Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/215

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
211
NIAṀ

dtreó, nuair a ṫiocfaidís aḃaile, go mbéaḋ a lán le h-innsint acu, a lán a ḃainfeaḋ gáirí agus sult amaċ, agus a lán a ċuirfeaḋ daoine ag déanaṁ iongnaḋ des na rudaí a neósfaí ḋóiḃ.

Ṫagaḋ teaċtairí aḃaile coitċianta ó'n áit 'n-a mbíoḋ an t-Árdríġ agus a ċualaċt, agus d'innseaḋ na teaċtairí conus a ḃíoḋ gaċ aoinne agus gaċ aon rud. Ansan do ḃeireaḋ na teaċtairí leó ṫar n-ais, ag triall ar an Árdríġ agus ar a ċualaċt, cúntas cruinn ar conus a ḃíoḋ gaċ aoinne agus gaċ aon rud sa ḃaile.

Ní raiḃ Lonán aḃfad socair 'n-a ṗost i gCeann Cora nuair a ḃí a ḟios go cruinn ag Murċaḋ agus ag Brian agus ag an gcualaċt go léir go raiḃ sé ann. Nuair a h-innseaḋ an sgéal i láṫair Ṁurċaḋ níor laḃair sé focal. Ní dúḃairt sé olc ná maiṫ leis an sgéal. Nuair a h-innseaḋ i láṫair Ḃriain é níor ḋóiċ le duine gur airiġ sé i n-aon ċor é, mar níor ċuir sé suim ar biṫ ann. Ní h-air, ná ar neiṫiḃ d'á ṡórd, a ḃí sé ag cuiṁneaṁ. Ḃí sé ag cuiṁneaṁ ar na tuairisgíḃ a ḃí ag teaċt ċuige i n-aġaiḋ an lae, agus uaireanta go minic sa ló, tuairisgí ó ċríċ Loċlan anoir, agus ó ċríċ na h-Ioruaiḋe, agus ó Ínsíḃ Orc, agus ó áiteanaiḃ ná raiḃ ċóṁ fada ó ḃaile, agus gan ins na tuairisgíḃ go léir aċ fuadar agus ollṁúċán, fuadar agus ollṁúċán, ċun cogaiḋ, agus gan fios ró ċruinn ag aoinne ar cá raiḃ an cogaḋ le ḃeiṫ. Ḃí a ḟios ag Brian agus ag Murċaḋ, agus ag an gcuid eile de luċt cóṁairle Ḃriain, cad é bríġ a ḃí leis an ollṁúċán agus leis an ḃfuadar. Ḃí ḟios acu go raiḃ geinte Loċlan go léir, agus a luċt caḃarṫa agus conganta agus cóṁluadair, 'ġá ngleusaḋ féin agus 'ġá gcóruġaḋ féin agus ag cruinniuġaḋ a neart ċun aon iaraċt aṁáin eile, ḃáis agus ḃeaṫa, do ḋéanaṁ ar oileán na h-Éirean do ṡealḃuġaḋ ḋóiḃ féin agus d'á slioċt. D'á ḋaingine a ċuaiḋ an méid sin 'n-a luíġe ar