Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/217

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
213
NIAṀ

duine bás sar a mbéaḋ doċtúir tagaiṫe ó áit eile, dá mbéaḋ ar an ndoċtúir teaċt aḃfad.

“Cá dúḃairt Niaṁ, agus a h-aṫair, agus Murċaḋ, leis an ngnó?” a déarfaiḋ duine éigin, b'ḟéidir.

Pé rud adúbradar leis an ngnó is eatarṫa féin adúḃradar é. Níor leigeadar aon ḟocal dé amaċ ameasg na cod' eile de'n ċualaċt. Ḃíodar 'á ċíoraḋ agus 'á ḃreiṫniuġaḋ eatarṫa féin, áṁṫaċ, ċóṁ dian, ní h-eaḋ aċ níba ḋéine go mór, 'ná mar a ḃí an ṁuintir a laḃair 'ġá ċíoraḋ agus 'á ḃreiṫniuġaḋ. Ċífear ar ball cad é an breiṫniuġaḋ a ḃí ag Niaṁ agus agá h-aṫair agus ag Murċaḋ 'á ḋéanaṁ ar an sgéal, agus cad é an ċúis a ḃí acu leis an sgéal a ḃreiṫniuġaḋ go dlúṫ.

Pé breiṫniuġaḋ a ḃí ag Niaṁ ná agá h-aṫair ná ag Murċaḋ, ná ag aoinne eile de ċualaċt Ḃriain 'á ḋéanaṁ, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, ar an sgéal san, ná ar aon sgéal eile d'á ṡórd a ṫáinig ċúċa ó Ċeann Cora, ḃí aon ḃreiṫniuġaḋ aṁáin acu go léir 'á ḋéanaṁ ar na sgéalta a ḃí ag teaċt ċúċa anoir agus adtuaiḋ, agus anoir-adtuaiḋ, ó'n uile áird de'n dóṁan Loċlanaċ. Ḃí na sgéalta san ag teaċt coitċianta, agus fé mar a ḃí an aimsir ag imṫeaċt ḃíodar ag teaċt níba ṫiúġa. Isé breiṫniuġaḋ a ḃí ag cualaċt Ḃriain 'á ḋéanaṁ 'ná so: nuair a ṫiocfaḋ na slóiġte a ḃí ċun teaċt, nuair a ṫiocfaḋ toraḋ ar an dtórmaċ go léir, nuair a ṫiocfaḋ an cogaḋ a ḃí geallta, nár ḃ' ḟoláir dó ḃeiṫ 'n-a ċogaḋ ḃáis do ṫaoḃ éigin, do Ġaeḋlaiḃ Éirean nó dos na geintiḃ a ḃí ag teaċt. Ṫuig gaċ aoinne, agus dúḃairt gaċ aoinne le n-a ċóṁarsain agus le n-a ċomrádaiḋe é, i gcaiṫeaṁ na cuairde sin, go raiḃ ceangailte ar gaċ aon ḟear de ṡlioċt Gaeḋal gan ḃeiṫ beó i ndiaiġ an cogaiḋ sin dá mb' ag na geintiḃ a ḃéaḋ an buaḋ sa ċogaḋ. Dúḃairt gaċ fear le gaċ fear eile, “Beiḋ buaḋ ag Gaeḋlaiḃ nó ní ḃéad-sa beó! Ní'l orm aċ bás d'ḟáġail