Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/219

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
215
NIAṀ

agus do ġlacfaḋ sí an bás a ṡeaċain seisean. Sin mar a laḃraidís, pé rud a ḋéanfaidís. Ḃí cuid acu, agus níor ċuid ḃeag é, do ḋéanfaḋ an gníoṁ ċóṁ dána díreaċ agus ḋéanfaḋ aon duine des na fearaiḃ é. Ḋéanfaḋ Niaṁ é, bíoḋ ná dúḃairt sí go ndéanfaḋ.

Dá mbéaḋ ḟios ag an muintir a ḃí le teaċt, agus a ḃí ag socaruġaḋ ar a mná agus a gclann a ṫaḃairt leó ċun cur fúṫa i n-Éirinn, dá mbéaḋ ḟios acu go raiḃ an saġas san aigne ag fás agus ag neartuġaḋ agus ag aibiuġaḋ i n-Éirinn 'n-a gcóir, b'ḟéidir go dtiocfaidís ar aṫaruġaḋ aigne agus go ḃfanfaidís ṫall. Aċ ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios acu. Ḃí daoine i n-Éirinn a ḃí coitċianta ag cur tuairisgí anonn ag triall orṫa, aċ níor innseadar dóiḃ go raiḃ a leiṫéid siúd de ḋásaċt croíḋe 'n-a gcóir. B'ḟéidir nár ṫuigeadar féin go raiḃ, agus b'ḟéidir gur ċuma leó aċ ḃeiṫ ag séideaḋ fé 'n muintir ṫall, i dtreó go dtiocfaidís, pé rud a ṫiocfaḋ as, ṫall ná aḃus. Gormḟlaiṫ agus Aṁlaoiḃ macánta agus Sitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, a ḃí 'ġá ḋéanaṁ san. Ḃéaḋ Maolmórḋa, ríġ Laiġean, dríṫáir Ġormḟlaiṫ, 'ġá ḋéanaṁ leó, aċ, dar leis an dtriúr eile, leaṫ-amadán ab eaḋ é, agus níor ḃ' aon iontaoiḃ é ċun aon ġnó ċontaḃarṫaċ a ṫaḃairt le déanaṁ dó.

Do críoċnuiġeaḋ an ċuaird.

Ṫáinig Brian agus a ċualaċt aḃaile go Ceann Cora. Ḃí lán a ċroíḋe d' áṫas ar gaċ aoinne; an ṁuintir a ḃí sa ḃaile ag cur gaċ aon tsaġas tuairisgí ar an muintir a ṫáinig, agus an ṁuintir a ṫáinig ag cur gaċ aon tsaġas tuairisgí ar an muintir a ḃí sa ḃaile. Nuair a ḃí na ceisteana go léir curṫa, freagarṫa, ar gaċ taoḃ, agus na tuairisgí go léir taḃarṫa, ṫusnuiġ ceist ag ġaḃáil tímpal i dtaoḃ an stíoḃaird nua a ḃí tagaiṫe ann ċun ḃeiṫ ag feuċaint i ndiaiġ an ḃíḋ agus i ndiaiġ na ndaoine a ḃéaḋ breóite, dá ba rud é go mbéaḋ a leiṫéidí ann.