Jump to content

Niamh/39

From Wikisource
181502Niamh — Sguab-bhuille ChlaidheamhPeadar Ua Laoghaire
[ 218 ]

CAIBIDIOL XVIII.

SGUAB-ḂUILLE ĊLAIḊEAṀ.

An lá a ċuaiḋ Niaṁ agus a h-aṫair go h-Uíḃ Máine, nó an lá 'n-a ḋiaiġ, ṫáinig Caoilte go Ceann Cora, agus níor ḃ' ḟios an mór de 'n doṁan a ḃí siúḃalta aige. Ċóṁ luaṫ agus ḃí bia caiṫte aige, agus a ṫuirse curṫa ḋé aige, ḃí sé féin agus Murċaḋ agus Brian i seómra fé leiṫ agus é ag taḃairt eóluis dóiḃ ar a ċuardaiḃ agus ar cad a ċonaic sé.

“Anonn go críċ Loċlan a ċuaḋas ar dtúis,” ar seisean, “a ríġṫe. Dúḃart liom féin go dtaḃarfainn fúṫa pé rud a ḋ'imṫeóċ' orm. Ní ḟeadar cé 'cu do h-aiṫniġeaḋ mé nó nár aiṫniġeaḋ. Má aiṫin aoinne mé níor leig sé air gur aiṫin sé mé.

“Níor ḟágas aon ṗioc d'á neart gan feuċaint agus do ḃreiṫniġeas a neart ċóṁ cruinn agus d'ḟéadas é ḃreiṫ- niuġaḋ. Táid na daoine go léir as a meaḃair, ba ḋóiċ le duine, le dúil teaċt go h-Éirinn agus seilḃ a ġlacaḋ i n-oileán na h-Éirean agus cur fúṫa ann. Tá sé buailte isteaċ 'n-a n-aigne go ḃfuil an t-oileán so ċóṁ saiḋḃir, agus an talaṁ ċóṁ torṫaṁail sin ann, náċ gáḋ dos na daoine gur leó é aon obair a ḋéanaṁ ag saoṫruġaḋ an tailiṁ. Ċím go soiléir go ḃfuil daoine éigin anso i n-Éirinn atá ag séideaḋ fúṫa agus ag cur neiṫe de'n tsórd san isteaċ 'n-a n-aigne. Pé cúis atá leis ní'l aon ṁeas i n-aon ċor acu ar a dtír féin, agus d'á luaṫaċt a ḃeid siad tagaiṫe anall anso i n-aonḟeaċt iseaḋ is fearr é, dar leó. Táid na mná agus an ċlann ċóṁ mór buile ċun teaċt agus atáid na fir, nó níos mó. Tá oiread loingeas ollaṁ acu agus ṫaḃarfaḋ anoir fiċe míle fear agus airm agus lón [ 219 ]dóiḃ. Is dóiċ leó féin go mbeiḋ deiċ míle fear acu, agus go dtógfaid na mná agus an ċlann suas oiread slíġe agus ṫógfaḋ deiċ míle eile fear.

“Ní ṁeasaim féin, tar éis na cainte go léir, go ḃféadfaid siad deiċ míle fear do ċur le ċéile agus do ṫaḃairt anso anoir. Ba ṁaiṫ an rud a ḃéaḋ déanta acu dá dtugaidís oċt míle fear leó i dteannta na mban agus na clainne.

“Ċuaḋas óṫuaiḋ go tír na h-Ioruaiḋe. Tá an obair ċéadna ar siúḃal ansan, agus an ḃuile ċéadna ar na daoine go léir ċun imṫeaċt as a dtír féin agus teaċt go h-Éirinn. Ní h-aon iongnaḋ an diṫineas a ḃeiṫ orṫa san ċun imṫiġṫe as a dtír féin. Ní'l sa ḃaile acu aċ beaṫa ċruaiḋ, agus tuillid siad go cruaiḋ í. Talaṁ fuar fiain neaṁ- ṫorṫaṁail atá acu. Tá obair ċruaiḋ acu le déanaṁ coitċianta, ag casaḋ leis an dtalaṁ a ṡaoṫruġaḋ, agus ansan, tar éis na sgláḃuiġeaċta go léir, ní ḃíon puínn de ḃár a saoṫair acu. Ní h-aon iongnaḋ diṫineas a ḃeiṫ orṫa ċun na tíre ḋ'ḟágáilt agus teaċt ċun cóṁnuiġṫe i dtír a ḋéanfaiḋ, dar leó, iad do ċoṫuġaḋ díoṁaoin. Tá daoine éigin ó Éirinn ag séideaḋ fúṫa san, leis, agus ag cur na smaointe sin isteaċ 'n-a n-aigne. Mura mbéaḋ go ḃfuil ní ṫiocfaḋ na smaointe ċúċa.”

“An mó míle fear is dóiċ leat, a Ḋuinn, a ḋ' ḟéadfaiḋ ríġ na h-Ioruaiḋe do ċur le ċéile agus do ṫaḃairt leis, má ṫagan sé?” arsa Brian.

“Déarfainn, a Árdríġ,” arsa Caoilte, “go gcuirfiḋ sé le ċéile trí nó ceaṫair de ṁíltiḃ fear. Tá beirt ṁac aige, fir ana ċróḋa. Fé'n mbeirt sin iseaḋ ḃeiḋ an tsluaġ. Beiḋ, is dóċa, trí nó ceaṫair de ṁíltiḃ ban agus leanḃ acu i dteannta na ḃfear. Is mó an diṫineas atá ar ṁnáiḃ na h-Ioruaiḋe ċun teaċt 'ná mar atá ar ṁnáiḃ tíre Loċlan. Tá sé 'n-a n-aigne ná beiḋ acu le déanaṁ nuair a ṫiocfaid [ 220 ]siad go h-Éirinn aċ bualaḋ isteaċ agus suiḋe síos. Tá duine éigin, nó daoine éigin, 'ġá gcur amú”, 'ġá gcur ar a n-aiṁleas, ag cur an duiḃ 'n-a ġeal ar na daoine boċta.”

“Comáin leat, a Ḋuinn,” arsa Brian.

“Ċuaḋas óṫuaiḋ go h-Ínsíḃ Orc, a Árdríġ,” arsa Caoilte. “Ċuireas mé féin i rioċt file, agus ṫógas cláirseaċ liom agus ṫánag go ríġṫeiġlaċ an Iarla Sígurd, Iarla na n-Ínsí sin Orc. Ḃí cuideaċta le ḃeiṫ ann. Ḃí cuireaḋ taḃarṫa ag Sígurd do'n Iarla Gilli, fear atá pósta agá ḋrifiúr. Ṫáinig an t-Iarla Gilli, fear driféur Ṡíguird. Ṫáinig a lán eile uaisle ann. Ḃí glaoḋaċ ar ċeól agus ṫugas dóiḃ an ceól. Cé ḃuailfeaḋ ċúġainn isteaċ aċ Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Do cuireaḋ fáilte roimis féin agus roime n-a ċualaċt. Ḃí fear ann a ṫáinig adtuaiḋ ó Inis Tuile. Ḃí cúntas aige 'á ṫaḃairt ar cad fé ndeara ḋó féin agus do raint eile de ṁuintir an oileáin sin imṫeaċt ó'n mbaile. Ḋeineadar coir ṫrom. D'éiriġ idir iad agus duin'uasal fóġanta a ḃí ann, agus ṁeasadar an duin'uasal do ċur ċun báis. Do ṫeip orṫa ar feaḋ aḃfad, mar ḃí clann ṁac ró ċróḋa aige agus do ċosain an ċlann ṁac é. Fé ḋeire do fuaradar lom ar ṫeiġlaċ an duin'uasail do losgaḋ, agus do loisgeadar 'n-a mbeaṫaiġ é féin agus a ḃean agus a ċlann istiġ 'n-a dtiġ féin. Nial ab ainim do'n duin'uasal. B'éigean do'n ṁuin- tir a ḋein an losgaḋ imṫeaċt as an oileán. Ṫánadar, nó ṫáinig cuid acu, go teiġlaċ Ṡíguird i n-Inis Orc. Gunar, nó Conċuḃar, ab ainim do'n ḟear a ḃí ag innsint an sgéil. An ḟaid a ḃí an sgéal ar siúḃal ṫáinig fear ċun an doruis, lasmuiċ, aċ níor ṫaisbeáin sé é féin. Cairí ab ainim do'n ḟear san, agus fear ana ċróḋa iseaḋ é. Cliaṁain iseaḋ é do'n duin'uasal a loisgeaḋ, agus ba ḋóbair go loisgtí é féin mar ḃí sé sa tiġ an oíḋċe do deineaḋ an losgaḋ. Ḃí sé ar an dtaoḃ amuiċ de ḋorus ríġṫeiġlaiġ Ṡíguird an [ 221 ]uair sin, agus ḃí sé ag éisteaċ leis an sgéal. Duine de'n ṁuintir a ḋein an losgaḋ ab eaḋ an fear a ḃí ag innsint an sgéil. Ḃí an dá Iarla ag an mbórd agus ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ eatarṫa, agus iad ag éisteaċt leis an sgéal. Ḃíos féin ag éisteaċt leis an sgéal agus mo ċláirseaċ fé m' uillinn agam. Do laḃair Sitric.

“‘Conus a ḋ'ḟuiling Scraṗádinn an teine, a Ġunair?’ ar seisean.

“‘Maiṫ go leór ar dtúis, a ríġ,’ arsa Gunar, ‘aċ nuair a rug an teas i gceart air do liúiġ sé agus do ġoil sé mar a ḋéanfaḋ seana ḃean.’

“Air éigin a ḃí an méid sin cainte as a ḃéal nuair a léim Cairí an dorus isteaċ agus suas ċun na h-áite 'n-a raiḃ Gunar 'n-a ṡuiḋe i n-aice an ḃúird ar aġaiḋ an ríġ agus an dá Iarla amaċ. Sar a' raiḃ ḟios ag aoinne cad a ḃí ar siúḃal aige do ṫaraing Cairí a ċlaiḋeaṁ agus le aon sguab-ḃuille aṁáin do ḃain sé an ceann de'n sgéalaíḋe. Ċuir sé a leiṫéid sin d'ḟuinneaṁ leis an mbuille gur léim an ceann isteaċ ar an mbórd, ar aġaiḋ Ṡitric agus an dá Iarla amaċ, agus go raiḃ an bórd lán d'ḟuil, mór-ṫímpal an ċinn, sar a raiḃ uain ag aoinne ar a ṫuisgint cad a ḃí tuitiṫe amaċ. Níor ḋein Cairí aċ feuċaint 'n-a ṫímpal agus ansan imṫeaċt amaċ. Níor lean aoinne é. Ar ball, nuair a ḃí caoi agam air, do ċromas ar ḋuine a ḃí am' aice do ċeistiuġaḋ. Do laḃras i gcaint na h-Ioruaiḋe.

“‘Cé h-é an ríġ sin, Sitric?’ arsa mise.

“‘Ó Éirinn andeas é sin,’ arsa'n duine liom. ‘Isé ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ é.’

“‘Agus cad a ṫug anso é?’ arsa mise.

“‘Do réir mar a ṫuigim,’ ar seisean, ‘is aṁlaiḋ a ṫáinig sé 'ġá iaraiḋ ar an dá Iarla, ar Ṡígurd agus ar Ġilli, a neart do ċur le ċéile agus dul leis go h-Éirinn ag caḃruġaḋ leis sa ċogaḋ so atá le déanaṁ i gcoinniḃ Ḃriain.’ [ 222 ]“‘Agus cé h-é Brian?’ arsa mise go neaṁ-ṫuairimeaċ.’

“‘Aċ!’ ar seisean, ‘an aṁlaiḋ náċ eól duit cé h-é Brian!’

“‘Agus cé h-é féin asdó?’ arsa mise.

“‘Árdríġ Éirean,’ ar seisean. ‘Ṁeasas,’ ar seisean “ná raiḃ aoinne beó gan aiṫne aige ar Ḃrian.’

“‘Is dóċa,’ arsa mise, ‘gur droċ ríġ é, treás go ḃfuil an cogaḋ mór so d'á ḃeartuġaḋ 'n-a ċoinniḃ.’

“‘Ní droċ ríġ,’ ar seisean. ‘Siné iongnaḋ an sgéil ar fad. Ní'l ríġ eile beó sa doṁan atá ċóṁ maiṫ leis. Nuair a déintear feall air maiṫean sé an feall an ċéad uair, agus má ḋeinean an duine sin feall air an tarna h-uair maiṫean sé an feall an tarna h-uair. Ansan, má ḋeinean an duine céadna feall air an tríṁaḋ h-uair tugan sé an cuirpṫeaċ suas do'n dlíġ. Sin ríġ fóġanta agat!’ ar seisean.

“‘Agus cad 'n-a ṫaoḃ an cogaḋ má 'seaḋ?’ arsa mise.

“‘Ní ḟeadar an tsaoġal,’ ar seisean, ‘murab aṁlaiḋ atá daoine éigin ag déanaṁ an ḟill an tríṁaḋ h-uair air. Ní ḃéidís ag déanaṁ an ḟill an tríṁaḋ h-uair air,’ ar seisean, ‘dá mb' áil leis iad do ċroċaḋ an ċéad uair, nó, an ċuid ba lúġa ḋé, an tarna h-uair.’

“‘An ḃfuil Sígurd ag dul le Sitric?’ arsa mise.

“‘Deir gaċ aoinne go ḃfuil,’ ar seisean, ‘agus Gilli, agus Ospac. Deir gaċ aoinne,’ ar seisean, “náċ féidir do Ḃrian agus do Ġaeḋlaiḃ seasaṁ i n-aġaiḋ na slóiġte atá ag cruinniuġaḋ as an uile áird 'n-a gcoinniḃ. Go gcurfar clanna Gaeḋal go léir ċun báis, agus ansan go mbeiḋ Éire gan ċíos ag an muintir a raġaiḋ ann anois ag déanaṁ an ċogaiḋ.”

“An mór an neart is dóiċ leat a ḋ'ḟéadfaiḋ Sígurd agus Gilli do ṫaḃairt leó? arsa Brian.

“Tá mórán loingeas acu, a Árdríġ,” arsa Caoilte [ 223 ]“agus tá mórán loingeas ag Ospac. Tá taiṫiġe ag an uile ṡaġas luċt gadaiḋeaċta agus rabála ar ṫeaċt ag triall ar Ṡígurd nuair a ḃíon sé ag dul ar ċuaird tar faraige. Bíon deiṁne acu ar ċuid ṁaiṫ de'n ḟoġail a ḋ' ḟáġail dóiḃ féin. Is deacair tuairim a ṫaḃairt do'n méid nirt slóġ a ḋ' ḟéadfaiḋ sé a ṫaḃairt leis.”

“An ḃfuil aon tuairim acu,” arsa Murċaḋ, “do'n neart slóġ a ḃeiḋ 'n-a gcoinniḃ i n-Éirinn?”

“Tá tuairim acu, a ríġ,” arsa Caoilte, “náċ i n-aisge a ġeóḃaid siad seilḃ na h-Éirean, aċ ní'l aon ċuiṁneaṁ acu go ḃfuil aon ḃaoġal ná go ḃfaiġid siad an tseilḃ. Tá an méid sin curṫa 'n-a luiġe ar a n-aigne go daingean, agus is ó Éirinn a cuireaḋ 'n-a luiġe ar a n-aigne é.”

“Náċ mór an iongnaḋ nár aiṫin Sitric ṫú, a Ḋuinn,” arsa Brian.

“Fágaim le h-uaḋaċt, a Árdríġ,” arsa Caoilte, “gur bainead preab asam nuair a ċonac ag teaċt isteaċ é. Aċ ḃí an ċeilt ró ṁaiṫ orm. Ṫugas aire do'n ċláirsiġ, agus ḃí a ġnó féin ag déanaṁ buarṫa ḋó-san. D'á éagmuis sin ní dóiċ liom go n-aiṫneóċ' sé mé dá mba ná béaḋ aon ċeilt orm. Ní ró ṁinic a ċonaic sé riaṁ mé, agus níor ċuir sé puínn suime riaṁ ionam.”

“Táimíd go léir fé ċomaoine ṁór agat, a Ḋuinn,” arsa Brian. “Ní'l aon teóra le n-a ḃfuil d'eólus taḃarṫa agat ċúġainn, agus eólus tairḃṫeaċ iseaḋ é. Ní ḃeimís ollaṁ i gceart i n-aon ċor mura mbéaḋ a ḃfuil d'eólus taḃarṫa ċúġainn agat. Ṫiocfaidís a gan ḟios orainn mura mbéaḋ tú!”

Um an dtaca 'n-a raiḃ deire an eóluis taḃarṫa ḋóiḃ ag Caoilte do ġluais an focal tríd an ríġṫeiġlaċ go raiḃ Maolmórḋa, ríġ Laiġean, ag teaċt go Ceann Cora agus cualaċt le n-a ċois agus na trí crainn ṁóra acu 'á ṫaḃairt leó, ċun na gcrann seóil dos na loingeas a ḃí le déanaṁ as linn Luimníġe.