agus na naoṁ go léir, agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille agus naoṁ Éirean go léir, an Creideaṁ agus slioċt Gaeḋal do ṫaḃairt saor as an ngleic uaṫḃásaċ a ḃí ag teaċt orṫa.
“Tá an níḋ sin d'á ḋéanaṁ ċeana, a Árdríġ,” arsa Maolṡuaṫain. “Tá sé 'á ḋéanaṁ ar fuid na h-Éirean ins gaċ áit 'n-a ḃfuil sagart agus pobul, agus Aifrean d'á ráḋ, agus tá sé 'á ḋéanaṁ ins gaċ mainistir agus ins gaċ conḃint ban riaġalta. Aċ cuirfead an teaċtaireaċt tímpal, mar sin féin. B'ḟéidir gur déine-de a déanfar an guiḋe an teaċtaireaċt do ċur tímpal uait-se, a Árdríġ. Ní ḟéadfaiḋ an guiḋe ḃeiṫ ró ḋian.”
“Ní ḟéadfaiḋ,” arsa Brian, “ná ċóṁ dian agus ba ṁaiṫ é ḃeiṫ. Ba ṁaiṫ liom, ṫar gaċ níḋ eile, go mbéaḋ Naoṁ Íḋbirt an Aifrinn d'á ḋéanaṁ coitċianta ar an íntinn ċéadna.
“Curfar san sa teaċtaireaċt, a Árdríġ,” arsa Maol- ṡuaṫain.
Do cuireaḋ an teaċtaireaċt san mór-ṫímpal na h-Éirean.
An ḟaid a ḃí an ċaint sin ar siúḃal idir Ḃrian agus Maolṡuaṫain ḃí aos óg an ḃaile imṫiġṫe amaċ, gaċ bóṫar agus gaċ cóṁngar, soir an treó 'n-a raiḃ ríġ Laiġean agus a ċualaċt ag teaċt, ċun go ḃfeicfidís an ríġ, agus na h-uaisle iasaċta, agus na crainn ṁóra. Fé ḋeire do ċonacadar an ríġ agus ċonacadar na h-uaisle iasaċta agus ċonacadar na crainn. Ḃí fiċe fear, deiċniúḃair ar gaċ taoḃ, fé gaċ crann acu. Ḃíodar ag siúḃal go breaġ réiḋ. D'iompuiġ an t-aos óg leó siar agus ṫánadar go Ceann Cora. Ṫáinig Brian amaċ agus ċuir sé fáilte roim ríġ Laiġean. Do leigeaḋ na crainn anuas ar an bpáirc ḃreaġ ġlas a ḃí amaċ ó'n ríġṫeiġlaċ. Do rugaḋ na fir isteaċ agus do cuireaḋ gaċ cóir orṫa. Ansan d'imṫiġ na fir aḃaile agus d' ḟan an ríġ i ḃfoċair Ḃriain ċun raint