Niamh/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Fód an Bháis do sheasamh
[ 212 ]

CAIBIDIOL XVII.

FÓD AN ḂÁIS DO ṠEASAṀ.

Nuair airiġ an ċuid eile de ċualaċt Ḃriain Lonán a ḃeiṫ i gCeann Cora agus an gnó a ḃí aige 'á ḋéanaṁ ann, ḃí iongnaḋ orṫa agus ḃíodar ag cíoraḋ an sgéil go tiuġ. Ḃídís 'á ḟiafraíġe cé r' ḃ'é; cá dtáinig sé; conus a fuair sé eólus ann; cé ba ḃun leis an bpost san a ṫaḃairt i n-aon ċor dó; agus ceisteanna de'n tsórd san. Ansan do ṫáinig amaċ gur ḃ' árd liaġ é, agus gur ṫug sé teistiméir- eaċtaí móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur ṫug an Árdrígan an post dó i dtreó go mbéaḋ liaġ ċóṁ mór san eólus agus ċóṁ mor san tuisgint sa ríġṫeiġlaċ i gcóṁnuiġe, ċun feuċaint i ndiaiġ bíḋ an ríġṫeiġlaiġ i dtreó go mbéaḋ an bia foláin i gcóṁnuiġe, agus ċun feuċaint i ndiaiġ sláinte na ndaoine sa ríġṫeiġlaċ, leis. I ríġṫeiġlaċ n-a raiḃ oiread san daoine ann nár ḃ' ḟios cad é an neómat, sa lá nó sa n-oíḋċe, do ṫiocfaḋ taom oban ar ḋuine éigin de ṁuintir an ríġṫeiġlaiġ, agus ansan dá mba ná béaḋ liaġ maiṫ sa n-áit go mb' ḟéidir go ḃfaġaḋ an [ 213 ]duine bás sar a mbéaḋ doċtúir tagaiṫe ó áit eile, dá mbéaḋ ar an ndoċtúir teaċt aḃfad.

“Cá dúḃairt Niaṁ, agus a h-aṫair, agus Murċaḋ, leis an ngnó?” a déarfaiḋ duine éigin, b'ḟéidir.

Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatarṫa féin adúḃradar é. Níor leigeadar aon ḟocal dé amaċ ameasg na cod' eile de'n ċualaċt. Ḃíodar 'á ċíoraḋ agus 'á ḃreiṫniuġaḋ eatarṫa féin, áṁṫaċ, ċóṁ dian, ní h-eaḋ aċ níba ḋéine go mór, 'ná mar a ḃí an ṁuintir a laḃair 'ġá ċíoraḋ agus 'á ḃreiṫniuġaḋ. Ċífear ar ball cad é an breiṫniuġaḋ a ḃí ag Niaṁ agus agá h-aṫair agus ag Murċaḋ 'á ḋéanaṁ ar an sgéal, agus cad é an ċúis a ḃí acu leis an sgéal a ḃreiṫniuġaḋ go dlúṫ.

Pé breiṫniuġaḋ a ḃí ag Niaṁ ná agá h-aṫair ná ag Murċaḋ, ná ag aoinne eile de ċualaċt Ḃriain 'á ḋéanaṁ, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, ar an sgéal san, ná ar aon sgéal eile d'á ṡórd a ṫáinig ċúċa ó Ċeann Cora, ḃí aon ḃreiṫniuġaḋ aṁáin acu go léir 'á ḋéanaṁ ar na sgéalta a ḃí ag teaċt ċúċa anoir agus adtuaiḋ, agus anoir-adtuaiḋ, ó'n uile áird de'n dóṁan Loċlanaċ. Ḃí na sgéalta san ag teaċt coitċianta, agus fé mar a ḃí an aimsir ag imṫeaċt ḃíodar ag teaċt níba ṫiúġa. Isé breiṫniuġaḋ a ḃí ag cualaċt Ḃriain 'á ḋéanaṁ 'ná so: nuair a ṫiocfaḋ na slóiġte a ḃí ċun teaċt, nuair a ṫiocfaḋ toraḋ ar an dtórmaċ go léir, nuair a ṫiocfaḋ an cogaḋ a ḃí geallta, nár ḃ' ḟoláir dó ḃeiṫ 'n-a ċogaḋ ḃáis do ṫaoḃ éigin, do Ġaeḋlaiḃ Éirean nó dos na geintiḃ a ḃí ag teaċt. Ṫuig gaċ aoinne, agus dúḃairt gaċ aoinne le n-a ċóṁarsain agus le n-a ċomrádaiḋe é, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, go raiḃ ceangailte ar gaċ aon ḟear de ṡlioċt Gaeḋal gan ḃeiṫ beó i ndiaiġ an cogaiḋ sin dá mb' ag na geintiḃ a ḃéaḋ an buaḋ sa ċogaḋ. Dúḃairt gaċ fear le gaċ fear eile, “Beiḋ buaḋ ag Gaeḋlaiḃ nó ní ḃéad-sa beó! Ní'l orm aċ bás d'ḟáġail [ 214 ]aon uair aṁáin. Is fearr go mór bás d'ḟáġail i lár an ċaṫa 'ná ḃeiṫ beó i n-Éirinn fé smaċt na Loċlanaċ. Má ḃíon an buaḋ acu bíoḋ Éire acu aċ ní ḃéad-sa acu! Aċ geallaim an méid seo ḋóiḃ. Má 'sé mo ḃás a ḃeiḋ acu ní h-i n-aisge a ḃeiḋ sé acu!”

Fé mar a ṫagaḋ na tuairisgí ḃíoḋ an saġas san cainte le clos níba ṁinicíġe, agus ḃíoḋ an maċtnaṁ a ḃíoḋ laistiġ de'n ċaint ag dul i ngéire i n-aġaiḋ an lae go dtí, fé ḋeire, go raiḃ sé socair i n-aigne gaċ fir ná raiḃ aige le caiṫeaṁ ar an saoġal so aċ go dtí lá an ċaṫa ṁóir sin a ḃí le teaċt, pé fada gairid go dtiocfaḋ sé, agus do ṫuig gaċ fear i n' aigne ná raiḃ a ṫuille saoġail uaiḋ. Bás a ḋ'ḟáġail an lá san, ar son Gaeḋal Éirean agus ar son Ċreidiṁ Ċríost, tar éis an éirliġ ba ṁó a ḋ'ḟéadfaḋ sé do ḋéanaṁ ar an naṁaid iasaċta, air sin iseaḋ ḃí aigne gaċ fir socair. Níor ċuiṁniġ aoinne ar cad a ḋéanfaḋ sé ná ar conus a ṁairfeaḋ sé dá dtagaḋ sé saor ó'n gcaṫ agus an buaḋ ag Gaeḋlaiḃ. Níor ḃeag, dar le gaċ duine, ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ air sin nuair a ḃéaḋ san aṁlaiḋ.

Ḃí aigne na ḃfear socair ar an gcuma san ní h-aṁáin i gcualaċt an Árdríġ, ar an gcuaird, aċ fós i dteiġlaċ gaċ ríġ cúige n-ar ċaiṫ an t-Árdríġ raint laeṫanta ann, agus ins na daingeanaiḃ a ḃí curṫa suas ag an Árdríġ, agus ins gaċ aon ḃall 'n-ar ċuaiḋ caint na ḃfear san agus a n-anál fé'n bpoibiliḋeaċt. Ḃí aigne a mban ċóṁ socair air sin agus ḃí aigne na ḃfear. Nuair a ṫiocfaḋ an lá ní ḟanfaidís sa ḃaile i ndiaiġ na ḃfear. Do raiġdís isteaċ sa ċaṫ agus do ṫaḃarfaidís gaċ congnaṁ dos na fearaiḃ, agus dá mbéaḋ buaḋ ag an naṁaid iasaċta ní ḃéaḋ aon ḃean acu beó i n-Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa. Ġeóḃdís bás i dteannta na ḃfear. Agus dá mbéaḋ aon ḟear ċóṁ meaṫta san agus go dtaraingeóċ' sé siar ó ḟód a ḃáis, do ṡeasóċ' bean ar an ḃfód san agus ṫaḃarfaḋ sí aġaiḋ ar an naṁaid [ 215 ]agus do ġlacfaḋ sí an bás a ṡeaċain seisean. Sin mar a laḃraidís, pé rud a ḋéanfaidís. Ḃí cuid acu, agus níor ċuid ḃeag é, do ḋéanfaḋ an gníoṁ ċóṁ dána díreaċ agus ḋéanfaḋ aon duine des na fearaiḃ é. Ḋéanfaḋ Niaṁ é, bíoḋ ná dúḃairt sí go ndéanfaḋ.

Dá mbéaḋ ḟios ag an muintir a ḃí le teaċt, agus a ḃí ag socaruġaḋ ar a mná agus a gclann a ṫaḃairt leó ċun cur fúṫa i n-Éirinn, dá mbéaḋ ḟios acu go raiḃ an saġas san aigne ag fás agus ag neartuġaḋ agus ag aibiuġaḋ i n-Éirinn 'n-a gcóir, b'ḟéidir go dtiocfaidís ar aṫaruġaḋ aigne agus go ḃfanfaidís ṫall. Aċ ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu. Ḃí daoine i n-Éirinn a ḃí coitċianta ag cur tuairisgí anonn ag triall orṫa, aċ níor innseadar dóiḃ go raiḃ a leiṫéid siúd de ḋásaċt croíḋe 'n-a gcóir. B'ḟéidir nár ṫuigeadar féin go raiḃ, agus b'ḟéidir gur ċuma leó aċ ḃeiṫ ag séideaḋ fé 'n muintir ṫall, i dtreó go dtiocfaidís, pé rud a ṫiocfaḋ as, ṫall ná aḃus. Gormḟlaiṫ agus Aṁlaoiḃ macánta agus Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, a ḃí 'ġá ḋéanaṁ san. Ḃéaḋ Maolmórḋa, ríġ Laiġean, dríṫáir Ġormḟlaiṫ, 'ġá ḋéanaṁ leó, aċ, dar leis an dtriúr eile, leaṫ-amadán ab eaḋ é, agus níor ḃ' aon iontaoiḃ é ċun aon ġnó ċontaḃarṫaċ a ṫaḃairt le déanaṁ dó.

Do críoċnuiġeaḋ an ċuaird.

Ṫáinig Brian agus a ċualaċt aḃaile go Ceann Cora. Ḃí lán a ċroíḋe d' áṫas ar gaċ aoinne; an ṁuintir a ḃí sa ḃaile ag cur gaċ aon tsaġas tuairisgí ar an muintir a ṫáinig, agus an ṁuintir a ṫáinig ag cur gaċ aon tsaġas tuairisgí ar an muintir a ḃí sa ḃaile. Nuair a ḃí na ceisteana go léir curṫa, freagarṫa, ar gaċ taoḃ, agus na tuairisgí go léir taḃarṫa, ṫusnuiġ ceist ag ġaḃáil tímpal i dtaoḃ an stíoḃaird nua a ḃí tagaiṫe ann ċun ḃeiṫ ag feuċaint i ndiaiġ an ḃíḋ agus i ndiaiġ na ndaoine a ḃéaḋ breóite, dá ba rud é go mbéaḋ a leiṫéidí ann. [ 216 ]“Cé h-é sin?”

“Cad as é?”

“Cad a ṫug anso é?”

“Cé 'ro díoḃ é?”

Do freagraḋ na ceisteanna fé mar a féadaḋ teaċt orṫa agus fé mar a ḃí eólus ag an muintir n-ar cuireaḋ ċúċa iad. Ansan do ċuaiḋ gaċ aoinne isteaċ i n'áit féin, ag déanaṁ a ġnóṫa féin, agus ċuaiḋ gaċ aon rud ċun suaiṁnis, gnó an ríġṫeiġlaiġ d'á ḋéanaṁ go cruinn agus go slaċtṁar mar ba ġnáṫ, na ríġṫe agus na h-uaisle, na sagairt agus na h-easboig, ag teaċt gaċ aon lá ċun cainte ḋéanaṁ leis an Árdríġ, agus an t-uaṫḃás bíḋ agus díġe, an t-uaṫbás aráin agus ime agus fíona agus feóla, d'á ċaiṫeaṁ gaċ aon lá sa ríġṫeiġlaċ, mar ba ġnáṫ.

Cúpla lá tar éis Ḃriain a ṫeaċt aḃaile do ṡocaruiġ Taḋg Mór ua Cealla ar ḋul aḃaile go h-Uíḃ Máine. Ḃí Brian, i gcaiṫeaṁ na cuairde, tar éis a ċur ar a súiliḃ dos na ríġṫiḃ go léir agus do ṫaoiseaċaiḃ na slóġ, nár ḃ' ḟios caṫin a ṫiocfaḋ an naṁaid, agus nár ḃ'ḟoláir do gaċ ríġ cúige agus do gaċ taoiseaċ airm agus do gaċ fear cinn riain, agus do'n uile ḋuine a ḃí i n-aon ċor ábalta ar arm do láiṁsiáil, ḃeiṫ ollaṁ, ċóṁ luaṫ agus ġeóḃdís an focal, ċun aġaiḋ a ṫaḃairt ar an naṁaid pé áit 'n-a dtaisbeánfaidís iad féin. Níor ḃ'ḟoláir do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla, níḋ nár ḃ' iongnaḋ, dul siar go h-Uíḃ Máine agus a ṁuintir féin do ġleusaḋ agus d'ollaṁuġaḋ, agus a ċur ar a súiliḃ dóiḃ nár ṁór dóiḃ ḃeiṫ ollaṁ, ċóṁ maiṫ le cáċ, ċun aġaiḋ a ṫaḃairt ar an naṁaid ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ an ġlaoiḋ.

Ḃí Taḋg Óg ua Cealla ṫiar ċeana, ag déanaṁ na h-oibre sin, agus ba ṁaiṫ ċuige é, aċ má ḃí féin, agus má ba ṁaiṫ féin, do ṫuig an t-aṫair nár ḃ' alaiḋ ḋó féin gan dul siar, leis, agus ḃeiṫ ag feuċaint i ndiaiġ na h-oibre. Ḃí gaċ [ 217 ]ríġ cúige i n-Éirinn, go mór mór na ríġṫe a ḃí dílis do Ḃrian, ag gleusaḋ a neart féin, fé n-a súiliḃ féin, agus é daingean i n-aigne gaċ ríġ acu gur ḃ'é fód an ċaṫa, pé áit 'n-a raiḃ an fód san, fód a ḃáis. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ċóṁ dílis do Ḃrian le h-aon ríġ cúige acu, agus ḃí an rud eile ċóṁ daingean i n-aigne Ṫaiḋg agus ḃí sé i n-aigne aoinne acu. Níor ḃ'ḟéidir do gan dul siar.

Agus níor ḃ'ḟéidir do Niaṁ gan dul siar i n-aonḟeaċt leis.

Is ar Ṫaḋg Óg a ḃí an t-áṫas nuair a ċonaic sé ċuige iad.

“Ó! a Niaṁ,” ar seisean, “is áluinn a ḋ' ḟeuċan tú! Ḋein an ċuaird sin ana ṫairḃṫe ḋuit. Tá do ġnaoí agus do ḋá ṡúil féin airís agat.”

Ṫug Niaṁ gaċ aon ċúntas dó ar an gcuaird, agus ar na tuairisgíḃ agus ar na ráflaíḃ a ḃí ag gluaiseaċt ins gaċ aon ḃall i dtaoḃ na naṁad iasaċta a ḃí ag teaċt go h-Éirinn ċun clanna Gaeḋal do ḋísgiuġaḋ agus seilḃ na tíre do ṫógaint dóiḃ féin. D'inis sí ḋó go cruinn an obair a ḃí déanta ag Brian ċun neart na nGaeḋal do ġleusaḋ i gcóir an ċogaiḋ ṁóir a ḃí ag teaċt, agus conus mar a ḃí fir Éirean socair 'n-a aigne ar ḃás a ḋ'ḟágail sa ċogaḋ san nuair a ṫiocfaḋ sé, nó ar ḃás a ṫaḃairt do'n naṁaid.

Ṫug sí ḋó go cruinn agus go mion tuairisg agus cúntas ar gaċ níḋ d'ár ṫuit amaċ ins gaċ aon áit 'n-ar ġaḃdar i gcaiṫeaṁ na cuairde. Agus d'inis sí ḋó go raiḃ Maol- mórḋa, ríġ Laiġean, ag teaċt go Ceann Cora i n- aċmaireaċt, ag taḃairt na gcrann leis i gcóir na loingeas a ḃí le déanaṁ ar linn Luimniġe.

“Siné anois agat, a Ṫaiḋg,” ar sise, “an sgéal go léir, ó'n lá ḟágamair an áit seo go dtí an lá a ṫánamair ṫar n-ais ann.”