Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/214

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
210
NIAṀ

Ḃí Lonán ag déanaṁ na h-oibre sin agus ag déanaṁ na h-oibre go maiṫ, agus ḃí an aimsir ag gluaiseaċt agus gaċ aoinne ag cóiṁreaṁ na laeṫanta agus ag breiṫniuġaḋ na h-aimsire 'n-ar ḋóiċ leó a ḃéaḋ an t-Árdríġ agus a ċualaċt ag teaċt aḃaile. Ḃí uaigneas mór sa teiġlaċ i ndiaiġ na ndaoine a ḃí amuiċ, agus b'é b'ḟada le gaċ aoinne go raḃdar ag teaċt aḃaile. Ḃítí ag tráċt go minic ar Niaṁ agus ar a h-aṫair agus ar Ċaoilte agus ar Ċonn. Agus do cuiṁniġtí ar an rás agus ar an ḃfeirg a ḃí ar Ċonn. Agus ar conus mar adúḃairt Brian leis ciall a ḃeiṫ aige. Do cuiṁniġtí ar Ṁurcaḋ agus ar Ḋúlainn, agus ar an ngarsún óg, mac Ṁurċaḋ, a ḋeineaḋ, a deirtí, gníoṁarṫa nár ḃ'é gaċ fear a ḋ' ḟéadfaḋ iad a ḋéanaṁ, agus go mbíoḋ daoine 'ġá ráḋ, nuair a ḃéaḋ sé deiċ mbliana fiċid go mbéaḋ sé ċóṁ láidir le beirt de ṡaġas Ṁurċaḋ an lá b'ḟearr a ḃí Murċaḋ riaṁ. Do cuiṁniġtí orṫa go léir ar an gcuma san, agus b'é b'ḟada le gaċ aoinne go mbéidís ag teaċt aḃaile, mar, nuair a ṫiocfaidís, ní ḃéaḋ aon rud sa teiġlaċ, ar feaḋ aḃfad, aċ spórt agus gleó agus pléisiúr agus caiṫeaṁ aimsire, rince agus ceól agus ól agus imirt, agus an uile ṡaġas aoiḃnis.

Ar an gcuma gcéadna iseaḋ ḃíoḋ an sgéal ag an muintir a ḃí amuiċ. Ḃídís ag feuċaint rómpa amaċ ċun an lae 'n-a mbéaḋ an ċuaird críoċnuiġṫe agus iad go léir ag teaċt aḃaile go Ceann Cora in-aonḟeaċt leis an Árdríġ, agus a gcáirde sa ḃaile ag cur na mílte fáilte rómpa, agus ag cur an uile ṡaġas ceisteana ċúċa i dtaoḃ an ċuma 'n-ar ċaiṫeadar an aimsir an ḟaid a ḃíodar amuiċ agus i dtaoḃ na ndaoine a ḃuail úmpa ins na críoċaiḃ iasaċta, an raḃdar fial fáilteaċ, nó an raḃdar go doṫíġeasaċ. I gcaiṫeaṁ na cuairde ḃídís a d'iaraiḋ cúntas cruinn a ċoimeád ar gaċ níḋ agus ar gaċ aicme daoine, agus go mór mór ar gaċ aon sgéal sultṁar a ḃuaileaḋ úmpa, i