḋ. B'ḟéidir go ḃfuil obair de'n tsórd san ar siúḃal. Má tá ní h-uaṫa féin atá na daoine sin, anso i n-Éirinn, ag déanaṁ na h-oibre sin. Tá cóṁaċta atá níos treise 'ná cóṁaċta daona, ag oibriuġaḋ ag bun-ṗréiṁ na h-oibre go léir. Cóṁaċta ifrinn isiad atá 'ġá n-oibriuġaḋ féin i n-ár gcoinniḃ, i gcoinnniḃ an Ċreidiṁ atá istiġ i n-ár gcroíḋe. Táid cóṁaċta ifrinn ag spriocaḋ agus ag gríosaḋ na ndroċ ḋaoine atá anso i n-Éirinn againn, ċun na smaointe úd do ċur isteaċ i n-aigne ár naṁad, agus tá cóṁaċta ifrinn, ar an gcuma gcéadna, ag spriocaḋ agus ag gríosaḋ ár naṁad, ins na tíorṫaiḃ sin go léir a ṡiúḃluiġis, ċun na smaointe sin do ġlacaḋ agus beart a ḋéanaṁ d'á réir. Tá cóṁaċt is treise 'ná cóṁaċt ḋaona i n-ár gcoinniḃ. Ní foláir dúinne, d'á ḃríġ sin, cóṁaċt is treise 'ná coṁaċt ḋaona do ḃeiṫ ag caḃruġaḋ linn sa ġleic seo atá ag teaċt orainn. Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag caint le m' anamċara.”

Do tugaḋ ċuige Maolṡuaṫain. Ḋeineadar an ċaint. Ansan dúḃairt Brian le Maolṡuaṫain teaċtaireaċt do ċur mór-ṫímpal ag triall ar ċléir na h-Éirean, 'ġá órdúġaḋ guiḋe na n-easbog agus guiḋe na sagart agus guiḋe na bpobal do ḃeiṫ ag dul suas ċun Dé coitċianta, as san amaċ, 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire