Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/216

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
212
NIAṀ

aigne Ḃriain agus ar aigne luċt cóṁairle Ḃriain iseaḋ ba ḋéine a ḋeineadar an uile ṡaġas díċil, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, ar neart na h-Éirean do ġleusaḋ agus do ċur i dtreó, ins gaċ aon ḃall, ins na daingeanaiḃ a ḃí curṫa suas ag Brian, agus i dteiġlaċaiḃ na ríġṫe agus na n-uasal a ḃí dílis do Ḃrian, ionus, nuair a tiocfaḋ na geinte iasaċta, go ḃfaiġdís an tseilḃ, — aċ gur fé'n ḃfód a ġeóḃdís an tseilḃ.



CAIBIDIOL XVII.

FÓD AN ḂÁIS DO ṠEASAṀ.

Nuair airiġ an ċuid eile de ċualaċt Ḃriain Lonán a ḃeiṫ i gCeann Cora agus an gnó a ḃí aige 'á ḋéanaṁ ann, ḃí iongnaḋ orṫa agus ḃíodar ag cíoraḋ an sgéil go tiuġ. Ḃídís 'á ḟiafraíġe cé r' ḃ'é; cá dtáinig sé; conus a fuair sé eólus ann; cé ba ḃun leis an bpost san a ṫaḃairt i n-aon ċor dó; agus ceisteanna de'n tsórd san. Ansan do ṫáinig amaċ gur ḃ' árd liaġ é, agus gur ṫug sé teistiméir- eaċtaí móra leis ag triall ar an Árdrígan, agus gur ṫug an Árdrígan an post dó i dtreó go mbéaḋ liaġ ċóṁ mór san eólus agus ċóṁ mor san tuisgint sa ríġṫeiġlaċ i gcóṁnuiġe, ċun feuċaint i ndiaiġ bíḋ an ríġṫeiġlaiġ i dtreó go mbéaḋ an bia foláin i gcóṁnuiġe, agus ċun feuċaint i ndiaiġ sláinte na ndaoine sa ríġṫeiġlaċ, leis. I ríġṫeiġlaċ n-a raiḃ oiread san daoine ann nár ḃ' ḟios cad é an neómat, sa lá nó sa n-oíḋċe, do ṫiocfaḋ taom oban ar ḋuine éigin de ṁuintir an ríġṫeiġlaiġ, agus ansan dá mba ná béaḋ liaġ maiṫ sa n-áit go mb' ḟéidir go ḃfaġaḋ an